Scéal coscrach faoi dhream a tháinig slán sa sneachta in ainneoin na n-ainneoin

Tragóid agus míorúilt é an scéal atá le reic ag ‘Society of the Snow’, a dhéanann iarracht an dá thrá sin a fhreastal

Scéal coscrach faoi dhream a tháinig slán sa sneachta in ainneoin na n-ainneoin

Society of the Snow
Stiúrthóir: JA Bayona
Cliar: Enzo Vogrincic, Matías Recalta, Agustín Pardella, Diegeo Vgezzi, Blas Polidori, Esteban Kukuriczka, Rafael Federman

I 1972 chuaigh eitleán a bhí ag taisteal ó Montevideo san Uragua chuig Santiago na Sile amú i sliabhraon na hAindéas. Ba chinniúnach agus ba thubaisteach an botún ag an bpíolóta é. Iad sáinnithe ar oighearshruth sna scamaill i bhfad ó éinne a d’fhéadfadh teacht i gcabhair orthu.

Bhí na húdaráis á gcuardach ón aer ach ní fhéadfaidís an t-eitleán bán d’aithint sa sneachta. Bhí orthu siúd a tháinig slán maireachtaint i gceann de na háiteanna is sceirdiúla agus is déine ar domhan. Léirigh siad crógacht, teacht aniar agus seiftiúlacht ach lena chois sin bhí orthu dul i muinín na canablachta len iad féin a thabhairt slán i rith an 72 lá a bhíodar sáinnithe sa tsneachta. 45 a bhí ar bhord an eitleáin agus i ndeireadh thiar níor tháinig ach 16 díobh sin slán.

Ní nach ionadh chuir an scéal eachtrúil uafásach seo an pobal faoi dhraíocht agus gan dabht chothaigh sé roinnt conspóide agus alltachta leis. D’imigh na meáin amach ón gcairt leis an ngáifeachas. Tá an scéal truamhéalach seo inste cúpla babhta cheana ar an scáileán mór. Tháinig Survive! (1976) ar dtús agus ansin an leagan Meiriceánach, Alive (1993), le Ethan Hawke agus John Malkovich. Seo chugainn JA Bayona le léamh Spáinneach ar an scéal. Sé a bhí ar an stiúir don scannán tubaiste The Impossible (2012) agus tá an saothar seo bunaithe ar leabhar den teideal céanna ó Pablo Vierci.

In Society of the Snow ar Netflix, déantar an timpiste eitleáin a shamhlú go gléineach dúinn, é brúidiúil agus fíochmhar. Tá an tírdhreach ina bhfuil siad álainn, draíochtúil ach cuirtear abhaile orainn i rith an ama go bhfuil aon áit chéanna sceirdiúil agus dainséarach.

Ba thragóid agus ba mhíorúilt é scéal an fhuíll áir; ardú croí agus briseadh croí ag baint leis araon. Déanann an saothar iarracht an dá thrá sin a fhreastal. Tá an saothar tarrac ar dhá uair an chloig go leith ar fhad agus tá gá leis an bhfad reatha sin le fad agus cruatan an 72 lá a léiriú. Iad dóchasach go maith ag an tús go ndéanfaí iad a tharrtháil ach an t-éadóchas ag teacht in áit an dóchais le himeacht ama. Chruaigh siad in aghaidh na hainnise agus léirigh siad an-teacht aniar.

Ansin tagaimid chuig an chanablacht. An mhoráltacht, alltacht agus an gheis a bhaineann le daoine daonna, a lucht aitheantais lena chois sin a ithe. Cíoradh seo go cúramach tomhaiste; rogha an dá dhíogha. Rud a bheadh suimiúil ná dá ndéanfaí cíoradh ar conas mar a dhéileáil siad le halltacht an phobail nuair a tháinig an chanablacht chun cinn i ndiaidh a dtarrthála ach tagann an saothar chun críche roimhe sin. Aisteoireacht foirne iontach atá againn anseo, cé gur dheacair carachtair áirithe a dhealú óna chéile ar uairibh. Iad lán le sceimhle agus le héadóchas, a gcairdeas agus a gcomhghuaillíocht á dtabhairt slán.

Scéal coscrach faoi dhream a tháinig slán ainneoin na n-ainneoin.

Fág freagra ar 'Scéal coscrach faoi dhream a tháinig slán sa sneachta in ainneoin na n-ainneoin'

  • jpmorley0@gmail.com

    ‘Conas mar dhéileáil siad le halltacht an phobail nuair a tháinig an chanablacht chun cinn…’
    Is dócha go raibh seanbhlas acu orthu! Is canablaigh gach duine againn nuair a thagann sé ‘dtí cnámh na huilinne. Bhí sé forleathan le linn an Ghorta Mhóir in Éirinn ach ní chloistear puinn teacht thairis sin ag lucht na staire. Ní “ite ages na púcaí” amháin a bhíodar.