Rian na bhféilte ársa fós le sonrú i gclár álainn

'Séard a chuireann an tsraith Na Féilte Tine roimhe ná cíoradh a dhéanamh ar na miotais, traidisiúin, nósanna agus creidiúintí atá fite fuaite sna seanfhéilte págánach a Ceilteacha

Rian na bhféilte ársa fós le sonrú i gclár álainn

‘Samhain, féile na gcríoch,
ar thairseach na bliana nua.
Samhain, tráth bailithe na bhfuílleach
as rian gortach na dúluachra.
An spléachadh deireanach
ar fhlúirse an Fhómhair
sula nochtfar aghaidh na caillí.’

(Sliocht as Dán le Grace Wells aistrithe ag Seosamh Ó Murchú)

‘Séard a chuireann an tsraith ceithre chlár Na Féilte Tine (Dé Luain, RTÉ1) roimhe ná cíoradh a dhéanamh ar na miotais, traidisiúin, nósanna agus na creidiúintí atá fite fuaite sna seanfhéilte págánacha Ceilteacha. Ní nach ionadh gur cuireadh an tsraith sa tsiúl an tseachtain chéanna  le Féile na Samhna. Sna gálaí a bheidh le teacht díreofar ar fhéiltí Imbolc, na Bealtaine agus Lúnasa.

Mheabhraigh an clár seo dúinn go heolgaiseach ealíonta go bhfuil na féilte ársa seo ceangailte go dlúth le séasúir na bliana agus rithim an tsaoil. Iad ceangailte chomh maith leis an dá ghrianstad agus an dá chónocht. Insíodh dúinn gur chabhraigh na Féilte seo le daoine tuiscint a fháil ar an saol agus cúrsaí ama is a bheith istigh leo féin.

Cuireadh abhaile orainn arís is arís eile go bhfuil an tuiscint go bhfuil cúrsaí an tsaoil timthriallach, seachas líneach, fréamhaithe go domhain sna creidiúintí págánacha. Ar an mbonn sin ba dhual don tsraith tosnú sa dorchadas le Féile na Samhna; i ré na gCeilteach ba í tús na bliana úire í.

Tosnaíonn an saol sa dorchadas; an leanbh sa bhroinn agus an planda sa chré. An doircheacht roimh an solas, an fás i ndiaidh an fheo.

Ócáid ar leith í Féile na Samhna mar a bhfuil an ‘cuirtín’ idir an saol seo agus an saol eile tarraingthe siar, nó go bhfuil an ‘doras’ ar leathadh ábhairín. Bheadh an slua sí, Tuatha Dé Danann agus na púcaí ar cuairt chugainn.

I gclár na seachtaine seo tugadh cuntas chomh maith ar na cluichí traidisiúnta a bhain leis an oíche agus tslí gur chuimsigh féilte den saghas seo, agus a gcuid miotais, tuiscintí is creidiúintí an phobail. Thuig an Chríostaíocht cumhacht na bhféilte seo agus dá bharr deineadh iarracht craiceann na Críostaíochta a leagadh orthu; sé an chéad lá de mhí na Samhna Féile na Naomh Uile.

Tugadh siar chuig Éire na bpágánach sin agus an traidisiún a bhain le Tlachta. Bandraoi a cailleadh ag saolú clainne agus ar eascair nós tine ón mbás. De réir an tseanchais mhúchtaí na tinte ar fad an tráth sin bliana agus théadh an tArd-Rí ó Theamhair go cnoc Tlachta le tine nua na bliana a adú. Scaipeadh sí as sin ar fud na tíre.

Bhí meitheal mhór cloigne cainte againn, a bhformhór mór ag labhairt as Gaeilge. Bhí dreasanna cainte breátha ó Lillis Ó Laoire, Manchán Magan, Simon Ó Cróinín, an Dr. Pádraigín Ní Uallacháin agus a lán eile nach iad. Tugadh sinn ar thuras foghlama agus deineadh an béaloideas agus an fhealsúnacht a shníomh le chéile go paiteanta i gclár álainn.

Fág freagra ar 'Rian na bhféilte ársa fós le sonrú i gclár álainn'