Scríbhneoir Gaeilge uait? Tá breis is 500 acu ar fáil in Eolaire nua…

Seolfar Eolaire na Scríbhneoirí Gaeilge i mBaile Átha Cliath amárach, áis ar líne don phobal ar an suíomh nua  aontasnascribhneoiri.ie

Scríbhneoir Gaeilge uait? Tá breis is 500 acu ar fáil in Eolaire nua…

Tá scríobh na Gaeilge beo, bríomhar agus ilghnéitheach. In ainneoin na ndúshlán uile, tá breis is 500 scríbhneoir inár measc inniu, in Éirinn agus thar lear, ar foilsíodh leabhar Gaeilge leo nó ar léiríodh a saothar ar stáitse nó ar na meáin chraolta.

Is fíric seachas baoth-thuairim é seo a léireofar go mion in Eolaire na Scríbhneoirí Gaeilge, togra úrnua a sheolfar amárach, Dé Sathairn, ag ócáid i mBaile Átha Cliath. Áis agus acmhainn ar líne don phobal a bheidh san Eolaire, mar chuid den suíomh nua  aontasnascribhneoiri.ie.

Beidh deis ag léitheoirí, leabharlannaithe, lucht eagraithe féilte agus taighdeoirí cuardach a dhéanamh san Eolaire de réir ainm, inscne, ceantar, seánra agus foilsitheoirí – rud a chiallaíonn gur féidir teacht ar eolas faoi fhile i mBéal Feirste nó scríbhneoir don aos óg i gCiarraí. Ní raibh eolas den sórt seo ar fáil in aon áit amháin cheana. Tá ábhar de gach sórt san áireamh seachas téacsleabhair scoile: ficsean agus filíocht, stair agus beathaisnéisí, scríobh don aos óg agus don aos acadúil, saothair a aistríodh go Gaeilge agus go leor eile.

Sa rannóg  Léargas, tá figiúirí, grafanna agus léarscáileanna a chuirfidh lenár dtuiscint ar scríbhneoireacht na Gaeilge: mar shampla, líon na scríbhneoirí atá sa Ghaeltacht, sa chathair nó i gceantair eile. Tá spléachadh le fáil ann ar chúlra teanga na scríbhneoirí – an cainteoirí dúchais a bhformhór, nó nua-chainteoirí a d’fhoghlaim a gcuid Gaeilge ar scoil ar dtús, nó daoine a tógadh le Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht? Feicfear san Eolaire, mar shampla, go bhfuil ábhar foilsithe ag i bhfad níos mó fear ná ban agus go bhfuil an scéal amhlaidh i ngach seánra seachas ceann amháin, an scríobh don aos óg.

I gcás na húrscéalaíochta, an seánra a shaothraímid féin, is suntasaí ar fad atá an difríocht sin agus úrscéalta foilsithe ag a cúig oiread fear.

Éilís Ní Anluain agus Anna Heussaff

Is togra beo é an tEolaire agus muid ag súil go gcuirfear sonraí nua leis de réir a chéile. Níl figiúirí beachta go fóill againn ina lán réimsí. Maidir le cé acu nuachainteoirí nó cainteoirí dúchais, mar shampla, tá an t-eolas sin againn i gcás 245 scríbhneoir den 526. I gcás ‘Áit Chónaithe’ (tír/contae/cathair), tá an t-eolas sin againn faoi 386 duine agus iad lonnaithe i bhfad agus i gcéin. Ba bhreá linn go dtapódh scríbhneoirí eile an deis le sonraí breise a chur ar fáil – agus na sonraí atá againn a cheartú más gá.

Trí bliana ó shin a cuireadh tús leis an taighde nuair a bheartaigh Anna sciuird a thabhairt ar líne roimh ócáid ar Lá Idirnáisiúnta na mBan, féachaint ar cheist na hinscne i measc scríbhneoirí cruthaitheacha na Gaeilge. Thairg Éilís páirt a ghlacadh sa taighde deonach ina dhiaidh sin agus leathnaíodh an cuardach. Tuigeadh dúinn le himeacht ama gur ghá acmhainní a lorg chun tabhairt faoi go críochnúil agus thoiligh Aontas na Scríbhneoirí go mbeadh an tEolaire ar shuíomh nua gréasáin an eagrais. Chuir Clár na Leabhar Gaeilge maoiniú ar fáil anuraidh a chuidigh go mór linn.

