Scéalta faoi mhí-úsáid ghnéis i saol an cheoil thraidisiúnta á roinnt ag mná ar líne

Scéalta á roinnt ag mná faoi earnáil an ghrinn in Éirinn a spreag mná eile lena gcuid scéalta féin a roinnt ar Twitter

Scéalta faoi mhí-úsáid ghnéis i saol an cheoil thraidisiúnta á roinnt ag mná ar líne

Tá scéalta pearsanta á roinnt ag mná i saol an cheoil thraidisiúnta faoi na haischlibeanna #IBelieveHer agus #CreidimThú agus cur síos déanta acu ar eachtraí inar baineadh mí-úsáid astu.

Scéalta a roinn mná faoi earnáil an ghrinn in Éirinn a spreag mná eile lena gcuid scéalta féin a roinnt ar Twitter.

I measc na gceoltóirí aitheanta a bhfuil scéalta roinnte acu mar chuid den fheachtas ar líne tá an t-amhránaí as Gaeltacht Chiarraí, Pauline Scanlon, agus an boscadóir Edel Ní Churraoin as Gaeltacht Chonamara.

Chuir Pauline Scanlon síos ar eachtra a tharla ar camchuairt ceoil deich mbliana ó shin inar bhain ceoltóir eile greim chomh daingean sin as a cos faoina sciorta gur fágadh ball mór gorm uirthi. Dúirt Scanlon sa teachtaireacht a roinn sí ar Twitter gur bhraith sí ag an am go raibh an locht uirthi féin agus gur chuir sí an eachtra i gcúl a cinn.

Chuir Edel Ní Churraoin, síos ar eachtra a tharla nuair a bhí sí 15 bliain d’aois, eachtra inar tugadh uirthi a lámha a chur síos bríste ceoltóra aitheanta a bhí níos sine ná í. Dúirt sí gur cheap cairde an fhir agus daoine eile a chonaic an eachtra go raibh sé “an-ghreannmhar”. Bhí sé in am ag fir seasamh a thógáil in aghaidh drochiompair, a dúirt sí.

Bhí Niamh Dunne, amhránaí agus fidléir as Luimneach agus ball den ghrúpa Beoga i measc na gceoltóirí aitheanta eile a roinn a scéal faoina taithí  mar cheoltóir.

Dúirt Dunne go ndearna ceoltóir aitheanta méirínteacht uirthi nuair a bhí sí ar ardán i dteach tábhairne agus slua mór plódaithe isteach ann. Dúirt sí go raibh an eachtra “dearmadta” aici agus “curtha i bhfolach” ar feadh na mblianta ach nár ceart go nglacfaí lena leithéid d’iompar.

Chuir cainteoir óg Gaeilge as Muineachán síos ar eachtra a tharla nuair a bhí sí 15 bliain d’aois inar tháinig buachaill níos sine isteach ina leaba gan choinne agus í ag stopadh i dteach lóistín le linn féile cheoil thraidisiúnta. Dúirt Tara Nic Giolla Seannáin sa teachtaireacht a roinn sí ar Twitter go ndeachaigh an eachtra chomh mór sin i bhfeidhm uirthi gur chaill sí cairde, gur stop sí ag seinm agus gur tháinig neamhord struis iarthrámaigh uirthi ina dhiaidh sin.

Tá an feachtas is déanaí seo á cheangal leis an mórfheachtas #MeToo ar cuireadh tús leis in 2006 ar mhaithe le misneach a thabhairt do mhná ar líne a scéalta faoi chiapadh gnéis a roinnt.

I ráiteas a chuir an grúpa FairPlé, eagraíocht a bunaíodh chun aird a tharraingt ar cheist an chomhionannais agus na cothromaíochta inscne i saol an cheoil thraidisiúnta, dúradh go bhfuiltear ag iarraidh “tacaíocht a léiriú do mhná a d’fhulaing mar gheall ar fhoréigean, mí-úsáid nó ciapadh in earnáil an cheoil”.

Fág freagra ar 'Scéalta faoi mhí-úsáid ghnéis i saol an cheoil thraidisiúnta á roinnt ag mná ar líne'