Réaltaí móra ag tacú le ‘Lá Dearg’ do chearta teanga

Tá teacht le chéile mór ar son cearta teanga agus reachtaíocht don Ghaeilge á reáchtáil ag na Dream Dearg i mBéal Feirste amárach

Réaltaí móra ag tacú le ‘Lá Dearg’ do chearta teanga

Tá aisteoirí mór le rá amhail James Nesbitt agus Adrian Dunbar ag tacú le feachtas Na Dream Dearg ar son cearta teanga agus leis an slógadh ‘Lá Dearg’ a bheidh ar siúl an Satharn beag seo. 

Tá a gcuid tacaíochta á léiriú don fheachtas chomh maith ag réaltaí móra ó Chumann Lúthchleas Gael, leithéidí Aoife Ní Chaiside (Doire), Conor McCann (Aontroim), Conor Meyler agus Stephen O’Neill (Tír Eoghain), Michael Rooney (Cill Chua, An Dún) agus Niall McKenna (Aontroim).

“Tá sé iontach a fheiceáil go bhfuil réalta móra teilifíse, scannáin agus spóirt ag seasamh leis an fheachtas ar son acht teanga,” a deir Padaí Ó Tiarnaigh ón Dream Dearg. “Tá a fhios ag an domhan mór go bhfuil pobal na Gaeilge ó thuaidh ag troid le fada fada an lá le haghaidh cearta teanga agus reachtaíocht don Ghaeilge.

“Táimid beagnach ann, agus ar an Satharn beag seo beidh pobal na Gaeilge agus cairde leis an teanga ag tarraingt ar Bhéal Feirste, áit a mbeidh ceann de na hócáidí is mó Gaeilge riamh sa chathair,” ar sé. 

“Táimid ag súil leis na mílte daoine a bheith ann ag siúl mar chuid den Lá Dearg chun teachtaireacht mhór a thabhairt don rialtas go bhfuil cearta teanga de dhíth orainn agus nach nglacfaidh muid le cos ar bolg nó le himeallú mar a tharla le blianta fada anuas.

“Tá an pobal seo eagraithe, tá siad gníomhach, tá siad glórach, agus ar an Satharn seo beidh siad dearg le fearg. Gabhann muid buíochas le gach duine sa phobal agus na réalta móra sin as an tacaíocht agus as an scéal a scaipeadh maidir leis an Satharn seo agus an fheachtas cearta teanga trí chéile,” a deir Padaí Ó Tiarnaigh.

Fág freagra ar 'Réaltaí móra ag tacú le ‘Lá Dearg’ do chearta teanga'