Roinn na Gaeltachta i mbun machnaimh ar ghrúpa oibre a chur le chéile chun géarchéim na gcoláistí samhraidh a phlé

Dúirt Roinn na Gaeltachta go raibh os cionn €8 milliún infheistithe in earnáil na gcoláistí samhraidh le dhá bhliain anuas chun í a chobhsú le linn na paindéime agus a chinntiú go mbeadh teacht aniar san earnáil i mbliana

Roinn na Gaeltachta i mbun machnaimh ar ghrúpa oibre a chur le chéile chun géarchéim na gcoláistí samhraidh a phlé

Tá breithniú á dhéanamh ag an Rialtas ar an moladh grúpa oibre a bhunú chun na dúshláin atá roimh earnáil na gcoláistí samhraidh Gaeilge a phlé. 

Tá imní léirithe le déanaí faoi thodhchaí na gcoláistí samhraidh agus iarrtha ar an Rialtas tuilleadh a dhéanamh chun teacht i gcabhair ar an earnáil atá i mbaol tubaiste, a deirtear.

Deir Conradh na Gaeilge gur cheart d’Airí na Gaeltachta Meitheal Oibre a bhunú chun gur féidir na deacrachtaí gearrthéarmacha agus fadtéarmacha atá ag na coláistí samhraidh a phlé. Deir an eagraíocht Ghaeilge go bhfuil “géarchéim” roimh thionscal na gcoláistí samhraidh.

I ráiteas a cuireadh ar fáil do Tuairisc, dúirt urlabhraí ó Roinn na nGaeltachta go bhfuil an moladh sin “á bhreithniú ag an Roinn faoi láthair”.

Cuireadh meitheal oibre ar bun chun an t-ábhar céanna a phlé i bhfómhar na bliana 2020, tar éis do na coláistí samhraidh Gaeltachta a bheith curtha ar ceal de bharr na paindéime Covid-19.

Cuireadh na cúrsaí ar ceal arís an bhliain seo caite ach bhí dóchas ann go bhféadfaí na coláistí samhraidh a athoscailt i mbliana

Dúirt urlabhraí na Roinne go raibh os cionn €8 milliún infheistithe cheana féin in earnáil na gcoláistí samhraidh le dhá bhliain anuas “chun í a chobhsú le linn na paindéime agus chun a chinntiú go mbeadh teacht aniar ag an earnáil i mbliana.” 

“Anuas air sin, fógraíodh ardú 10% sa deontas a íoctar leis na teaghlaigh Ghaeltachta a choinníonn scoláirí le mí anuas ar mhaithe le níos mó teaghlach a mhealladh le lóistín a chur ar fáil agus mar aitheantas ar an ráta ard boilscithe faoi láthair.” 

Thug CONCOS, an eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar na coláistí Gaeilge, le fios an tseachtain seo caite go raibh fadhb mhór ann maidir le lóistín a chur ar fáil do scoláirí sa Ghaeltacht an samhradh seo. 

Meastar go bhfuil breis is 1,000 leaba níos lú ar fáil do choláistí samhraidh Gaeilge i mbliana ná mar a bhíodh ar fáil go hiondúil, rud a d’fhágfadh go mbeadh suas le 3,000 scoláire níos lú ag freastal ar na coláistí i rith an tsamhraidh seo. 

Tá sé fógartha cheana féin ag Coláiste na bhFiann agus ag Coláiste Pobail Chléire nach mbeidh siad in ann cúrsaí a reáchtáil i mbliana.

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh go gcuirfí meitheal oibre ar bun “chun an bealach chun cinn a mheas agus straitéisí éagsúla a ullmhú chun díriú ar thodhchaí na hearnála, ceist na mban tí san áireamh,” mar a dúirt Peadar Mac Fhlannchadha, Bainisteoir Abhcóideachta na heagraíochta.

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh go mbeadh siad féin, Roinn na Gaeltachta, an Roinn Oideachais, Údarás na Gaeltachta, CONCOS, na comharchumainn Ghaeltachta, pleanálaithe teanga agus lucht gnó na Gaeltachta páirteach sa mheitheal oibre chun na fadhbanna a phlé.

Deirtear go gcaithfear céimeanna a ghlacadh chun mná agus fir tí a choinneáil sa chóras agus chun teaghlaigh nua a mhealladh. 

Meastar freisin, go bhfuil sé tábhachtach fáil amach céard iad na tacaíochtaí atá ag teastáil ó choláistí Gaeilge beaga chun iad a choinneáil oscailte agus gur cheart breathnú ar dheiseanna níos mó a thabhairt do dhaoine le freastal ar choláistí Gaeilge. 

Dúirt Mairéad Ní Fhatharta, Cathaoirleach Mheitheal Gaeltachta Chonradh na Gaeilge, go raibh tábhacht ar leith ag baint leis na coláistí samhraidh don Ghaeltacht agus é léirithe ag taighde gur fiú suas le €50 milliún sa bhliain an earnáil d’eacnamaíocht na Gaeltachta. 

Fág freagra ar 'Roinn na Gaeltachta i mbun machnaimh ar ghrúpa oibre a chur le chéile chun géarchéim na gcoláistí samhraidh a phlé'