Sé pháirtí ó thuaidh ag tacú le héileamh go mbeadh polasaí Gaeilge ag na comhairlí áitiúla

Tá an feachtas #GaelVóta curtha ar bun ag Conradh na Gaeilge do na toghcháin áitiúla a bheidh ar siúl an tseachtain seo

Sé pháirtí ó thuaidh ag tacú le héileamh go mbeadh polasaí Gaeilge ag na comhairlí áitiúla

Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn

Tá a dtacaíocht tugtha ag gach páirtí, seachas na páirtithe aontachtacha, ó thuaidh d’éileamh Chonradh na Gaeilge go mbeadh polasaí Gaeilge ag na comhairlí áitiúla.

Mar chuid dá bhfeachtas #GaelVóta do na toghcháin áitiúla a bheidh ar siúl an tseachtain seo, d’iarr Conradh na Gaeilge ar na páirtithe tacú le polasaí Gaeilge a thabhairt isteach a dhaingneodh dualgas na gcomhairlí i leith chomhlíonadh na Cairte Eorpaí do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh agus Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Thug Conradh na Gaeilge le fios gur thacaigh Sinn Féin, an SDLP, Alliance, Aontú, PBP agus Comhaontas Glas lena n-éileamh.

Dúradh chomh maith gur thacaigh “réimse páirtithe” leis an éileamh go mbeadh seirbhísí Gaeilge ar fáil do phobal na Gaeilge ó na comhairlí áitiúla ó thuaidh agus go gcrochfaí níos mó comharthaí dátheangacha.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge go raibh “an-áthas” ar an eagraíocht go bhfuil “an oiread sin tacaíochta” léirithe ag na páirtithe don Ghaeilge sna toghcháin áitiúla ó thuaidh.

“Tá sé suntasach go bhfuil sé pháirtí ag aontú gur chóir go mbeadh polasaí Gaeilge ag gach comhairle agus go bhfuil siad chun gníomhú leis sin a bhaint amach. Ní hamháin sin, ach tá formhór de na páirtithe sin ar son seirbhísí agus comharthaíochta Gaeilge a bheith ar fáil ó gach comhairle,” arsa Julian de Spáinn.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge go raibh éilimh leagtha amach sa tuarascáil ‘Comhairlí Áitiúla, Dualgais agus an Ghaeilge: Creatlach Comhlíonta’, tuarascáil a rinne an Conradh i gcomhar leis an CAJ agus Ollscoil Uladh.

Fág freagra ar 'Sé pháirtí ó thuaidh ag tacú le héileamh go mbeadh polasaí Gaeilge ag na comhairlí áitiúla'