Leabhar é seo a chuirfeadh a gha ionat mura mbeifeá meallta ag a mhil

Tá gach is gá nó nach gá a bheith ar eolas agat faoi bheacha ann. 

Leabhar é seo a chuirfeadh a gha ionat mura mbeifeá meallta ag a mhil

Uaireanta is gá duit dul amach ar an teiscinn dhomhain. Uaireanta is ceart leabhar a léamh mar gheall ar ábhar nach bhfuil puinn eolais agat air. Uaireanta is gá go léifeá mar gheall ar phaisean duine eile.

Níl puinn cur amach agamsa le ceart ar an mbeachaireacht. Maith go leor, ní fíor ar fad é sin sa tslí is go bhfeicinn í ag feidhmiú agus ag obair nuair a bhíos níos óige ná mar atáim anois. Choinníodh m’athair beacha, trí choirceog díobh, ach is ar chúl an ghairdín a bhíodh siad. Dá réir sin bhíodh mil ina slaoda againn, agus ba mhinic feistithe mar spásaire é ag teacht isteach an cúldoras agus beach éigin á leanúint le fearg.

Chuige sin bhí beacheolas (mo leithscéal, breaceolas) beag éigin imeallach ar cad a bheadh romham nuair a d’osclaíos Blas Meala: an Bheachaireacht Shimplí (CIC €15) le Simon Ó Cróinín. Ach is ag siúl isteach ar dhomhan eile, domhan aineoil, a bhí mé. Ní gá duit aon spéis a bheith agat san ábhar chun taitneamh a bhaint as, óir is scéal, agus faisnéis, agus comhairle, agus treoir agus gach is gá nó nach gá a bheith ar eolas agat faoi bheacha atá ann.

Leabhar é seo a chuirfeadh a gha ionat mura mbeifeá meallta ag a mhil. Is ea, is scéal pearsanta atá ann ina n-instear dúinn mar a chuir an t-údar spéis sna beacha, agus mar a chlasaigh sé le complacht eile de bheachadóirí, is mar a chuaigh siad i mbun oibre, agus gach ar lean.

Fairis sin, dáiltear eolas orainn maidir leis an bhfeisteas ceart is cóir a chaitheamh, leis an trealamh is gátarach le dul i mbun oibre, leis an tráth den bhliain is oiriúnaí dul ina bun. Eolas é seo nach mbeidh a dhíth mura bhfuil sé i gceist agat dul i mbun na ceirde, mar sin féin, is díol suime a fhios a bheith agat go bhfuil daoine a thuigeann conas marc a chur ar an gcráinbheach, agus ráineodh oíche thráth na gceist go bhfiafrófaí díot cén fhad a eitlíonn na beacha ón gcoirceog.

Ní thuigfeá a dhaonna is atá na beacha, nó a bheachúla is atá an duine. Is ea, tá drochbheacha ann ar ár nós go léir, 20% thar cionn, ‘20% eile atá go maith, 20% atá lag ach a bheas ceart go leor ar ball, 20% an-lag, gan mórán cuma ná caoi orthu…’ ar samhail chomh cruinn den duine é is a gheofá. Fairis sin, tá an teas féin go maith don neachtar, ach go dona do na beacha, ar nós mar atá an domhan go maith dúinne, ach nach bhfuilimidne go maith don domhan.

Bhínn féin ceanúil go maith ar na foichí, mar is saghas banditti iad lasmuigh den chaighdeán, ach cuireann siad geansaithe Chill Chainnigh i gcuimhne dom, agus léiriú is ea an leabhar seo gur fochairí cearta fós iad.

Ní gan tuiscint ar an stair atá an leabhar seo agus gan amhras bhí tábhacht riamh leis na beacha i scéal na tíre mar is léir ó na dualgais a leagadh síos in Bechbhretha, téacs a cumadh timpeall ar an mbliain 650, má tá sin sean go leor duit. Agus más mian leat mil na Teamhrach a dhéanamh arís, thiocfadh go bhfaighfeá cúnamh anseo, rud nach ndéanfadh aon dochar do pheileadóirí na Mí sa chás is go mbeadh cealg ar bith fágtha iontu.

Fág freagra ar 'Leabhar é seo a chuirfeadh a gha ionat mura mbeifeá meallta ag a mhil'