Ros Comáin ag súil go dtiocfaidh siad aniar aduaidh ar Ghaillimh arís

Is iad Gaillimh rogha na n-údar i gcluiche ceannais Chonnacht tráthnóna ach, mar a fuair siad amach anuraidh, ní féidir talamh slán a dhéanamh de bhua i gcoinne Ros Comáin

Ros Comáin ag súil go dtiocfaidh siad aniar aduaidh ar Ghaillimh arís

Gary O'Donnell (Gaillimh) agus John McManus (Ros Comáin). Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Ros Comáin v Gaillimh – Páirc de hÍde, 4.00i.n.

Is i Ros Comáin tráthnóna a imreofar an chéad cheann de chluichí ceannais na gcúigí tráthnóna agus an fhoireann baile ag iarraidh Craobh Chonnacht a thabhairt leo don dara bhliain as a chéile, rud nár éirigh leo a dhéanamh ó 1991.

Mar a tharlaíonn sé, is é seo an ceathrú huair a chasfaidh siad ar a chéile sa chluiche ceannais le trí bliana anuas mar bhí athimirt ag teastáil chun na foirne a scaradh óna chéile in 2016, agus Gaillimh a rinne an beart an geábh sin.

Anuraidh, ba iad na Gaillimhigh rogha na n-údar chun an chraobh a thabhairt leo arís ach tháinig Ros Comáin aniar aduaidh orthu agus rinne siad scrios. Mar gheall air sin, níor cheart go mbeadh Gaillimh réchúiseach roimh an gcluiche seo inniu agus fiú má bhíonn siad i mbarr a maitheasa, d’fhéadfadh Ros Comáin deacrachtaí a chruthú dóibh.

Bhí foireann Kevin McStay ar fheabhas i rith na sraithe. Níor chaill siad ach cluiche amháin i rith an earraigh agus bhuaigh siad Roinn 2. Tá tosaithe den scoth acu, mar nuair a thug siad greadadh a do Liatroim i gcluiche leathcheannais Chonnacht. De réir tuairiscí, bhí bua maith acu freisin ar Chorcaigh i gcluiche dúshláin le déanaí.

Is í an fhadhb is mó atá ag Ros Comáin ná an chosaint. Ghéill siad dhá chúl déag i rith na sraithe – níor lig Gaillimh isteach ach ceann amháin – agus d’fhéadfadh Damien Comer, Ian Burke, Shane Walsh agus a leithéidí greasáil a bhualadh orthu má thugtar an seans sin dóibh.

Fuair Gaillimh an ceann is fearr ar Mhaigh Eo an mhí seo caite ach b’fhánach an moladh a thuill a dtaispeántas. Léiríodh cumas thosaithe na Gaillimhe ina mbua ar Shligeach coicís ó shin, áfach, 4-24 a d’aimsigh siad sa chluiche sin agus cé go raibh Sligeach go hainnis, tabharfaidh an taispeántas sin muinín d’fhir na Gaillimhe.

Ní haon iontas Kevin Walsh a bheith ag cloí leis na himreoirí céanna don chluiche ceannais inniu agus an t-aon athrú atá déanta aige ná Paul Conroy a thabhairt isteach in áit Peter Cooke.

Tá dul chun cinn déanta ag Gaillimh ón mbliain seo caite agus má choinníonn siad orthu ag feabhsú, ba cheart go mbeadh siad rómhaith do Ros Comáin tráthnóna. Ní dhéanfaidh siad neamhiontas de Ros Comáin ná baol air, áfach, go háirithe agus iad ag imirt i bPáirc de hÍde.

Rogha Tuairisc.ie: Gaillimh

Fág freagra ar 'Ros Comáin ag súil go dtiocfaidh siad aniar aduaidh ar Ghaillimh arís'