Seacht gcleas cliste smididh leis an saol a dhéanamh níos simplí…

Bíonn ár gcomhfhreagraí i gcónaí sa tóir ar chleasa maithe smididh leis an saol a dhéanamh níos simplí ach níos áille ag an am céanna

Seacht gcleas cliste smididh leis an saol a dhéanamh níos simplí…

 1.

Balsam iarbhearrtha sula gcuireann tú smideadh ort

An bhean ar a dtugtar Nikkie ón Ísiltír a bhfuil cáil uirthi ar Youtube faoin mbranda NikkieTutorials a thug suntas don chleas seo den chéad uair. Ní raibh aon mhaothóir aici agus í ag fanacht i dteach a páirtí. Thóg sí beagán den bhalsam iarbhearrtha ar a dtugtar Nivea Men Sensitive Post Shave Balm uaidhsean agus fuair sí amach gurbh fhearr i bhfad é ná an táirge a bhí á úsáid aici féin roimhe sin. Tá neart glicrín ann ach má chuireann tú ort ar dtús é fanfaidh do chuid smididh ort mar is ceart ar feadh an lae.  Tá an cleas seo á úsáid ag neart daoine anois, fiú réalta cosúil le Kylie Jenner.

 

2.

Vearnais ingne mar sprae anois ó Nails Inc.

Cúpla soicind a thógfaidh sé ort cóta álainn vearnaise a chuir ar do chuid ingne leis an táirge nua seo – sprae simplí nach féidir dul amú leis. Cuireann tú an cóta vearnaise seo ort trí do mhéara ar fad a spraeáil leis an táirge seo agus ansin glanann tú an farasbarr vearnaise ó do mhéara go simplí slachtmhar. Ní ghreamaíonn sé do do chraiceann! Simplí agus sciobtha ach níl rogha róleathan dathanna ar fáil fós.   Samhlaím nach fada go mbeidh gach dath faoin spéir le fáil mar sprae. I Boots faoi láthair ar €11.33.

 

3. 

Ardú fabhraí le fáil ó Lash Lift

Is mór an stró é a bheith ag plé le catóir fabhraí agus mascára chuile lá le cuma chatach agus dhorcha a chuir ar do chuid fabhraí. Seo chugainn cleas iontach anois ar a dtugtar Lash Lift, agus mairfidh an chuma chatach ar do chuid fabhraí ar feadh ocht seachtaine. Is féidir an táirge seo a fháil in aon  sciamhlann nó salún ina mbíonn LVL nó Yumi lashes ar fáil ach geallaim duit nach mbeidh ort do lámha a leagan orthu arís go ceann dhá mhí. Is iontach an cleas iad seo do dhaoine ar mo nós féin nach bhfuil foighne acu do shíneadh nó d’fhadú fabhraí.

 

4.

Seilitéip nó Post it a úsáid agus tú ag plé le línitheoir súl

Cabhróidh an cleas seo leat línte díreacha a tharraingt leis an línitheoir súl nó go deimhin le scáthú súl. Cuireann tú an Seilitéip nó Post it comhthreomhar leis an dearadh atá uait le cabhrú leat an líne a tharraingt mar is ceart. Tá sé fíor-éasca agus is féidir baitín cadáis biorach a úsáid i dteannta le bainteoir smididh agus folaitheoir le botúin a cheartú. Deacair praiseach  dhéanamh leis seo.

 

5.

Pionsail  Nyx Jumbo ar dhath an bhainne ina sheoid don scáthú súl

Seo rogha eile in áit prímeálach a úsáid don scáthú súl. Níl uait ach an pionsail bán seo agus oibreoidh sé níos fearr ná aon phrímeálach súil a d’úsáid tú riamh.  Ach ní hamháin go gcoinneoidh sé seo an scáthú súl ort don lá ar fad ach tá an pionsail seo ar fheabhas ar chúis eile – cuireann sé cuma níos gile ar do shúile. An méid sin ar fad ar chostas €7.

 

6.

Spúinse smididh Beauty Blender don smideadh ar feadh an lae

Tá an ceann seo thar cionn le bonnsmideadh agus folaitheoir a chur ort gan stríocaí a fhágáil ort.  Le go n-oibreoidh an Beauty Blender go foirfe, is ceart é a chur in uisce agus atfaidh sé amach. Fáisc an farasbarr uisce amach as ach coinnigh tais é. Tabharfaidh an spúinse seo  cúnamh duit an smideadh a choinneáil ort an lá ar fad. Cleas maith eile é a úsáid le sprae Urban Decay All-Nighter nó Mac Fix+. Spraeáil ar an spúinse iad agus beidh smideadh agat a mhairfidh lá agus oíche.

 

7.

Cosaint ghréine SPF 50+  ar fáil mar sprae anois

Is ceart dúinn ar fad sprae SPF a úsáid gach lá le muid féin a chosaint ó dhamáiste na gréine ach ní bhíonn sé i gcónaí éasca le cur ort. Is mór an stró a bheith ag iarraidh uachtar bán trom a chuimilt isteach i do chraiceann agus fios agat nach gcuidíonn sé le do chuid smididh.  Anois, is féidir an SPF seo a fháil mar sprae faoin teideal La Roche-Posay Anthelios Ultra-Light Spray atá oiriúnach do d’éadan;  níl aon rud níos simplí ná é! Agus mar gheall go bhfuil sé chomh héasca le cur ort ní bheidh leisce ar bith ort leanúint leis gach uair a dteastaíonn sé linn an lae. Costas €22

 

Fág freagra ar 'Seacht gcleas cliste smididh leis an saol a dhéanamh níos simplí…'