Raonaithe na Croise an chéad dúshlán eile roimh Ghaoth Dobhair i gCraobh Uladh

D’éirigh le peileadóirí Ghaoth Dobhair na cosa a thabhairt leo sna babhtaí ceathrú ceannais i gCraobh Shinsir Uladh ach ní raibh an rath céanna ar na foirne Gaeltachta eile a bhí ag imirt gcraobhchomórtais na gcúigí

Raonaithe na Croise an chéad dúshlán eile roimh Ghaoth Dobhair i gCraobh Uladh

Cian Mulligan (Gaoth Dobhair). Pictiúr: INPHO/Andrew Paton

Dún na nGall

Casfaidh peileadóirí Ghaoth Dobhair ar Raonaithe na Croise i gcluiche leathcheannais Uladh faoi cheann coicíse tar éis d’fhir na Gaeltachta an ceann is fearr a fháil ar churaidh Aontroma, An Carraigín. Ceithre phointe a bhí idir na foirne.

Bhí cuma na maitheasa ar Ghaoth Dobhair ag leath ama agus iad deich bpointe chun tosaigh, 2-10 in aghaidh 0-6, ach tháinig an Carraigín ar ais go láidir sa dara leath agus bhí na Conallaigh buíoch den chúl a fuair Micheál Carroll tar éis 56 nóiméad a chinntigh an bua dóibh.

Ní raibh teacht ag Gaoth Dobhair ar Odhrán Mac Niallais, laoch chluiche ceannais an chontae, ná ar Odhrán McFadden-Ferry, ach bhí siad fós rómhaith dá gcéilí comhraic sa chéad leath sin inar aimsigh Kevin Cassidy agus Cian Mulligan cúl an duine.

Ach rinne an Carraigín an-teacht aniar i ndiaidh an tsosa. D’aimsigh siad 1-6 sa chéad 25 nóiméad den dara leath, agus gan ag Gaoth Dobhair sa tréimhse chéanna ach cúilín amháin, rud a d’fhág go raibh farasbarr Ghaoth Dobhair laghdaithe go dtí dhá phointe. Tháinig foireann Mhachaire Gathlán chucu féin arís ansin agus fuair Carroll an tríú cúl dóibh, rud a fhágann gurb iad fir na Gaeltachta a bheidh ag tabhairt aghaidh ar bhoic mhóra Ard Mhacha sa gcéad bhabhta eile.

Bhí foirne Ghleann Fhinne ag imirt i gcraobhchomórtais Uladh ag an deireadh seachtaine chomh maith ach ní haon dea-scéala a bhí i ndán dóibh.

Chlis ar mhná an chumainn i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Uladh Dé Sathairn nuair a fuair Domhnach Maighean an ceann is fearr orthu. Ba í seo an t-aonú huair déag ó 2004 go bhfuil craobh an chúige tugtha leo ag foireann Mhuineacháin agus bhí siad i gceannas ó thús go deireadh i gcluiche an deireadh seachtaine seo.

Ní raibh ach cúl idir na foirne ag leath ama agus Domhnach Maighean chun tosaigh 1-4 in aghaidh 0-4, ach d’aimsigh siad seacht bpointe as a chéile i ndiaidh leath ama. Scóráil Yvonne Bonner cúl do Ghleann Fhinne agus gan ach deich nóiméad fágtha ach bhí a rás rite faoi tráth seo, agus bua 1-15 in aghaidh 1-8 ag Domhnach Maighean ar deireadh.

Ní dhearna fir an chumainn aon cheo níos fearr agus fuair seaimpíní Dhoire, Beannchar, an ceann is fearr orthu i gcluiche ceathrú ceannais Chraobh Idirmheánach Uladh. Cé gur taispeánadh cártaí dubha do bheirt d’imreoirí Bheannchair sa chéad leath, bhí siad fós 0-7 in aghaidh 0-3 chun tosaigh ag leath ama.

D’aimsigh Gavin O’Neill cúl d’fhir Dhoire leath bealaigh tríd an dara leath chun iad a chur níos faide fós chun cinn agus theip ar Ghleann Fhinne aon teacht ar ais a dhéanamh san am a bhí fágtha.

Ríona Ní Fhlatharta (Naomh Anna) ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2017. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Gaillimh

Briseadh croí a bhí i ndán do mhná Naomh Anna, Leitir Móir an deireadh seachtaine seo nuair a a buaileadh iad i gcluiche ceannais Chraobh Shóisir Chonnacht. Trí phointe d’fharasbarr a bhí ag foireann Shligigh, Tuar Loistreáin, orthu Dé Sathairn i gcluiche a chríochnaigh 3-12 in aghaidh 1-15.

Cé gurbh iad Naomh Anna a d’aimsigh an chéad scór sa gcluiche, sin an t-aon uair sa gcluiche a raibh siad chun cinn ar Thuar Loistreáin. D’aimsigh Laura Surlis agus Katie Walsh cúl d’fhoireann Shligigh i lár an chéad leatha agus bhí siad deich bpointe chun tosaigh ag tráth amháin sa gcéad leath sin.

Léirigh imreoirí Naomh Anna an mianach atá iontu nuair a tháinig siad ar ais sa gcoimhlint go tréan. D’aimsigh Ríona Ní Fhlatharta cúl dóibh díreach roimh leath ama, rud a d’fhág sé phointe idir na foirne ag an mbriseadh agus bhí an bhearna sin laghdaithe go dtí trí phointe acu leath bealaigh tríd an dara leath.

D’aimsigh sárthosach Thuar Loistreáin Katie Walsh cúl tar éis 43 nóiméad agus cé gur shlánaigh Sarah Ní Loingsigh cúig chic saor as a chéile chun aon phointe amháin a fágáil idir an foirne i dtreo dheireadh na himeartha, ba iad mná Shligigh ba láidre a chríochnaigh agus a thug leo an corn.

I gCraobh Shinsir na bhfear, beidh deis eile ag peileadóirí Bhearna fanacht sa phríomhghrád don chéad bhliain eile tar éis dóibh críochnú ar comhscór, 0-11 in aghaidh 1-8, le Seamróga Chortúin sa chluiche dícháilithe.

Ba cheart d’fhoireann na Gaeltachta an cluiche seo a bheith buaite mar bhí siad trí phointe chun cinn tar éis 59 nóiméad ach d’aimsigh Seamróga Chortúin 1-1 in am cúitimh. Ón gcic deireanach sa gcluiche a fuair Jason Lyons an cúilín a theastaigh ó Bhearna chun an comhscór a chinntiú.

Fág freagra ar 'Raonaithe na Croise an chéad dúshlán eile roimh Ghaoth Dobhair i gCraobh Uladh'