‘Seasfaidh Sinn Féin lena ngeallúint faoi aireacht shinsearach don Ghaeltacht’ – Mairéad Farrell

Deir an Teachta Dála nuathofa as Gaillimh Thiar Mairéad Farrell go seasfaidh Sinn Féin lena bpolasaí Gaeilge réamhthoghcháin

‘Seasfaidh Sinn Féin lena ngeallúint faoi aireacht shinsearach don Ghaeltacht’ – Mairéad Farrell

Tá ráite ag duine de Theachtaí Dála nuathofa Shinn Féin go gcloífidh a páirtí lena ngeallúint maidir le haireacht shinsearach don Ghaeltacht.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie roimh theacht le chéile an 33ú Dáil den chéad uair, dúirt an Teachta Dála nuathofa as Gaillimh Thiar Mairéad Farrell go seasfadh Sinn Féin lena bpolasaí Gaeilge réamhthoghcháin.

“Beidh muid ag seasamh lenár bpolasaithe réamhthoghcháin. Ceann de na rudaí is tábhachtaí dom féin agus rud a cheapaim atá fíorthábhachtach do mhuintir na Gaeltachta go gcuirfí aire sinsearach i mbun cúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge agus go dtabharfaí ar ais toghchán do Bhord an Údaráis,” a dúirt an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar.

Tá Sinn Féin i mbun cainteanna faoi láthair le mionpháirtithe agus neamhspleáigh maidir le rialtas de chuid na heite clé a bhunú, cé gur beag dóchas atá ann go mbeidh rath ar an iarracht sin.

Tá ráite ag Fianna Fáil agus Fine Gael nach rachaidís isteach i gcomhrialtas le Sinn Féin.

Ba iad Sinn Féin an t-aon pháirtí a gheall ina bhforógra réamhthoghcháin go gceapfaidís aire sinsearach sa chéad rialtas eile a mbeadh an phríomhfhreagracht air ó thaobh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Ní raibh a leithéid d’aire ag bord an rialtais le nach mór deich mbliana anuas, ach bhí dóchas ag lucht feachtais go ngeallfadh Fianna Fáil a leithéid chomh maith, rud a rinne siad roimh an olltoghchán deireanach.

Deir Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile gur mhíbhuntáiste mór don Ghaeilge agus don Ghaeltacht é nach raibh aire sinsearach ag plé leo ó 2011. 

Tá a leithéid ráite go minic chomh maith ag iar-aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív agus polaiteoirí eile de chuid Fhianna Fáil.

Cé gur gheall Fianna Fáil aireacht shinsearach don Ghaeltacht go soiléir ina bhforógra toghcháin in 2016, dúirt urlabhraí ón bpáirtí go mbeadh sé “unprecedented” a leithéid de gheallúint a thabhairt anois.

Dúirt Mairéad Farrell chomh maith go seasfadh a páirtí lena ngeallúint go dtabharfaidís toghchán Údarás na Gaeltachta ar ais, geallúint a thug Fianna Fáil chomh maith.

“Níl an ceangal chomh láidir sin idir Bord an Údaráis agus pobal na Gaeltachta anois is a bhíodh. Cinneadh frithdhaonlathach a bhí ann deireadh a chur le toghchán Bhord an Údaráis dar liom féin.

“Bíonn freagracht níos mó ar an mbord freastal ar an bpobal nuair a thoghtar iad,” arsa Mairéad Farrell, Teachta Dála nuathofa de chuid Shinn Féin.

Fág freagra ar '‘Seasfaidh Sinn Féin lena ngeallúint faoi aireacht shinsearach don Ghaeltacht’ – Mairéad Farrell'