Réalta Britain’s Got Talent i bhfíseán nua ceoil TG Lurgan

Tá Leah Barniville le feiceáil san fhíseán ‘Siansa’, leagan Gaeilge den amhrán ‘Symphony’ le Zara Larsson ar chainéal YouTube Choláiste Lurgan

Réalta Britain’s Got Talent i bhfíseán nua ceoil TG Lurgan

Is í Leah Barniville, as Contae na Mí, atá ina príomhamhránaí san fhíseán ceoil is deireanaí ó Choláiste Lurgan in Indreabhán. Bhí Barniville, a bheidh ag tabhairt faoin Teastas Sóisearach an bhliain seo chugainn, sna babhtaí deireanacha den chomórtas tallainne Britain’s Got Talent níos luaithe i mbliana.

D’éirigh léi dul chomh fada le babhta leathcheannais an chomórtais sa Bhealtaine.

D’fhreastail sí ar chúrsa B sa choláiste cáiliúil Gaeilge i nGaeltacht Chonamara an samhradh seo, áit ar thaifead sí leagan Gaeilge den amhrán ‘Symphony’ le Zara Larsson — ‘Siansa’.

Beidh an físeán nua ceoil á chraoladh sa chéad eagrán den tsraith nua teilifíse Lurgan 2K17 ar TG4 i mí na Nollag.

Tá cáil idirnáisiúnta ar TG Lurgan, an cainéal YouTube atá ag Coláiste Lurgan, as na físeáin cheoil a thaifeadtar sa choláiste Gaeilge. Tá os cionn 230 físeán curtha suas le beagnach deich mbliana anuas agus tá os cionn 1,000,000 radharc ag seacht gcinn acu sin anois.

Taifeadtar idir leaganacha Gaeilge d’amhráin mhóra Bhéarla agus amhráin nuachumtha Gaeilge.

Fág freagra ar 'Réalta Britain’s Got Talent i bhfíseán nua ceoil TG Lurgan'