Scéala á lorg ó aon phobal atá ag iarraidh Oireachtas na Samhna a bheith acu in 2025

Eagróidh Oireachtas na Gaeilge seisiún eolais do gach dream a léireoidh spéis féile na bliana 2025 a reáchtáil

Scéala á lorg ó aon phobal atá ag iarraidh Oireachtas na Samhna a bheith acu in 2025

Tá Oireachtas na Gaeilge ag iarraidh scéala a fháil ó aon phobal ar fud na tíre a mbeadh spéis acu Oireachtas na Samhna a bheith acu in 2025 nó sna blianta ina dhiaidh sin.

Is i gCill Airne a bheidh féile na bliana seo chugainn.

Eagróidh Oireachtas na Gaeilge seisiún eolais do gach dream a léireoidh spéis féile na bliana 2025 a reáchtáil agus tá go dtí an 30 Samhain seo chugainn ag grúpaí chun léiriú spéise a chur faoi bhráid na heagraíochta.

Bhí súil ag grúpa pobail amháin an tOireachtas a thabhairt ar ais go dtí an Ghaeltacht in 2024, ach is i gCill Airne a bheidh féile na bliana seo chugainn, don tríú bliain as a chéile.

Bhí roinnt cruinnithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige faoi mhórfhéile na nGael a thabhairt ar ais go dtí Cois Fharraige i gConamara, 50 bliain ó eagraíodh an fhéile sa Ghaeltacht den chéad uair, i 1974.

Cé go bhfuil díomá ar an gcumann Gaeltachta nach dtarlóidh sin, tá súil acu go mbeidh Oireachtas ‘áitiúil’ i gCois Fharraige in 2024 agus é tugtha le tuiscint dóibh ag Oireachtas na Gaeilge go dtacófaí lena leithéid mar chomóradh ar ócáid 1974.

Is in Óstán an Gleneagle i gCill Airne a bhí an tOireachtas ocht n-uaire ó 2010 agus bhí sé dhá bhabhta sa Citywest i mBaile Átha Cliath sa tréimhse chéanna. Fágann cúraimí eile a bheith ar an Citywest nach mbeadh fáil ar an óstán sin mar ionad féile go ceann roinnt blianta.

Bhí sé i gceist Oireachtas na Gaeilge a bheith ar siúl sa Ghaillimh in 2020, ach cuireadh an fhéile ar ceal ar feadh dhá bhliain de dheasca na paindéime Covid-19.

Sa bhliain 2020 an chéad uair go raibh Oireachtas na Gaeilge le bheith ar siúl sa Ghaillimh ó 1993 agus an chéad uair ó 2008 go raibh an fhéile le bheith ar siúl aon áit eile seachas Cill Airne, Baile Átha Cliath agus Leitir Ceanainn.

Is minic é ráite ag lucht na Oireachtais go bhfuil líon na n-áiteanna gur féidir an fhéile a reáchtáil teoranta mar gheall ar an oiread daoine a bhíonn ag freastal uirthi agus mar gheall ar chineál na n-áiseanna a theastaíonn ó ócáidí agus comórtais áirithe.

Luaitear, mar shampla, an comórtas rince ‘Steip’. 

Deir daoine eile gur cheart féachaint ar chomórtais mar sin a dhealú ón mbun-Oireachtas agus a stáitse féin a thabhairt dóibh i mbaile éigin eile.

Fág freagra ar 'Scéala á lorg ó aon phobal atá ag iarraidh Oireachtas na Samhna a bheith acu in 2025'