‘Sárú’ déanta ag comhairle áitiúil ar a bpolasaí féin le cur chuige ‘Béarla amháin’ 

Thug Comhairle Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Craigavon droim láimhe le hiarratas ar chomhartha sráide dátheangach, in ainneoin gur chomhlíon an t-iarratas na critéir go léir atá leagtha síos

‘Sárú’ déanta ag comhairle áitiúil ar a bpolasaí féin le cur chuige ‘Béarla amháin’ 

Tá sárú á dhéanamh ag comhairle áitiúil ó thuaidh ar a polasaí féin trí chur chuige ‘Béarla amháin’ a chur i bhfeidhm i leith comharthaíocht sráide, a deir lucht cearta teanga.

Thug Comhairle Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Craigavon droim láimhe le hiarratas ar chomhartha sráide dátheangach, in ainneoin gur chomhlíon an t-iarratas na critéir go léir atá leagtha síos ag an gcomhairle féin.

Faoi pholasaí sráidainmneacha na Comhairle, is gá go mbeidh achainí ar chomhartha dátheangach sínithe ag 33% de chónaitheoirí, mar a bhí i gcás an iarratais seo.

Ina dhiaidh sin is gá go mbeadh tacaíocht ag an iarratas ó 66% de dhaoine ar chlár toghthóirí na sráide agus glactar leis mura dtugann cónaitheoir freagra ar shuirbhé poist go bhfuil an duine sin in éadan an iarratais.

Tuairiscítear go raibh ar a laghad 64 duine ar son iarratas Chnoc Chois Coille agus nach raibh ach triúr ina choinne. Ba é seo an chéad uair ar éirigh le hiarratas dá leithéid critéir na Comhairle a chomhlíonadh, critéir a bhfuil cáineadh déanta ag eagraíochtaí teanga agus cearta daonna orthu mar gheall ar a dhéine is atá siad.

Mar sin féin dhiúltaigh Coiste Pleanála Chomhairle Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Craigavon don iarratas agus fuarthas beannacht na gcomhairleoirí don chinneadh sin ag cruinniú iomlán den Chomhairle tráthnóna.

Chuir an cónaitheoir an achainí iomlán seo isteach chuig an Chomhairle i mí Mheán Fómhair 2022. I ndiaidh moill 6 mhí, rinne an Chomhairle an suirbhé poist le gach cónaitheoir i gCnoc Chois Coille ag deireadh mhí Eanáir 2023.

Dúirt Cuisle Nic Liam, Comhordaitheoir Chearta Teanga le Conradh na Gaeilge go raibh “frustrachas millteanach” ann faoi “dhiúltú na Comhairle cloí lena bpolasaí féin” agus go raibh “neamhaird shoiléir” déanta acu ar an tromlach daoine a chaith vóta ar son an iarratais.

Cháin Conradh na Gaeilge an DUP agus UUP as cosc agus bac a chur ar an iarratas “bailí” agus dúradh go mbeadh an eagraíocht teanga ag tacú le muintir an cheantair “réiteach a aimsiú fríd na cúirteanna”.

Dúirt Daniel Holder, Stiúrthóir ar an eagraíocht neamhrialtasach, an Coiste um Riar an Chirt (CAJ) atá lonnaithe i mBéal Feirste gur sárú ar chearta daonna a bhí sa chinneadh.

“Ba cheart go mbeadh deireadh curtha ag Comhaontú Aoine an Chéasta le polasaithe aonteangacha ‘Béarla amháin’ a chuireann cosc ar an Ghaeilge i spásanna poiblí agus ba cheart tús a bheith curtha le cur chuige atá bunaithe ar an éagsúlacht theangeolaíoch,” arsa Daniel Holder ó CAJ.

“Tugadh coimitmintí ar leith i gconarthaí éagsúla cearta daonna chun an Ghaeilge a chur chun cinn, coimitmintí maidir le logainmneacha agus comharthaíocht dhátheangach san áireamh, ach arís agus arís eile, cuireadh moill ar an chur i bhfeidhm.”

Deir Holder go bhfuil na tairseacha ó thaobh tacaíochta a éilíonn polasaí na Comhairle “ar na tairseacha is airde” do chomharthaíocht sráide dhátheangach dá bhfuil ann agus go bhfuil comhairlí eile éirithe as an gcur chuige sin toisc é a bheith ródhian.

“Ach fós féin, nuair a bhaintear na tairseacha seo amach, tá an chuma ar an scéal nach bhfuil an Chomhairle sásta cloí lena bpolasaí féin,” arsa Daniel Holder ó CAJ.

Fág freagra ar '‘Sárú’ déanta ag comhairle áitiúil ar a bpolasaí féin le cur chuige ‘Béarla amháin’ '