Róbat pearsanta ar fáil le do chuid éadaigh a fhilleadh, mar mhalairt ar scileanna Marie Kondo

Ní fada uainn an lá go mbeidh FoldiMate i ngach teach leis an leadrán a bhaineann le filleadh éadaigh a mhaolú

Róbat pearsanta ar fáil le do chuid éadaigh a fhilleadh, mar mhalairt ar scileanna Marie Kondo

Maria Kondo

Nuair a chuala mé ar dtús faoin ngléas nua ar a dtugtar FoldiMate rith sé liom ar an bpointe gur drochscéala ceart é do Marie Kondo, an saoi idirnáisiúnta stíl mhaireachtála ón tSeapáin a bhfuil na milliúin leabhar díolta aici agus a sraith féin aici ar Netflix ó thús na bliana. 

Cuireadh samhail den FoldiMate i láthair an phobail den chéad uair ag seó mór earraí leictreonacha in Las Vegas níos túisce an mhí seo. Go bunúsach is róbat nó meaisín é a thógann isteach éadach nua-thriomaithe agus a fhilleann é chomh néata lena bhfaca tú riamh.

Tá an cheird a bhaineann le héadach a fhilleadh go néata sula gcuirtear i dtaisce i dtarraiceán é ar cheann de na scileanna a bhíonn á múineadh ag Marie Kondo le cabhrú le daoine an saol mórthimpeall orthu a shimpliú.

Nuair a scríobh mé alt fúithi anseo ar Tuairisc.ie cothrom an ama seo trí bliana ó shin thagair mé do scríbhneoir amháin i nuachtán an Guardian a dúirt nach ag magadh ar fad a bhí sí nuair a dúirt sí go mbeadh an uair a bhfaca sí Marie Kondo ag míniú do shlua i seomra i Nua-Eabhrac an bealach le t-léine a fhilleadh i measc na gcuimhní cinn a bheadh le roinnt aici le clann a clainne. Dúirt sí gurbh é an dála céanna a bheadh aici is a bheadh ag an té a chuimhneodh ar an uair a chuala siad Pavarotti ar ardán nó go bhfaca siad Beckham ag scóráil cúil, nó titim bhalla Bheirlín nó saoradh Nelson Mandela as príosún!

Ach fiú má fhágann tú an áibhéil ar leataobh is cinnte go bhfuil Marie Kondo tar éis dul i bhfeidhm go mór ar dhaoine, go speisialta duine ar bith atá ag iarraidh fáil réidh le cuid de thranglam an tí agus slacht a chur ar an áit timpeall orthu.

Chuir Kondo go mór lena lucht leanta ollmhór le déanaí de bharr na sraithe ocht gclár dar teideal Tidying Up with Marie Kondo atá ar fáil ar Netflix ó thús na míosa seo. ‘Teilifís réaltachta’ atá i gceist sa tsraith atá bunaithe ar smaoineamh simplí go maith – tagann Maria Kondo i gcabhair ar dhaoine difriúla a bhfuil dúshláin le sárú acu maidir lena stíl mhaireachtála.

Tá lánúin óg ann a bhfuil beirt pháistí acu agus atá ag iarraidh an seomra spraoi agus an chistin a choinneáil néata chomh maith le teaghlach mór in árasán an-bheag, baintreach atá faoi ualach bhróin agus í ag iarraidh dul i dtaithí ar mhalairt saoil, lánúin nuaphósta ag súil lena gcéad pháiste agus, ar ndóigh, an teaghlach gur gá a mhúineadh dóibh cén bealach ceart lena gcuid éadaigh a fhilleadh go healaíonta.

Marie Kondo mar sin a chuir ag smaoineamh arís mé ar an FoldiMate ag an seó mór leictreonach in Las Vegas. Maíonn lucht a dheartha i gCalifornia gur féidir leis an róbat seo gach ball éadaigh, bíodh sin ag páiste nó ag duine a chaitheann éadach XXL, a fhilleadh go néata go réidh agus gan stró. Ach ní hamháin sin, ach spraeálann sé cúpla deoir den chumhrán is fearr leat ar na héadaí le linn a bhfillte!

Is dóigh nach bhfuil mórán againn ann, cé is moite de Marie Kondo féin, a mheasann gur pléisiúr é dul ag filleadh ciseán iomlán d’éadach nuathriomaithe lena gcur i dtaisce.

Tá dhá dheacracht mhóra leis an FoldiMate ag an bpointe seo – ní bheidh lucht a dhéanta i mbun oibre go deireadh na bliana agus tá an praghas an-ard ar fad ag an bpointe seo – thart ar €850 ar do róbat pearsanta féin. 

Ach ar nós gach táirge leictreonach nua ní fada go mbeidh a mhacasamhail le fáil níos fairsinge agus níos saoire agus beidh ceann i gcúinne an tí ag daoine leis an leadrán a bhaineann le filleadh éadaigh a mhaolú fad is atá siad féin ag breathnú ar Marie Kondo ar theilifís réaltachta Netflix.

Fág freagra ar 'Róbat pearsanta ar fáil le do chuid éadaigh a fhilleadh, mar mhalairt ar scileanna Marie Kondo'