Seirbhísí féinfhreastail Gaeilge á n-éileamh don chéad ollmhargadh Tesco sa Ghaeltacht

Deir Conradh na Gaeilge gur chóir go mbeadh seirbhísí féinfhreastail ar fáil i nGaeilge i siopaí Tesco sa Ghaeltacht, mar atá ar fáil i mBreatnais in áiteanna sa Bhreatain Bheag

Seirbhísí féinfhreastail Gaeilge á n-éileamh don chéad ollmhargadh Tesco sa Ghaeltacht

Tá Conradh na Gaeilge ag moladh go gcuirfí seirbhísí féinfhreastail i nGaeilge ar fáil sa Tesco nua atá beartaithe in Indreabhán, an chéad siopa de chuid an chomhlachta ollmhargaí a bheas lonnaithe sa Ghaeltacht.

Tá deich gcinn d’ollmhargaí Joyces ar fud na Gaillimhe ceannaithe ag Tesco Ireland, ‘Siopa an Phobail’ i nGaeltacht Chonamara ina measc.

I ráiteas a chuir Tesco Ireland ar fáil faoin siopa in Indreabhán, dúradh go n-aithníonn siad go bhfuil ‘Siopa an Phobail’ sa Ghaeltacht agus gur mian leo seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil san ollmhargadh nua.

Táthar ag obair le hÚdarás na Gaeltachta lena chinntiú go mbeifear in ann freastal “mar is ceart ar phobal na Gaeltachta”, a dúradh.

Dheimhnigh Údarás na Gaeltachta le Tuairisc go raibh ionadaí sinsearach as Tesco Ireland i dteagmháil leo faoin siopa nua in Indreabhán, agus comhairle á lorg maidir leis na bealaí a bhféadfadh Tesco tacú le cur chun cinn na Gaeilge san ollmhargadh.

“Beidh cruinniú á shocrú sna seachtainí seo amach romhainn agus deis ansin plé a dhéanamh ar na bealaí gur féidir leis an gcomhlacht tacú leis an nGaeilge agus freastal ar an bpobal Gaeltachta sa siopa atá acu in Indreabhán,” a dúirt urlabhraí ón Údarás.

I measc na mbealaí a bhféadfadh Tesco tacú le cur chun cinn na Gaeilge ina gcuid siopaí sa Ghaeltacht, deir Conradh na Gaeilge gur chóir go mbeadh seirbhísí féinfhreastail ar fáil i nGaeilge, mar atá ar fáil i mBreatnais in áiteanna sa Bhreatain Bheag ina labhraítear an teanga sin.

Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, gur “dea-scéal” atá ann go bhfuil fáilte á cur roimh an bhfoireann atá ag obair i ‘Siopa an Phobail’ in Indreabhán, ar cainteoirí Gaeilge a bhformhór, dul ag obair san ollmhargadh nua.

“Idir an fhoireann, na seirbhísí féinfhreastail agus an chomharthaíocht dhátheangach, tá deis ag Tesco Ireland cur chuige a leagan síos dá gcuid siopaí a bheas ag feidhmiú sa Ghaeltacht le cinntiú go mbeadh siad in ann freastal ar phobal na Gaeltachta.

“Bhí Tesco ceannródaíoch ó thaobh na comharthaíochta Gaeilge de ina gcuid ollmhargaí i gcathair na Gaillimhe agus bheinnse ag súil go bhféadfaidís an cur chuige céanna a bheith acu i dtaca lena gcuid siopaí sa Ghaeltacht,” a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn le Tuairisc.

Tá sé tugtha le fios ag Tesco Ireland go mbeidh Siopa an Phobail in Indreabhán ag dúnadh ag deireadh mhí Lúnasa “ar feadh roinnt seachtainí” chun athchóiriú agus athbhrandáil a dhéanamh ar an ollmhargadh.

Beidh traenáil á cur ar an fhoireann a fhad is atá an obair athchóirithe ar bun, a deir Tesco, agus ní bheidh aon bhriseadh sa phá a íoctar leis na hoibrithe.

Beidh na seirbhísí céanna atá á gcur ar fáil ag Siopa an Phobail ar fáil sa Tesco nua, an tsiopadóireacht ón bhaile agus na pumpaí breosla ina measc.