  Bhailíomar buneolas faoi na scríbhneoirí go léir trí chuardach ar líne ar shuímh na bhfoilsitheoirí, ar Litriocht.com agus ar shuímh eile; agus ghlac breis is 150 scríbhneoir páirt i suirbhé ar líne a d’eagraíomar anuraidh. B’éigean dúinn teorainn a chur leis na critéir don Eolaire, cé go dtuigimid go bhfuil a lán scríbhneoirí bisiúla ann a d’fhágamar as an áireamh toisc gur in irisí nó ar an idirlíon amháin a foilsíodh a saothar.

Agus cad is scríbhneoir nó scríbhneoir foilsithe ann ar aon nós? Cad is leabhar nó seánra nó foilsitheoir? Ar nós gach gné de shaol an duine, níl boscaí ná lipéid shimplí ann a fheileann do chách – rud atá le ceiliúradh seachas le caoineadh. Dhúisigh an taighde seo iliomad ceisteanna agus dúshláin spéisiúla agus ní raibh réiteach againn ar gach ceist: mar shampla, cén seánra lena mbaineann athinsint nó athchruthú ar sheanscéal, an cuid den ‘stair agus polaitíocht’ leabhair faoi chás na Gaeilge agus an mbaineann cnuasaigh seanfhocal le hacmhainní teanga nó le ‘Béaloideas agus Saíocht na Gaeilge’.

 

Beidh siad ann a déarfas gur cur amú ama an rangú agus an anailís. B’fhearr leo, b’fhéidir, cloí le tuairimíocht atá saor ó fhíricí. Is fíor gur féidir gach fíric a léamh ar shlite éagsúla – ach is cruthúnas ar thairbhe na bhfíricí é sin, dar linn, seachas a mhalairt. Beidh daoine eile ag clamhsán gur fianaise an tEolaire gur líonmhaire na scríbhneoirí ná na léitheoirí Gaeilge. Ní aontaímid leis sin bunaithe ar an eolas atá againn ar fhigiúirí díolacháin. Ach ní bhaineann figiúirí díolacháin ná fiúntas aon saothar ar leith leis an togra ach oiread, agus ní ar an mbonn sin a mholaimid an tEolaire a mheas. 

Tá súil againn, mar sin féin, go gcuideoidh sé le léitheoirí de gach cúlra teacht ar an saibhreas atá i saothar scríbhneoirí na Gaeilge. Má chothaíonn sé díospóireachtaí as an nua faoi chineálacha leabhar atá fós gann, b’fhiú go mór sin freisin. An bhfuil tuilleadh leabhar ag teastáil faoi chúrsaí spóirt, bia nó tógáil clainne. An ficsean do dhéagóirí, úrscéalta bleachtaireachta nó uafáis, ficsean trialach nó filíocht phobail nó drámaíocht do pháistí is mó atá ag teastáil? 

Tá súil againn freisin go meallfaidh an suíomh úr, aontasnascribhneoiri.ie, slua mór scríbhneoirí le ballraíocht a ghlacadh san Aontas, a bunaíodh le glór, ardán agus tacaíocht a thabhairt do scríbhneoirí Gaeilge is cuma cén áit a bhfuil siad lonnaithe nó cibé a bhfuil saothar leo foilsithe nó nach bhfuil. Beidh acmhainní agus nuacht ar fáil ar aontasnascribhneoiri.ie mar aon le fóram do bhaill an Aontais agus deis clárú. Tá stíl an tsuímh pas neamhchoitianta, dar linn, agus lógó nua ASG deartha ar shlí a dhéanann iarracht saíocht na Gaeilge a fhí le cultúr comhaimseartha na hEorpa.

– Seolfar Eolaire na Scríbhneoirí Gaeilge ag 4pm amárach Dé Sathairn, an 23 Feabhra in ionad Ghaelchultúir, 11 Sráid an Chláraigh, BÁC 2. Rachaidh aontasnascribhneoiri.ie beo ar líne ag an am céanna

Fág freagra ar 'Scríbhneoir Gaeilge uait? Tá breis is 500 acu ar fáil in Eolaire nua…'

  • Derry O'Sullivan

    Cur síos iontach soiléir ar shaothar iolchuimsitheach rí-thábhachtach

  • file

    Ní thuigim an tábhacht a chuireann scríbhneoirí an ailt ar líon na bhfear agus líon na mban sna seanraí éagsúla.
    “Feicfear san Eolaire, mar shampla, go bhfuil ábhar foilsithe ag i bhfad níos mó fear ná ban agus go bhfuil an scéal amhlaidh i ngach seánra seachas ceann amháin, an scríobh don aos óg.
    I gcás na húrscéalaíochta, an seánra a shaothraímid féin, is suntasaí ar fad atá an difríocht sin agus úrscéalta foilsithe ag a cúig oiread fear.”

    Bheadh an oiread céanna tábhachta le figiúirí ar an méid scríbhneoirí donnshúileacha atá ann.