Roinnt Gaeilgeoirí ag seasamh do thoghchán an tSeanaid

Pádraig Ó Céidigh, an fiontraí aitheanta as Conamara, i measc na n-iarrthóirí ar na painéil ollscoile a fógraíodh inniu

Padraig O Ceidigh CEO Foinse announces the winners of Foinse sa Rang O2 Ireland Essay Competition. 10/5/2004 Photo: RollingNews.ie
Pádraig Ó Céidigh Pictiúr: RollingNews.ie

Tá roinnt Gaeilgeoirí ar na painéil ollscoile do thoghchán an tSeanaid, ina measc Pádraig Ó Céidigh, fiontraí aitheanta as Conamara.

D’fhógair Ó Céidigh ar maidin ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta go mbeidh sé ag seasamh ar phainéal Ollscoil na hÉireann do thoghchán na míosa seo chugainn.

Tá Gaeilge chomh maith ag fiontraí eile atá mar chuid de phainéal Ollscoil Éireann, Enda Padraig O’Coineen.

I measc na n-iarrthóirí eile ar phainéal Ollscoil na hÉireann tá an Seanadóir Rónán Mullen, Gaeilgeoir líofa atá ag súil lena shuíochán Seanaid a choimeád.

Bean eile a bhfuil spéis sa Ghaeilge aici ná Laura Harmon, iar-uachtarán Aontas na Mac Léinn in Éirinn, a thug seal ina hoifigeach Gaeilge leis an eagraíocht chéanna.

Tá roinnt Gaeilge chomh maith ag an iarthánaiste Michael McDowell atá ag súil le filleadh ar thithe an Oireachtais agus é ar phainéal Ollscoil na hÉireann don toghchán.

Tá ar a laghad duine amháin eile a bhfuil roinnt Gaeilge acu san iomaíocht ar na painéil eile don Seanad, sin í Cáit Keane, Seanadóir de chuid Fhine Gael, atá ag seasamh ar an bpainéal oibreachais.

D’fhéadfadh fós go mbeidh scata polaiteoirí aitheanta eile ag seasamh don Seanad agus ainmniúchán a pháirtí don toghchán á lorg ag leithéidí Trevor Uí Chlochartaigh, an Seanadóir de chuid Shinn Féin nár éirigh leis suíochán a fháil i nGaillimh Thiar san olltoghchán.

21/10/2011 Referendum Vote No Campaign. Pictured is Senator Ronan Mullen at the launch of the 'NO to the 30th' Constitution amendment campaign in Dublin's Westbury Hotel today. The group has urged voters in next Thursday's referendum on Oireachtas inquiries, the 30th amendment to the Constitution, to reject proposals which NO campaigners claim could turn Oireachtas Committees into 'kangaroo courts'. Photo: Mark Stedman/RollingNews.ie
Rónán Mullen Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie

Ráineodh leis go mbeadh suim in ainmniúchán do thoghchán an tSeanaid ag Aodhán Ó Ríordáin, a bhí i measc na n-airí agus na n-airí stáit de chuid Pháirtí an Lucht Oibre a chaill a suíochán san olltoghchán.

Bhí cuid mhaith daoine a bhfuil Gaeilge acu i measc na n-iarrthóirí a sheas san olltoghchán agus a chruthaigh go maith cé nár éirigh leo suíochán Dála a fháil.

Is minic a chuireann na páirtithe polaitíochta iarrthóirí mar sin chun cinn don Seanad agus súil acu go ndéanfaidh siad an beart sa chéad olltoghchán eile. D’fhéadfadh, mar shampla, an Comhairleoir Cathrach Catherine Ardagh ó Fhianna Fáil, a bhí san iomaíocht don suíochán deireanach i mBaile Átha Cliath Lár Theas, ainmniúchán a fháil óna páirtí.

Bhí cuid mhaith Gaeilgeoirí chomh maith i measc na n-iarrthóirí olltoghcháin ag an gComhaontas Glas agus ag Sinn Féin a mbeadh súil anois ag cuid acu, b’fhéidir, le hainmniúchán a fháil ó na páirtithe sin do thoghchán an tSeanaid. Beidh méadú suntasach ar líon na Seanadóirí a bheidh ag Sinn Féin sa chéad Seanad eile agus ardú mór tagtha ar líon na dTeachtaí Dála acu agus líon na mball atá acu ar na húdaráis áitiúla.

Idir an dá linn, dúirt iar-úinéir Aer Arann agus an nuachtáin Foinse Pádraig Ó Céidigh ar RTÉ RnaG ar maidin gur ar cheisteanna a bhaineann le cúrsaí fiontraíochta agus fostaíochta is mó a dhíreodh sé dá dtoghfaí chun an tSeanaid é.

Dúirt sé leis go dtabharfadh sé aghaidh “ar an deighilt eacnamaíochta” atá ann idir Baile Átha Cliath agus iarthar na hÉireann.

Fág freagra ar 'Roinnt Gaeilgeoirí ag seasamh do thoghchán an tSeanaid'