Sárfhoireann an chomórtais agus Messi agus an Airgintín anois sa Táin

Rinne imreoirí mór le rá amhail Messi agus Kylian Mbappé gaisce ar pháirc na himeartha ag Corn an Domhain ach rinne imreoirí agus foirne eile nach raibh chomh mór sin i mbéal an phobail roimh an gcomórtas a gcuid chomh maith


Tá an beart déanta ag Lionel Messi faoi dheireadh agus é féin agus muintir uile na hAirgintíne ag ceiliúradh bua iontach na foirne i gcluiche ceannais Chorn an Domhain 2022.

Rachaidh an cluiche ceannais idir an Airgintín agus an Fhrainc sa Táin. Coimhlint a bhí ann a d’imigh bealach amháin agus ansin bealach eile ach fuair daoine ar fud an domhain an chríoch a bhí uathu nuair a d’ardaigh Lionel Messi an corn.

Rinne imreoirí mór le rá amhail Messi agus Kylian Mbappé gaisce ar pháirc na himeartha ag Corn an Domhain ach rinne imreoirí agus foirne eile nach raibh chomh mór sin i mbéal an phobail roimh an gcomórtas a gcuid chomh maith.

Sárfhoireann Chorn an Domhain 2022

Cúl Báire

Emiliano Martinez

Ní hé gach duine a bhí tógtha le pleidhcíocht Martinez agus b’fhéidir gur fearr mar chúl báire Dominik Livaković na Cróite agus a leithéid ach níl aon amhras ach nach mbeadh Corn an Domhain buaite ag an Airgintín gan fear Aston Villa.

Ní thiocfaidh an tsábháil a rinne sé ó Randal Kolo Muani ag fíordheireadh an ama breise sa chluiche ceannais chun cuimhne chomh tapa leis na cúil a scóráladh ach sábháil dhochreidte ar fad a bhí inti. Bhí sé ina laoch le linn na gciceanna éirice in aghaidh na Fraince agus na hÍsiltíre.

Cosantóirí

Achraf Hakimi

Beidh a rogha féin ag gach duine do shárfhoireann an chomórtais ach is féidir a bheith nach mór cinnte faoi thrí rud. Beidh Lionel Messi agus Kylian Mbappé i measc na dtosaithe ag chuile dhuine a bhfuil fios a gcúraim acu agus beidh Achraf Hakimi mar leathchúlaí ar dheis.

Chuir Hakimi go mór le gaiscí Mharacó sa Chatar agus ba é an cic éirice sciliúil a scóráil sé in aghaidh na Spáinne, chomh maith leis an gceiliúradh a rinne sé lena mháthair ina dhiaidh, ceann de na heachtraí ab fhearr sa chomórtas.

Joško Gvardiol

Rinne Messi ceap magaidh do Gvardiol sa chluiche leathcheannais ach is beag cosantóir mór le rá nach bhféadfaí an rud céanna a rá fúthu. Bhí Gvardiol ar dhuine de na himreoirí óga a tháinig isteach ar fhoireann na Cróite ó chaill siad cluiche ceannais Chorn an Domhain 2018 agus cé go bhfuil deireadh le ré cuid de na seanfhondúirí ina thimpeall, beidh an cosantóir óg i gcroílár na foirne ar feadh na mblianta.

Romain Saiss

Is mór an trua go raibh Maracó buailte chomh dona sin ag gortuithe agus iad in aghaidh na Fraince sna babhtaí leathcheannais. Bhí Saiss ar dhuine acu siúd a bhí ag streachailt agus cé gur thosaigh captaen na foirne, níor mhair sé ach 20 nóiméad. Cailliúint mhór a bhí ann mar bhí sé féin agus Nayef Aguerd, a bhí gortaithe freisin, ar bheirt de na cosantóirí is fearr ag an gcomórtas. Bhí Christian Romero, Raphaël Varane agus John Stones an-mhaith freisin.

Theo Hernández

Cé go bhfuil Hakimi cinnte d’áit ar thaobh na láimhe deise den chosaint ar an tsárfhoireann seo, níl sé chomh héasca leathchúlaí ar chlé a roghnú. Bhí duine eile d’imreoirí Mharacó, Noussair Mazraoui, an-mhaith ach chaill sé an dá chluiche is mó a bhí acu. Bhí an-tionchar ag Kaoru Mitoma ar chluichí na Seapáine freisin ach ní cosantóir ceart a bhí ann.

