Seacht gcinn d’earraí smididh arbh fhiú dul sa seans leo…

Chuaigh ár gcomhfhreagraí ar bhabhta mór siopadóireachta le cur lena bailiúchán smididh

Seacht gcinn d’earraí smididh arbh fhiú dul sa seans leo…

Níl mé cinnte an é go raibh laghdú tagtha ar mo bhailiúchán d’ábhar smididh nó an é mo dhúil in ábhair nua a thástáil a spreag mé le dul i mbun siopadóireachta an uair seo ach measaim go bhfuil rogha dheas de tháirgí nua aimsithe agam a mbeadh spéis ag daoine eile iad a thriail.

Ní féidir a rá gur sóbhrandaí ar fad a roghnaigh mé ach níl siad saor ach an oiread. Seo chugaibh, mar sin, torthaí mo chuid siopadóireachta agus níl ach fadhb amháin anois agam – gur beag leithscéal a bheidh agam dul ag ceannach táirgí nua go ceann tamaill eile ar a laghad.

 

Folaitheoir…

Le Laura Mercier an folaitheoir nua seo, Flawless Fusion, a d’aimsigh mé agus tá mé fíorshásta leis. Clúdaíonn sé chuile rud ach ní fhágann sé mo chraiceann tirim. Luach maith ar airgead atá ann mar go maireann sé tamall fada ó tharla nach gá ach an beagán a úsáid. Ar fáil ar €30 ó Brown Thomas.

 

 

Aibhsitheoir (leacht)…

Is breá liom aibhsitheoirí gur leacht iad a chur orm roimh an mbonnsmideadh agus tá an True Match Liquid Glow Illuminator ó L’Oreal mar rogha agam faoi láthair. Fágann sé imir álainn lonrach ar d’aghaidh agus tá sé an-réasúnta ó thaobh praghais de. Ar fáil ar €10.99 ó Boots.

 

 

Bonnsmideadh…

Dior Airflash Spray Foundation an bonnsmideadh ba rogha liom an samhradh seo. Is córas aerscuabtha atá i gceist sa sprae bonnsmididh seo agus fágann sé an craiceann ag breathnú go hálainn. Tá rogha nua dathanna curtha ar fáil ag Dior agus ba cheart go mbeadh gach duine in ann an dath atá díreach ceart dóibh féin a aimsiú. Cinnte, tá an ceann seo an-daor go deo, ach is fiú go mór an caiteachas i mo thuairim féin. Ar fáil ar €50.50 ó Brown Thomas.

 

 

Malaí…

Tá mé i gcónaí ag cuardach táirgí nua a chuirfidh cuma níos fearr ar mo chuid malaí agus is é an ceann nua seo ó Mac ar a dtugtar Shape & Shade Brow Tint an ceann is fearr atá aimsithe agam le fada. Tá an peann a ghabhann leis an táirge seo ar fheabhas ar fad le stríoca atá cosúil le ribe malaí a dhathú agus fágann sé cuma thiubh agus nádúrtha orthu. Ar fáil ar €24 ó Brown Thomas i réimse leathan dathanna a fheilfidh do gach duine.

 

 

Aibhsitheoir (púdar)…

Le tamall anuas, mar mhalairt ar aibhsitheoirí a mbíonn go leor gealra iontu, roghnaím cinn atá níos nádúrtha le cuma lonrach a chur ar an gcraiceann. Is breá liom an ceann nua seo ó Nars i ndath ar a dtugann siad Fort de France air, ach bhainfeadh an praghas an-daor deora asat. Seo ceann le roghnú nuair a fhaigheann tú dearbhán mar bhronntanas ó dhuine éigin! Ar fáil ar €37 ó Brown Thomas.

 

Donnaitheoir…

Le linn shéasúr an tsamhraidh, is breá liom donnaitheoirí uachtair agus is é an ceann seo ó Nudestix ar a dtugtar All Over Face Colour i ndath Bondi Bae mo chéad rogha i mbliana. Tá dath álainn nádúrtha air agus é chomh héasca le meascadh ach thar aon rud eile, breathnaíonn sé fíornádúrtha. Tá scuab leis freisin agus is buntáiste breise é sin agus tú ag taisteal. Ar fáil ar £28 ó Cult Beauty.

Seampú/Tonóir… Don té a bhfuil gruaig fhionn orthu agus atá ag iarraidh fáil réidh le haon rian den dath buí mínádúrtha, seo an tonóir nó an seampú is fearr atá aimsithe agam go dtí seo – Bleach London, Silver Shampoo. Ní gá ach é a fhágáil i do chuid gruaige ar feadh 5-10 nóiméad agus breathnaíonn sé go bhfuil tú tar éis teacht díreach ón ngruagaire. Ní hamháin go bhfuil sé iontach agus sciobtha ach tá praghas an-réasúnta go deo air chomh maith. Ar fáil ar €5.19 ó Boots.

 

Fág freagra ar 'Seacht gcinn d’earraí smididh arbh fhiú dul sa seans leo…'

  • Emer

    Ní aontáinm go bhfágann Dior Airflash do chneas go maith. Cheannaíos féin é ach fagann sé mo chneassa tirimithe