Seoda na n-óg – na leabhair Ghaeilge is fearr a foilsíodh do dhaoine óga in 2016

Bliain rathúil a bhí inti do litríocht na Gaeilge do dhaoine óga i mbliana. Foilsíodh scoth na leabhar nuachumtha agus aistríodh mórshaothair litríochta don aos óg go Gaeilge

Seoda na n-óg – na leabhair Ghaeilge is fearr a foilsíodh do dhaoine óga in 2016

Babaí Beag (An Gúm)

Leabhair iad seo atá dírithe ar naíonáin 0-2 bliain. Is minic a théann tuismitheoirí gaelacha i muinín na leabhar Béarla agus an aistriúcháin chomhuainigh ag an staid seo d’fhorbairt an linbh mar gheall ar ghanntanas den saghas seo leabhair. Tá leigheas de bheagán ar an scéal anois le teacht Bhabaí Beag. Dhá leabhar atá sa tsraith, iad lán de phictiúir shimplí a chuireann in iúl an chodarsnacht idir na dathanna is túisce a aithníonn an naíonán. Leabhair bheaga, chrua atá oiriúnach do lámha beaga bídeacha.

Macán (Leabhar Breac)

Tá sé tagtha faoi dheireadh, a thuismitheoirí gaelacha! Caith uait Everyone Poops agus déan dearmad ar Pirate Pete agus Princess Polly mar seo chugainn ‘Macán ar an bPota’. Sraith eile atá ag teacht i dtír ar an nganntanas sin sa mhargadh atá luaite cheana agam, cé go bhfuil na leabhair seo níos téagartha ó thaobh ábhair de.

Ná gabh ar scoil (Máire Zepf, Futa Fata)

Scéal thar a bheith simplí ach scéal a thuigeann formhór mór de thuismitheoirí na linne seo. Sea, ní hiad na páistí is mó a bhíonn ag éagaoin na laethanta seo agus iad ag tabhairt aghaidh ar a gcéad lá ar scoil, ach a gcuid tuismitheoirí. Plé ar an bhfadhb nua-aimseartha seo atá i leabhar Maria Zepf. Deis againn bheith ag gáirí fúinn féin agus sinn ag léamh do na páistí. Nach deas é?

An Seisear Salach (An Gúm)

Aistriúchán atá sa dá leabhar seo ar chuid den tsraith chlúiteach The Garbage Gang leis an údar Thomas Kingsley Troupe. Úsáideann an t-údar cartúin leis na scéalta a chur in iúl ar bhealach spraíúil ach údarásach. Más tuismitheoir tú a léann scéalta le do chuid páistí mholfainn an dá leabhar seo go hard. Mura mbeadh ann ach na focail ‘cac’ agus ‘broimneach’ a rá os comhair na bpáistí – beidh siad lag ag gáirí! Meallann a leithéid de leabhair na léitheoirí drogallacha agus léiríonn sé do pháistí go mbíonn spraoi agus taitneamh ag baint leis an léitheoireacht. Tá go leor eolais sna leabhair seo faoin eolaíocht agus faoin nádúr agus is deas go bhfuil ábhar nua-aimseartha, spleodrach ar fáil i nGaeilge. 

Ruaille Buaille (Coimicí Gael)

Cé gur iris í seo i ndáiríre, ba mhór an feall gan í a áireamh i measc leabhair na bliana. Saothar ealaíne é seo, bailiúchán de chartúin nuachumtha i stíl an ghreannáin nó ‘coimic’. Leabhar é seo a d’oirfeadh don iliomad saghas Gaeilgeora – an cainteoir óg dúchais, an léitheoir óg drogallach, an t-ealaíontóir, an foghlaimeoir óg nó aosta.

Clasaicí Beaga Bídeacha (Leabhar Breac)

Cabhair ó Dhia chugainn na clasaicí beaga seo agus teacht ag leanaí Gaelacha anois ar shaothar Shakespeare, Homer, Shelley agus a leithéid. Go deimhin táim cinnte go bhfuil an corrdhuine fásta Gaelach fíorshásta chomh maith go bhfuil teacht acu faoi dheireadh ar leagan soléite (cuma cén teanga) den Odaisé!

