‘Shipping up to Boston’ – 30 bliain Carna-Caiseal le ceiliúradh i Meiriceá

Tá cumann CLG Charna-Caiseal 30 bliain ar an bhfód i mbliana agus tá turas chuig Bostún pleanáilte acu mar chuid den cheiliúradh

‘Shipping up to Boston’ – 30 bliain Carna-Caiseal le ceiliúradh i Meiriceá

Déanfaidh cumann Gaeltachta ceiliúradh ar leith ar a bhreithlá i mbliana agus é beartaithe ag Carna-Caiseal ócáid speisialta a bheith acu i mBostún ag deireadh na bliana.

Beidh cumann Chonamara 30 bliain ar an bhfód i mbliana agus déanfaidh siad an ócáid sin a cheiliúradh ar an taobh eile den Atlantach mí na Samhna seo chugainn.

Amhail ceantair tuaithe ar fud na tíre, tá Carna agus An Caiseal fágtha ag na mílte duine thar na blianta agus aghaidh tugtha ar shaol nua acu i Meiriceá.

Agus ceiliúradh á bheartú acu i mbliana, shocraigh cathaoirleach an chumainn I gConamara, Éamonn Ó Cualáin, agus ag an gcoiste go mbeadh an pobal sin thar sáile páirteach san ócáid agus socraíodh go gcaithfí sé lá, idir 31 Deireadh Fómhair agus 6 Samhain, thall ina measc.

“Tá an oiread sin daoine as Carna agus an ceantar s’againne thall ann, bhí muid ag iarraidh iad a thabhairt isteach sa gceiliúradh. D’aontaigh muid dul sall go Bostún agus tá cuireadh tugtha againn don phobal uile, pobal Charna agus an Chaisil teacht linn ar an turas.”

Tráthúil go leor, is é buaicphointe an turais ná cluiche dúshláin in aghaidh Connemara Gaels agus dinnéar ceiliúrtha ina dhiaidh ar an Satharn, 4 Samhain. Ar ndóigh, tá nasc láidir ann idir na foirne agus d’imir na scórtha imreoirí as Carna-Caiseal do na Gaeil.

Beidh neart eile le déanamh ar an turas sé lá, a deir Ó Cualáin, agus tá ócáidí eile, ceann a mbeidh baint ag méara Bhostúin, leis, le deimhniú fós.

“Tá muid ag iarraidh, b’fhéidir, cluiche eile a eagrú agus turas a eagrú isteach chomh fada le City Hall chun bualadh leis an Méara Marty Walsh, arb as Carna a athair, ach tá siad sin uile le socrú fós.”

Cé nár fógraíodh an turas ach le seachtain anuas, deir Ó Cualáin go bhfuil na heitiltí agus an t-óstán curtha in áirithe ag os cionn 20 duine cheana féin.

“Tá suas le 22 duine deimhnithe cheana féin agus bheadh súil againn go mbeidh thart ar 40 nó trí scór ar fad ag dul sall. Tá imreoirí againn i Londain agus ar fud na hÉireann a bhfuil súil againn go mbeidh siad ag teacht linn chomh maith,” a deir Ó Cualáin. “Bheadh muid ag súil leis an oiread céanna thall, agus tuilleadh.“

Is féidir an t-eolas uilig faoin na heitiltí agus an lóistín don turas a fháil ar shuíomh Facebook Charna-Caiseal. (https://www.facebook.com/CarnaCaiseal/)

Fág freagra ar '‘Shipping up to Boston’ – 30 bliain Carna-Caiseal le ceiliúradh i Meiriceá'