Rás mór trastíre buaite ag múinteoir Gaelscoile

Bhuaigh Íde Nic Dhomhnaill an Autumn Invitational Open a ritheadh ar an nDomhnach ar Champas Spóirt na hÉireann i mBaile Átha Cliath

Rás mór trastíre buaite ag múinteoir Gaelscoile

Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Tá an chéad rás den séasúr reathaíochta trastíre buaite ag múinteoir Gaelscoile as contae Luimnigh.

Bhuaigh Íde Nic Dhomhnaill an Autumn Invitational Open a ritheadh ar an nDomhnach ar Champas Spóirt na hÉireann i mBaile an Aba i mBaile Átha Cliath.

Thóg sé 20:38 nóiméad ar Íde Nic Dhomhnaill an cúrsa 6km a chríochnú agus í 15 soicind chun tosaigh ar an Oilimpeach Louise Shanahan.

Ball de Chumann Lúthchleasaíochta Iarthar Luimnigh í Nic Dhomhnaill, arb as An Caisleán Nua di ach atá anois ina cónaí i mBaile Átha Cliath agus í ag múineadh i nGaelscoil Naomh Pádraig i Leamhcán.

Bhuaigh sí a céad chraobh náisiúnta níos luaithe i mbliana agus an chraobh 5,000 méadar buaite aici ar an raon reatha i Seantrabh i mí Iúil.

Ag labhairt di i ndiaidh an rása inné, dúirt Nic Dhomhnaill (38) gurb é sin an chéad rás trastíre a bhí rite aici le roinnt blianta ach go raibh an bua a bhí aici sa samhradh tar éis an-mhuinín a thabhairt di agus go raibh sí anois chun díriú ar an gcraobh náisiúnta faoi cheann roinnt seachtainí.

Beidh an Chraobh Náisiúnta Thrastíre ar bun i nGabhrán i gCill Chainnigh ar an 19 Samhain. Má éiríonn go maith le Nic Dhomhnaill ansin, d’fhéadfadh sí a bheith mar chuid d’fhoireann na hÉireann a ghlacfaidh páirt i gCraobhacha na hEorpa sa Bhruiséil ag tús mhí na Nollag.

Keelan Kilrehill ó Moy Valley AC [Cumann Lúthchelasaíochta Ghleann na Muaidhe] i gcontae Mhaigh Eo a bhuaigh rás 8,000m na bhfear ar an nDomhnach i 24:27.

Fág freagra ar 'Rás mór trastíre buaite ag múinteoir Gaelscoile'