Saothar grinn eile as Éirinn nach n-aimsíonn an sprioc 

Cé nach truflais amach is amach é ‘Deadly Cuts’ ní haon ghaisce é ach an oiread

Saothar grinn eile as Éirinn nach n-aimsíonn an sprioc 

Deadly Cuts
Stiúrthóir/Scríbhneoir:
Rachel Carey
Cliar: Angeline Ball, Ericka Roe, Lauren Larkin, Shauna Higgins, Victoria Smurfit, Pauline McLynn, Ian Lloyd Anderson, Aidan McArdle

Tá cáil amuigh ar acmhainn grinn na nÉireannach. Is minic é á thaibhsiú dom, áfach, nach bhfuilimid chomh hinniúil ar an tréith sin dínn a léiriú i saothair scáileáin. Tá stair an scáileáin bhig is mhóir breac le saothair Éireannacha nár aimsigh an sprioc. Cinnte tá eisceachtaí ann, saothair a bhí bunaithe ar leabhair Roddy Doyle, mar shampla, ach is ábhar díomá is iontais dom i gcónaí cé chomh minic is a bhíonn saothair ghrinn na hÉireann neafaiseach, áiféiseach agus lag.

Cé nach truflais amach is amach é Deadly Cuts ní haon ghaisce é ach an oiread. An rud is mó a bhaineann barrthuisle as an saothar ná go bhfuil sé iarraidh dhá thráigh a fhreastal. Bhí gealladh faoi chúrsaí ag tús an scannáin le cad é carúil is greann dorcha ach ansin de gheit athraíonn an saothar go ceann áiféiseach agus ró-áibhéalach. Deis curtha amú a bhí ann i ndeireadh thiar.

Salón gruaige é Deadly Cuts an teidil atá lonnaithe in Piglinstown, ceantar fé mhíbhuntáiste i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Cuma na hainnise ar an áit agus an pobal áitiúil fé léigear ag an mbithiúnach Deano (Lloyd Anderson). Sé Deadly Cuts agus an cnuasach beag gnóthaí ina thimpeall croílár an cheantair. Sí Michelle (Ball) úinéir an ghnólachta agus is dream deisbhéalach, geanúil iad a cuid fostaithe, Stacey (Roe), Chantelle (Higgins) agus Gemma (Larkin). Tugann an chliar ban taispeántais bhreátha, inchreidte uathu. Tá gean againn orthu agus ar na carachtair áitiúla a chuirtear os ár gcomhair. Cad é cabaireacht thíriúil uathu agus iad i mbun gruaige.

Tá an polaiteoir sleamhain Darren Flynn (McArdle), atá cosúil le rud éigin as Killinascully, ag iarraidh na foirgnimh seo a leagadh ar mhaithe leis an uaisliú. Lá de na laethanta agus Deano i mbun sracaireacht ar Mhichelle déantar é a mharú. Tá cuid de na radharcanna seo an-mhaith agus lán le greann dorcha. Bhí deis chomh maith tochailt a dhéanamh ar an uaisliú agus tionchar na coiriúlachta ar cheantair áirithe, agus é sin a dhéanamh le cantam breá grinn. Go deimhin déanann cuid de na seanphlandaí tagairtí d’fhadhbanna drugaí na n-ochtóidí agus iarrachtaí an phobail dul i ngleic leo.

Gan choinne caitear na téamaí seo fé thóin cártaí le gur féidir leis na cailíní cur isteach ar an gcomórtas gruagaireachta ‘Ahh, Hair’. Scéal cúlra faoi conas mar a theip ar Mhichelle sa chomórtas seo blianta roimhe sin agus Smurfit ina bithiúnach geamaireachta. Ní bhfuaireas aon bhlas ar an gcuid sé den scannán.

Aisteoireacht agus radharcanna thar fóir agus lag-aithris ar ghnéithe de Zoolander. Thosaigh rudaí ag imeacht amach ón gcairt ar fad i dtreo an deiridh. Radharc iomlán caillte againn ar an scéal a bhí againn ag an tús.

Fág freagra ar 'Saothar grinn eile as Éirinn nach n-aimsíonn an sprioc '