Dónall Dána (Cló Iar-Chonnacht)

Tá an t-aistriúchán chomh cumasach sna leabhair seo go mba dhóigh leat ar uairibh gur saothar nua as an bpíosa é. Saothar dar liom atá chomh cinniúnach céanna do litríocht na Gaeilge is a bhí aon saothar mór le rá eile – Cré na Cille ina measc. Saothar réabhlóideach, mar sin, atá aistrithe go canúnach, rud a spreagfaidh muinín i gcainteoirí óga dúchais as a dteanga féin agus a chuirfidh an teanga bheo faoi bhráid lucht foghlamtha na Gaeilge. Cothóidh an cur chuige aistriúcháin seo pobal bríomhar léitheoireachta agus daoibhse atá fós ag gáirí faoin gcomparáid atá déanta agam le Cré na Cille, bhuel seo an pobal léitheoireachta céanna a chaithfear a bheathú le go mbeidh siad in ann dul i ngleic leis an leabhar úd amach anseo. Fiú mura ndéanfá ach súil a chaitheamh ar ainmneacha na gcarachtar – Peigí Pusach, Róisín Raicleach, Peaidí Beadaí, Gearóid na nGoiríní, Eithne Éisealach, Tomás Taghdach – bheadh do sháith seachtaine agat den saibhreas teanga agus bheadh bunoiliúint ort le dul i ngleic le carachtair an Chadhanaigh – Jeaic na Scolóige nó Máirtín Crosach. Anois, nár bhreá é dá dtiocfadh Dónall Dalba Thír Chonaill nó Cárthach Ciotrúnta na Mumhan ar an saol in 2017!

Dialann Dúradáin (Futa Fata)

Cé nach í seo an áit chun a bheith ag díospóireacht faoi na suáilcí agus duáilcí a bhaineann le saothar nuachumtha agus aistriúcháin, níl aon dabht ach go bhfuil sé cruthaithe ag an Dialann Dúradáin go bhfuil tábhacht ag baint le mórshaothair dhomhanda a aistriú go Gaeilge. Baoite atá ina leithéid seo de leabhair le léitheoirí óga a mhealladh, fiú na léitheoirí is drogallaí. Tá Gaeilge shaibhir, dhúchasach inti, cé nach bhfuil béim chomh láidir sin ar an gcanúnachas is atá i nDónall Dána. Creidim go bhfuil aistritheoir an leabhair seo ag obair ar shaothar David Walliams faoi láthair – seod eile cinnte.

Hata Zú Mhamó (Áine Ní Ghlinn, Cois Life)

D’fhéadfaí a rá gur bhliain mhór na n-aistriúchán a bhí in 2016 ó thaobh leabhair Ghaeilge na n-óg de agus a rian sin ar an liosta seo. Cé gur aistriúcháin den gcéad scoth atá iontu, ní bhuailfeadh dada an bunsaothar Gaeilge. Tá fonn orm Grandpa’s Great Escape na Gaeilge a thabhairt ar an leabhar gleoite seo, cé nár cheart comparáid dá leithéid a dhéanamh. Leabhar atá dea-scríofa, spraíúil ach tuisceanach. Is mór an chabhair a leithéid de leabhair do dhaoine óga atá ag iarraidh an tsifil nó an galar uafásach sin Alzheimers a thuiscint, galar atá ag éirí níos coitianta i measc a gcuid seantuismitheoirí na laethanta seo, faraor.

Danny Seaimpín an Domhain (Leabhar Breac)

Leabhar níos dúshlánaí don léitheoir óg é seo, ach ní drochrud é sin. Caithfear freastal ar na haoisghrúpaí ar fad le litríocht na n-óg. Beidh Danny ag fanacht go foighneach le glúin Bhabaí Beag, Dhónaill Dhána agus Dhialann Dúradáin nuair a thagann siad in inmhe. Seans gurb í ‘an chanúint’ buzz-fhocal na bliana seo ó thaobh leabhar Gaeilge na n-óg de agus dea-scéala anseo do léitheoirí óga ó dheas mar go bhfuil blas láidir Muimhneach ag Danny. Ó thuaidh ambaiste!

 

Tuilleadh eolais:

Babaí Beag: Dhá leabhar sa tsraith – Focail agus Ainmhithe
Macán: 3 leabhar sa tsraith – Macán ar an bPota, Macán ag Ithe a Dhinnéir agus Macán san Oíche Dhorcha
An Seisear Salach: Dhá leabhar sa tsraith – An gCacann Beacha agus Cén Fáth a mBím ag Broimneach?
Ruaille Buaille: Imleabhar a dó atá i gceist.
Clasaicí Beag Bídeacha: Sé leabhar sa tsraith – An Odaisé, Don Cíochótae, Camchuairt Ghulivéir, Oileán an Órchiste, Romeo agus Juliet agus Frankenstein
Dónall Dána: Cúig leabhar sa tsraith – Dónall Dána, An Club Rúnda, Sióg na bhFiacla, Míola agus Saibhreas Sciobtha
Dialann Dúradáin: Dhá leabhar sa tsraith – Dialann Dúradáin agus Dialann Dúradáin: Roderick Abú

 

Fág freagra ar 'Seoda na n-óg – na leabhair Ghaeilge is fearr a foilsíodh do dhaoine óga in 2016'

  • Simon Ó Faoláin

    N’fheadfadh éinne le Gaeilge réasúnta mhaith a rá nach bhfuil aistriúcháin de Brún ar an Odaisé so-léite. Clasaic den Ghaeilge isea é. Ní hionainn so-léite agus símplí.