‘Nach raibh an samhradh an-dona go dtí seo,’ a dúirt mo chomharsa agus í ag déanamh comhrá liom féin agus lena cuid cuairteoirí as Sasana. Ní fhéadfainn an taobh a ligean síos díreach mar sin. ‘Ó shíl mise go raibh samhradh an-mhaith againn i mbliana,’ a dúirt mé féin.
Ach ag an am céanna chuir sí ag smaoineamh mé. An amhlaidh go raibh mé chomh mór sin faoin thionchar an deireadh seachtaine iontach a bhí ag ár gclub bádóireachta i mBéal an Átha a bhí díreach thart, go raibh sórt mearbhall orm faoin samhradh ar fad?
Nó an amhlaidh go raibh sí féin faoi thionchar na tréimhse fada go leor a chaith sí ag cur bailchríoch ar thionscadal don choláiste a raibh sí ag freastal air? Má fhanann tú istigh an lá ar fad, an dtabharfaidh tú faoi deara go bhfuil an lá maith go leor?
Chuirfeadh sé ag smaoineamh thú ar an dá inseacht a bhíonn ar scéal go minic. Nó dhá chur síos iomlán difriúil ar an gcuma a bhíonn ar dhuine. ‘Bhí sí ard agus bhí gruaig fhionn uirthi.’ ‘Bhí sí beag go maith agus bhí gruaig dhonn nó liathdhonn uirthi.’ ‘Bhi sí thart ar thríocha cúig.’ ‘Bhí sí amach sna daichidí.’
Sin cur síos a chuala mé le gairid ar dhuine a bhí inár gcomhluadar tamall roimhe sin. Níor mhaith liom a bheith i mo gharda ag glacadh nótaí tar éis timpiste nó coir. Cén chaoi a ndéanann ealaíontóirí na sceitseanna sin a bhíonn in ainm is a bheith cosúil leis an té ar a bhfuil na gardaí sa tóir – má bhíonn siad ag brath go hiomlán ar chuimhne finnéithe nach mbíonn in ann gruaig dhonn a aithint ó ghruaig fhionn?
Tá sé sin sách dona, ach go minic cloisfidh tú go bhfuil iarracht nua á déanamh ag na gardaí coir a fhiosrú na blianta fada i ndiaidh di tarlú. Tá an-tóir faoi láthair ar shraitheanna teilifíse a bhíonn bunaithe ar an bprionsabal sin. ‘Cold Cases’ a thugtar orthu. Caithfidh mé a rá nach mbeadh aon mhuinín agam féin sa gcur síos a dhéanfadh finné na blianta i ndiaidh na heachtra coiriúla féin.
Tá gléas amháin ag beagnach gach duine na laethanta seo agus tá sé ina chabhair mhór ag an té a bheadh ag iarraidh rudaí áirithe a thabhairt chun cuimhne – agus sin é an teileafón póca.
Tar éis dom mo chara a fhágáil faoi chúraimí cuartaíochta, tháinig mé abhaile agus rinne mé grinnstaidéar ar chúrsaí aimsire le trí mhí anuas, le cabhair an fhóin.
Thosaigh an samhradh luath, más ceadmhach dom é sin a rá. Thug mé cuairt ar cheantar na nDúnaibh i mí na Bealtaine agus bhí dea-aimsir againn chuile lá. Go deimhin, ní raibh aon leisce orm dul amach ag snámh ar Thrá na nDúnaibh – go hiondúil bíonn an t-uisce fuar go maith ansin fiú amháin amach sa samhradh. Ach bhí teocht an uisce gan locht, mheas mé. Thug mé léitheoirí Tuairisc ar thuras go dtí Inis Eoghain agus An Dún ansin agus bhí an-lá againn.
Tamall gearr ina dhiaidh sin, i dtús mhí an Mheithimh, bhíos i gCorn na Breataine – nach cuid d’Éirinn í an tír Cheilteach sin? Ní dheachaigh mé ag snámh – bhí an fharraige rócháite. Ach bhí cúpla lá an-mhaith ag an dream a bhí ag freastal ar Fhéile na Meán Ceilteach. Tá cuma an-tarraingteach ar an tírdhreach timpeall ar ‘Tawin Blystra’ mar a thugtar ar ‘Newquay’ i gCoirnis – ach mar a thugann an t-ainm le fios, b’fhéidir nach mbíonn an aimsir chomh socair sin go hiondúil.
Ní raibh aon chailleadh ar mhí Iúil ina dhiaidh sin, bhí mé i nGaillimh cúpla babhta, agus tá cuimhní an-dearfach agam ar na cuairteanna sin. Murach an grianghraf sa bhfón, ní chreidfeadh daoine go raibh mé ag piocadh sméara dubha ar An Spidéal i mí Iúil – i mBaile Éamoinn agus i mBaile an tSléibhe. Ach tá an fhianaise ann.
Tugann sin isteach go mí Lúnasa mé agus tá cuid den mhí fós le caitheamh againn. Bhí mé ag snámh gach lá ar an gCarraig Dhubh i mBaile Átha Cliath go dtí go mb’éigean dom bóthar a bhualadh siar go Bealach a’Doirin don Fhéile Ealaíne ansin. Arís bhí an aimsir go hálainn – thug mé sibh ar thuras treoraithe an tseachtain seo caite agus arís líon mé máilín le sméara dubha Ros Comáineacha.
Ach an chuimhne is deise a bheas agam ar an aimsir an samhradh fada grianmhar seo, ná na cúpla lá a chaith muid i mBéal an Átha ag an gCéad Fhéile Bád Dragan ansin. Níor stop an ghrian ag scaladh an fhad is a bhí muid ann. Bí ag caint ar dheisceart na Fraince! Ní fhéadfadh sé a bheith níb fhearr. Chaith muid an lá Dé Sathairn ag padláil ar Abhainn na Muaidhe, ag baint sásaimh as na radharcanna, na háiseanna iontacha atá ag an lucht spóirt uisce ansin, agus ag luí siar ar an gcé ag déanamh bolg le gréin idir na rásaí. Bhí foirne ann as gach cearn den tír, agus chuile dhuine againn a rá go raibh sé ar ceann de na laethanta rásaíochta bád ab fhearr a bhí againn ariamh.
Ar ndóigh ba mhór an chabhair an dea-aimsir freisin. Tá súil le Dia agam nach mbeidh daoine ag cur a n-ainmneacha síos do ‘Regatta’ Bhéal an Átha don bhliain seo chugainn agus iad ag déanamh talamh slán de go mbeidh sé 25 céim Celsius gach lá.
Shíl mé gur sórt ‘comhartha beannaithe’ é gur ainmníodh Andy Moran as Bealach a’Doirín ina bhainisteoir ar Mhaigh Eo i rith an deireadh seachtaine. Nár casadh a mháthair orm an tseachtain roimhe sin ag an bhFéile Ealaíne agus í ina ball den chór Ardeaglaise a bhí ar an ‘stáitse’ don Oíche Cheoil Chlasaicigh?
Sea, samhradh an-mhaith ar fad a bhí ann i mbliana agus anois, tá daoine tosaithe ag caint faoi Mhaigh Eo agus cúrsaí peile arís.
Fág freagra ar 'Samhradh an-mhaith ar fad ab ea é – tá an fhianaise ann'