Ruathar gasta ach fiúntach ar an mBreatnais agus fáithe fearthainne

Léiríodh ar S4C le gairid an greim atá ag meánaicme na Breataine Bige ar a dteanga, rud a spreag ár gcolúnaí chun an cheist a chur, an fearr an rugbaí ná an chaid le cairde cumhachtacha a mhealladh?

Ruathar gasta ach fiúntach ar an mBreatnais agus fáithe fearthainne

Sarra Elgan a bhí ag caint ar Stori’r Laith (S4C/BBC iPlayer) an tseachtain seo, sraith cainte atá thar a bheith spéisiúil. Tráchtaire rugbaí ar S4C agus cainteoir Breatnaise í Elgan atá pósta ar Simon Easterby, fear mór rugbaí de chuid na hÉireann.

Chonacthas í ag ullmhú dá post agus mórán daoine thart uirthi a raibh dúil sa spórt agus sa teanga acu ina cuideachta. Labhair sí go paiseanta faoin nasc idir an spórt, an Bhreatnais agus an fhéiniúlacht Bhreatnach. Rinne an clár cur síos ar ar an dóigh ar aimsigh bunadh na tíre a nglór féin sa spórt agus na hiarrachtaí a rinne, agus a dhéanann, eagraíochtaí teanga le daoine, agus le daoine óga go háirithe, a spreagadh leis an teanga a úsáid. Ní thiocfadh léi an Bhreatain Bheag a shamhlú gan Bhreatnais, a dúirt sí.

Bhí béim ní ba mhó sa chlár seo ar imeachtaí comhaimseartha teanga ná mar a bhí i gclár Cerys Matthews, bíodh is gur beirt bhan den ghlúin chéanna iad a bhí ag plé leis an cheist chéanna a bheag ná a mhór. Ba mhaith sin. Bhraithfeá go raibh tú, de réir a chéile, ag cur aithne ar an teanga i gcuideachta cainteoir eile a bhí eolach fáilteach fiosrach. Ruathar gasta a bhí ann ach fiúntach.

Bíodh sin mar atá, baineann cuid den chaint preab as an Éireannach seo. Cinnte, bhí polaitíocht agus stair i gceist leis an Bhreatnais le céad bliain anuas ach bhí an pholaitíocht agus an stair sin saor ar an chineál foréigin atá luaite leis an Ghaeilge in Éirinn go minic, rómhinic.

(Ní raibh iomrá ar bith ar leagan Breatnaise de ‘Tiocfaidh ár lá’.)

Ceist eile a rithfeadh leat, an fearr an greim atá ag an Bhreatnais ar mheánaicme na Breataine Bige ná mar atá ag an Ghaeilge ar dhaoine galánta D4? Bhraithfeá go raibh. B’fhéidir gur sin an fáth nach n-éiríonn chomh maith céanna le lucht na Gaeilge an teanga a chur chun cinn abhus.

An fearr an rugbaí ná an chaid le cairde cumhachtacha a mhealladh?

 

Beagán den athchúrsáil a bhí i gceist in An t-Uisge/Rain Stories (BBC Alba/BBC iPlayer). Sa bhliain 2022 a rinneadh an tsraith bheag seo de thrí chlár den chéad uair ach is é seo an chéad uair domsa é a fheiceáil. Cad é an dochar sin nó tá scéaltaí fearthainne – agus ceisteanna fearthainne – ann i gcónaí?

Anne Lundon, láithreoir aimsire ag BBC Alba, a chuir an clár i láthair i nGaeilge na hAlban agus bhí an teanga sin, Gaeilge na hÉireann agus Béarla ar chuid de na teangacha a bhí le cluinstin ar aistear seo na haimsire.

Bhí beirt Ghael de bhunadh an oileáin seo – Cormac Ó hÁdhmaill agus Róise Ní Bhaoill – sa chéad dá chlár a chonaic an scríbhneoir seo. Labhair Ó hÁdhmaill ar an eolaíocht a bhí i gceist le fearthainn agus é in uaimh i bhFear Manach agus phléigh Ní Bhaoill leis an tseanchas a bhain le toibreacha naofa. Cás de “tá neamh agus talamh lán de do dheoir” a bhí ann.

Labhair Lundon le saineolaithe aimsire in Albain agus chuir sí i gcuimhne dúinn nach inniu ná inné a tháinig imní ar dhaoine faoi chúrsaí fearthainne agus athrú aeráide. Cheap lucht an Bhéarla an téarma “báisteach aigéadach” le linn ré na tionsclaíochta nuair a mhothaigh siad an difear a bhí ar an fhearthainn i ndiaidh gur thosaigh na monarchana móra ag brúchtadh toit ghránna isteach sa spéir.

Ar bhonn níos comhaimseartha, thug Lundon ruathar anonn go hAontas na nÉiríríochtaí Arabacha le fiosrúchán a dhéanamh faoin obair a bhí ar siúl sa tír sin le taise a mhealladh ó néalta drogallacha le heitleáin agus ceimiceáin. Maith dom é ach ní thiocfadh liom gan smaointeamh ar Mega-City One agus an córas smachtaimsire atá i bhfeidhm sa chathair fhicseanúil sin. Ficsean-eolaíocht? Faoi láthair!

Ach, amach ón mhagadh, spreag an cur chuige snasta eolas agus samhlaíocht in aon iarraidh amháin.

An fhearthainn atá go flúirseach againne, tá sí gann agus luachmhar i dtíortha Arabacha. Níl a fhios agam an gcuirfeadh sé éad uisce orthu cluinstin faoin tsean-nós sin a bhí, agus a bhíonn, ag mórán Éireannach umar beag uisce coisricthe a chur in aice leis an doras le go mbeannófá tú féin agus tú ag fágáil an tí.

Sin seanscéal uisge dár gcuid féin gan amhras.

Fág freagra ar 'Ruathar gasta ach fiúntach ar an mBreatnais agus fáithe fearthainne'