Theo Hernández atá fágtha mar sin. Bhí an cosantóir cumasach go maith tar éis dó áit a fháil ar an bhfoireann nuair a gortaíodh a dheartháir, Lucas, sa chéad chluiche ach d’admhódh sé féin go raibh sé go hainnis sa chluiche ceannais.

Lár Páirce

Sofyan Amrabat

Ba é Amrabat croí fhoireann Mharacó agus d’oibrigh sé gan stad chun iad a bhrú ar aghaidh. Is le Fiorentina san Iodáil atá sé ag imirt faoi láthair ach bí cinnte go mbeidh clubanna níos mó sa tóir air an mhí seo chugainn. Beidh Fiorentina ag súil le slám mór airgid a fháil, ar a laghad.

Alexis Mac Allister

Imreoir eile a mbeidh an-tóir air ná an fear de bhunadh na tíre seo, Alexis Mac Allister. Ní raibh áit aige ar fhoireann na hAirgintíne nuair a thosaigh an comórtas ach bhí sé ina dhlúthchuid den fhoireann faoin am ar tháinig deireadh leis.

Bhí de chúram ar gach duine ar fhoireann na hAirgintíne cúnamh a thabhairt do Messi. Ba é Rodrigo de Paul a chosain é ó imreoirí an fhreasúra agus ba é Mac Allister a rinne an obair nach raibh Messi in ann aici. Choinnigh Mac Allister air ag rith, ag rith agus ag rith i gcluichí na hAirgintíne agus léirigh sé scil nach beag chomh maith.

Antoine Griezmann

Francach eile a thug drochthaispeántas sa chluiche ceannais ach bhí comórtas iontach ag Griezmann go dtí sin. Tá cáil bainte amach aige mar thosach ach is mar imreoir láir páirce a bhí Griezmann ag imirt sa Chatar agus bhí sé ar fheabhas. Déanann sé obair na gcapall i gcónaí don Fhrainc ach b’iontach an scil agus an gliceas a léirigh sé chun deiseanna a chruthú freisin.

Tosaithe

Kylian Mbappé

Briseadh croí a bhí i ndán do Mbappé ar deireadh sa chluiche ceannais ach ní fhéadfaí a rá nach ndearna sé a chuid chun deis a thabhairt don Fhrainc Corn an Domhain a bhuachan den dara huair as a chéile.

Ní dhearna sé faic sa chéad 80 nóiméad ach bheadh an Fhrainc cloíte gan é. Chuir sé an cluiche uile bunoscionn le dhá chúl taobh istigh de chúpla nóiméad agus nuair a d’aimsigh sé a dhara chc éirice ag deireadh am breise, bhí sé ar an dara duine riamh a d’aimsigh trí chúl i gcluiche ceannais Chorn an Domhain. Tá ré Messi ag teacht chun deiridh, níl ré Mbappé ach ina tús.

Julián Álvarez

Fear eile a bhí ina ionadaí nuair a d’imir an Airgintín a gcéad chluiche in aghaidh na hAraibe Sádaí, chuir Álvarez go mór le foireann na hAirgintíne nuair a tugadh isteach é. D’aimsigh sé ceithre chúl sa Chatar ach bhí an obair eile a rinne Álvarez nuair a bhí agus nuair nach raibh seilbh na liathróide ag an Airgintín ríthábhachtach fresin. Bhí sé faoi scáth Erling Haaland le Manchester City ó dheireadh an tsamhraidh ach léirigh sé a chumas anseo.

Lionel Messi

Caithfidh tú dul siar chomh fada le El Diego agus Corn an Domhain 1986 don uair dheireanach go raibh tionchar chomh mór ag aon imreoir amháin ar an gcomórtas. Scóráil Messi i chuile chluiche sna babhtaí díbeartha, gaisce nach bhfuil déanta riamh roimhe seo, agus d’aimsigh sé péire sa chluiche ceannais, rud nach ndearna Maradona in ‘86. Beidh a shárú le fáil lá éigin amach anseo ach beidh muid ag fanacht.

Fág freagra ar 'Sárfhoireann an chomórtais agus Messi agus an Airgintín anois sa Táin'