Fág freagra ar 'Seirbhísí féinfhreastail Gaeilge á n-éileamh don chéad ollmhargadh Tesco sa Ghaeltacht'

  • Eoin

    Nach bhfuil na seirbhísí sin ar fáil cheana féin i gceann de na siopaí Tesco i gcathair na Gaillimhe? Cheapfá go ndéanfadh an Conradh tagairt dó sin, seachas don Bhreatain Bheag.

  • Mac Billing(s) --Dónall Mór

    Comhghairdeachas do ‘TESCO’ agus saol fada agaibh uilig as an obair iontach cruithíoch seo ar son na teanga.

    Labhair í agus mairfidh sí.

    Is mise meas,
    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059

    An Ghaeltacht,
    Príosún Phort Laoise
    Bloc E

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Tarraingeoidh an t-ainm féin na Béarlóirí isteach. Maith iad!

    Féinfhreastal??!! Cad chuige nach bhfuil an tseirbhís sin ar fáil ar achan mheaisín féinfhreastal sa tír?? An é go bhfuilthear ag imeallú na cainteoirí Gaeilge arís – agus an t-am seo tá sé ag tarlú sa Ghaeltacht féin (ach chan sin scéal úr ar bith na laethaibh seo) – ‘níl seirbhís trí Ghaeilge ar fáil ag an cuntar seo ach tá meaisín thall sa choirnéal ansin duit’…

    Nach bhfuil siopaí ag Tesco i dtíortha eile san Eoraip? Caidé’n teanga a úsáideann siad iontu sin agus an bhfuil dualgas ar achan oibrí cumas labhartha agus scríofa teanga na tíre sin bheith acu?

    Cinnte tá iarracht déanta le cúpla comhartha dátheangach sna siopaí in Éirinn (níos fearr ná Supervalu, Centra agus Dunnes Stores!!) ach níl cuntar le seirbhís trí Ghaeilge ar fáil áit ar bith, níl admhálacha i nGaeilg ar fáil, níl fógraí i nGaeilg ar an callaire, níl póstaeirí i nGaeilg ar fud an siopa, níl Gaeilg ar bith ar na seilfeanna agus níl faic Gaeilg ar na hearraí/táirgí féinbhranda a dhíolann siad. Leoga, níl aitheantas ar bith á thabhairt don Ghaeilg ar earraí/táirgí ar bith a dhíoltar sa tír seo! An Ghaeilg atá aitheanta mar theanga oifigiúil i bParlaimint na hEorpa ach níl rialtas na hÉireann sásta dlí a chuir chun tosaigh/achtú chun tús áite a thabhairt d’ár dteanga dúchais ar phacáistiú earraí/táirgí a dhíoltar anseo! Is cosúil nach bhfuil dualgas fiú orthu siúd a dhéanann/tháirgíonn earraí in Éirinn aon chomhionannas a thabhairt don Ghaeilg. Tá sé náireach. Tchím go bhfuil táirgí á dhíol ag siopaí – siopaí sa ‘Ghaeltacht’ chomh maith – agus níl ar a bpacáistiú ach an teanga amháin – teanga thír a dhéanta – táirgí a thagann ó thíortha eile san Eorap – agus ní dheirtear faic! Ceannaíonn daoine na hearraí aonteanga Eorpach mar tá siad á dhíol ar sheilf le hearraí comhchosúil eile agus an phacáistiú i dteanga a dtuigeann siad. Cad chuige, mar sin, nach bhfuil earraí/táirgí ar bith á dhíol le pacáistiú i nGaeilg amháin sa tír seo??? Tá sé samhnasach.

    Mar atá ráite roimhe, is cuma leis an chaipitleachas fan Ghaeilg, níl uathu ach airgead agus maoin agus chead ag an Ghaeilg agus an Ghaeltacht.

  • Caitríona

    An bhfuil aon rud dearfach le rá ag lucht Chonraidh na Gaeilge riamh faoin nGaeltacht & faoin nGaeilge? An bhfuil tuairim acu fiú faoi chúrsaí Gaeltachta, lucht na hArdchathrach?!