Scrúdú ardleibhéil sa Ghaeilge déanta ag níos lú ná leath de dhaltaí a rinne an tSraith Shóisearach i mbliana

Tá imní léirithe ag múinteoirí Gaeilge agus gníomhaithe teanga go dtiocfaidh laghduithe eile sna blianta romhainn ar líon na ndaltaí a roghnóidh an Ghaeilge ardleibhéíl don tSraith Shóisearach agus don Ardteist

Scrúdú ardleibhéil sa Ghaeilge déanta ag níos lú ná leath de dhaltaí a rinne an tSraith Shóisearach i mbliana

Thug níos lú daltaí faoin scrúdú ardleibhéil Gaeilge don tSraith Shóisearach i mbliana ná mar a thug aon bhliain eile le beagnach deich mbliana anuas.

De réir thorthaí na Sraithe Sóisearaí 2022, a foilsíodh inné, thug 32,139 dalta faoi scrúduithe ardleibhéil sa Ghaeilge i mbliana, idir na daltaí i scoileanna T1 agus T2. B’in 48% den 67,130 dalta ar fad a fuair torthaí inné.

Tá imní léirithe ag múinteoirí Gaeilge agus gníomhaithe teanga go dtiocfaidh laghduithe eile sna blianta romhainn ar líon na ndaltaí a roghnóidh an Ghaeilge ardleibhéil don tSraith Shóisearach agus don Ardteist.

2013 an bhliain dheireanach gur thug céatadán níos isle de dhaltaí faoin scrúdú ardleibhéil sa Ghaeilge don tSraith Shóisearach, nó an Teastas Sóisearach mar a bhíodh.  47% a bhí i gceist in 2013, 27,360 as an 58,798 dalta a rinne scrúduithe na bliana sin.

Níor reáchtáladh scrúduithe na Sraithe Sóisearaí le dhá bhliain anuas de dheasca na paindéime ach in 2019 thug 51% de na daltaí faoi scrúdú ardleibhéil Gaeilge.

2022 an chéad uair ó 2016 go ndearna níos lú ná duine as gach beirt a rinne an a rinne na scrúduithe seo an Ghaeilge ardleibhéil.

Deir Shane Ó Coinn, Cathaoirleach An Gréasán, a dhéanann ionadaíocht ar mhúinteoirí Gaeilge, gur “ábhar mór imní” don eagraíocht é go bhfuil titim ar líon na ndaltaí atá ag tabhairt faoin scrúdú ardleibhéil sa Ghaeilge ag leibhéal na Sraithe Sóisearaí.

“Gan aon amhras beidh impleachtaí móra aige seo ar líon na ndaltaí a leanann leis an nGaeilge ag leibhéal na hArdteiste amach anseo, agus is in olcas a rachaidh cúrsaí má leanann rudaí ar aghaidh mar atá siad faoi láthair.”

Tugadh rabhadh faoin tionchar a bheadh ag na hathruithe a rinneadh ar an siollabas Gaeilge don tSraith Shóisearach ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais an tseachtain seo caite.

Bhí Ó Coinn i láthair ag an gcruinniú sin i dTeach Laighean agus deir sé nach aon iontas an laghdú atá tagtha ar líon na ndaltaí a dhéanann an Ghaeilge ag an ardleibhéal. Deir sé go bhfuil múinteoirí Gaeilge ar fud na tíre ag labhairt amach faoin imní orthu faoin gcúrsa nua Gaeilge do scoileanna T2, scoileanna Béarla an stáit.

“Creidimid gur cheart athruithe suntasacha a dhéanamh ar na sonraíochtaí, ar an measúnú agus ar na scrúduithe leis na fadhbanna seo uile a chur ina gceart,” arsa Ó Coinn.

I measc na moltaí atá curtha chun cinn ag An Gréasán, deirtear gur chóir an scrúdú cainte riachtanach a thabhairt ar ais, scrúdú a mbeadh ar a laghad 40% de na marcanna ag dul leis. Deir siad gur chóir líon na dtéacsanna litríochta atá le staidéar a laghdú go mór agus athruithe a dhéanamh ar na torthaí foghlama.

“Ba cheart go gcothódh córas na scrúduithe na scileanna atá de dhíth ar dhaltaí leis an teanga a úsáid go laethúil san fhíorshaol.

“Tá súil againn go n-éistfear le saineolas na múinteoirí atá ag iarraidh an rud is fearr a dhéanamh dár ndaltaí agus dár dteanga agus go gcuirfear tús leis na hathruithe seo gan mhoill,” a deir Ó Coinn.

Is i mbliana a thug daltaí faoi na scrúduithe nua T1 agus T2 don Ghaeilge den chéad uair.

2,599 dalta a rinne an scrúdú nua Gaeilge T1 ag an ardleibhéal agus 136 dalta a rinne ag an ngnáthleibhéal é.

54,272 dalta a rinne an scrúdú don chúrsa nua Gaeilge do dhaltaí scoileanna Béarla na tíre, an scrúdú T2.

29,540 dalta a rinne an scrúdú nua Gaeilge T1 ag an ardleibhéal agus 24,732 a rinne ag an ngnáthleibhéal é.

Ag an ardleibhéal is mó daltaí T1 ar éirigh leo na marcanna is airde a fháil. D’éirigh le 3.6 % de dhaltaí ardleibhéil T1 an toradh is airde a fháil, sin idir 90-100. I gcás an scrúduithe T2, 2.6% a bhí i gceist.

Sa scrúdú ardleibhéil T1 fuair 23% an dara grád is airde, idir 75-90, i gcomparáid le 20.6% sa scrúdú T2.

De réir na bhfigiúirí a foilsíodh inné ní dhearna 10,123 dalta aon scrúdú Gaeilge don tSraith Shóisearach i mbliana. B’ionann sin agus 15% de na daltaí ar fad a rinne scrúduithe na bliana seo, ardú ó 13% in 2019.

881 dalta nach ndearna aon scrúdú Béarla, 1.3% de na daltaí a rinne na scrúduithe.

Fág freagra ar 'Scrúdú ardleibhéil sa Ghaeilge déanta ag níos lú ná leath de dhaltaí a rinne an tSraith Shóisearach i mbliana'

  • Lelia Byrne

    Is oth liom le rá go bhfuil an cúrsa nua ag déanamh a lán damáiste don teanga. Tá sé práinneach anois nó beidh sé ró dhéanach. An bhfuil éinne ag éisteacht leis na múinteoirí atá ag múineadh an teanga lá in aghaidh lae? Ba chóir go mbeidh scrudú béil ann arís. Ta na torthaí ann anois!!!!