Scannán a thugann faoi théama na meabhairshláinte gan fuacht ná faitíos

Is trua go ndéantar an réalachas a bhrú i leataobh ar mhaithe leis an gcríoch shona a sholáthar in The Drummer and the Keeper mar saothar ar leith é a bhfuil a léamh féin ar an meabhairshláinte aige

Scannán a thugann faoi théama na meabhairshláinte gan fuacht ná faitíos

The Drummer and the Keeper
Stiúrthóir: Nick Kelly
Cliar: Dermot Murphy, Jacob McCarthy, Charlie Kelly, Phelim Drew, Peter Coonan

Tá scáth na hoíche tite nuair a chímid ógánach, agus buille saothair air, ag iarraidh seanchúits a tharraingt síos ar thráigh Chnocán Doirinne. Níl aon treabhsar ná fobhríste air agus cuireann sé an chúits trí thine. Ar an gcéad luí súl mar sin is léir don lucht féachana gur saothar ar leith é seo a thabharfaidh a léamh féin ar an meabhairshláinte.

Seo an chéad fhadscannán ón stiúrthóir/scríbhneoir Nick Kelly agus is léir óna chúlra gur tionscnamh pearsanta é seo dó óir tá siondróm Asperger ag a mhac féin. Cé go dtugtar faoi théama na meabhairshláinte gan fuacht ná faitíos ní bhítear ag píobaireacht linn. Déanann Kelly a theachtaireacht a chniotáil leis an ngreann, an ceol agus an daonnacht.

’Sé Gabriel (Murphy) an té a chuireann an chúits trí thine sa chéad radharc. Tá neamhord dépholach air agus bíonn babhtaí síocóiseacha ina gcuid den bhail atá air. Chiap an neamhord céanna a mháthair  agus chuir sí lámh ina bás féin; rud, ní ach ionadh, atá ag luí go trom air.

Mar gheall air seo ar fad cinneann sé, agus brú/comhairle á gcur ag a dheirfiúr agus a theiripeoir air, dul i muinín an chógais. Ar mhaithe le haclaíocht a fháil moltar dó páirt a ghlacadh i bhfoireann sacair ina bhfuil daoine ar chumais mheasctha. Is anseo a bhuaileann sé le Christopher (McCarthy), déagóir a bhfuil siondróm Asperger air. Ní haon ionadh go dtéann siad in adharca a chéile. Amhail an scannán grinn rómánsúil, áfach, eascraíonn cairdeas eatarthu sara dtéann siad i bpíobáin a chéile agus réitítear rudaí sa deireadh. Sin bua agus laige an scannáin in éineacht.

Agus taispeántais chumasacha á dtabhairt uathu ag an mbeirt cheann feadhna bíonn bá ag an lucht féachana leis an mbeirt seo atá ciaptha ina slite sainiúla féin. Cuirtear tréithe an neamhoird agus an tsiondróim os ár gcomhair gan ligean do rudaí imeacht chun seanmóireachta.

Ceann de théamaí an scannáin ná na lipéid a chuirtear ar dhaoine agus na réamhthuairimí is míthuiscintí a bhíonn ar dhaoine eile. ‘I know you’re bipolar and all, but there’s no need to be an arsehole,’ a fhógraíonn an cóitseálaí tuisceanach le Gabriel. Timpeall an ama chéanna labhraíonn Christopher go ceartaiseach faoi Asperger a bheith ina shiondróm seachas ina fhadhb mheabhairshláinte. Ina dhiaidh sin arís bíonn comhghleacaí le Christopher ag cur de faoi Asperger a bheith ar speictream an uathachais.

Tá Gabriel ina dhrumadóir i mbanna ceoil ach tá lagar an chógais á chur dá bhuille. Tá seo ina ábhar aighnis agus fothragtha. I rith an ama déantar Christopher, lena dhúil san ord agus eagar, a shú isteach in obair stáitse. Eascraíonn cairdeas eatarthu go nádúrtha agus bíonn gean thar na bearta againn orthu. Imíonn rudaí amach ón gcairt agus sinn ag teannadh ar cheann scríbe. Agus Kelly ag iarraidh, i ngan fhios dó féin, b’fhéidir, cloí le múnla an rom com déantar an nádúr agus an réalachas a bhrú i leataobh ar mhaithe leis an gcríoch shona a sholáthar. 

Fág freagra ar 'Scannán a thugann faoi théama na meabhairshláinte gan fuacht ná faitíos'