Radharc ar bith ar threoirlínte pleanála don Ghaeltacht breis is dhá bhliain ó gealladh iad

Nuair a gheall an tAire O’Brien na treoirlínte pleanála ar dtús i bhfómhar 2021, dúirt sé go mbeadh siad foilsithe roimh dheireadh na bliana sin ach níl in ann a rá anois cén uair a fheicfear iad

Radharc ar bith ar threoirlínte pleanála don Ghaeltacht breis is dhá bhliain ó gealladh iad

Níl an tAire Tithíochta sásta tuairim ar bith a thabhairt maidir le cén uair a fhoilseofar treoirlínte pleanála don Ghaeltacht breis is dhá bhliain ó gheall sé go gcuirfí a leithéid ar fáil.

Deir an tAire Darragh O’Brien go bhfuil a Roinn, Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta fós “ag leanúint lena gcuid oibre” maidir le treoirlínte pleanála ar leith do cheantair Ghaeltachta, ach ní dúirt sé cén uair a mbeadh an obair sin curtha  i gcrích.

Nuair a gheall an tAire O’Brien na treoirlínte pleanála ar dtús i bhfómhar na bliana 2021, dúirt sé go mbeadh siad foilsithe roimh dheireadh na bliana sin. Cuireadh an sprioc sin siar go dtí an chéad ráithe de 2022 ach loiceadh ar an dáta sin chomh maith agus tá diúltaithe ag an Aire ó shin dáta nó fiú tréimhse ar leith a lua le foilsiú na dtreoirlínte.

Mar fhreagra ar cheist ón Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, maidir le cén uair a d’fhoilseofaí na treoirlínte, thug an tAire le fios go raibh staidéar a bhaineann le feidhmiú na dtreoirlínte beagnach réidh. Ach dúirt sé go raibh roinnt céimeanna eile le tabhairt, measúnachtaí dlí agus comhairliúcháin phoiblí ina measc, sula bhféadfaí aon treoirlínte a chur i bhfeidhm.

Luaitear cúrsaí tithíochta agus na deacrachtaí a bhíonn ag muintir na Gaeltachta cead pleanála a fháil go minic mar cheann de na fadhbanna is mó atá ag cur as don Ghaeltacht i láthair na huaire. Deir daoine sa Ghaeltacht agus eagraíochtaí teanga go bhfuil ceantair Ghaeltachta i mbaol toisc a dheacra is a bhíonn sé ag muintir na háite tithíocht a fháil ina gceantar féin agus toisc nach dtugtar cosaint mar ba cheart don teanga sa chóras pleanála.

Dúirt an tAire O’Brien roimhe seo gur theastaigh beartas pleanála ar leith don Ghaeltacht chun cabhrú le cosaint agus spreagadh na Gaeilge sna ceantair sin.

Ceann de na gnéithe atá beartaithe mar chuid de na treoirlínte pleanála nua ná Ráiteas Tionchair Teanga caighdeánaithe d’fhorbróirí a bheadh ag iarraidh tithe a thógáil sa Ghaeltacht.

Choimisiúnaigh Roinn na Gaeltachta staidéar ar mhodheolaíocht agus formáid na RTT nua agus deir O’Brien go bhfuil an obair sin anois “beagnach críochnaithe”.

Nuair a dhéanfar na treoirlínte a dhréachtú déanfar scagadh éigeantach orthu faoi dhlí an AE do Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MSC), chomh maith le Measúnacht Chuí (MC).

Dúirt an tAire go bhfoilseofaí ina dhiaidh sin dréacht-treoirlínte a chuirfí faoi bhráid an phobail a chun a dtuairimí a fháil ina dtaobh. Níor dúirt sé cén uair a tharlódh an próiseas comhairliúchán sin.

Tá ráite roimhe seo ag Sinn Féin go bhfuil “praiseach” déanta ag an Rialtas do scéal na dtreoirlínte.

Dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, go bhfuil sé “scannalach” nach bhfuil aon radharc ar na treoirlínte go fóill agus gurb iad muintir na Gaeltachta atá thíos leis an moill.

Fág freagra ar 'Radharc ar bith ar threoirlínte pleanála don Ghaeltacht breis is dhá bhliain ó gealladh iad'

  • Páid Ó Donnchú

    Beidh sé seo thar a bheith suimiúil breathnú air.

    Cén chaoi go féidir leo an Ghaeltacht a mharú chúns a mbítear ligean ortthu a mhalairt a dhéanamh

  • Pól Ó Braoin

    Níl suim dá laghad i dteacht chun cinn na Gaeltachta ag dream an tsaorstáit agus ní raibh riamh. An post is airde sa “roinn” níl gá le cumas i nGaeilge. An roinn féin: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán. In ainm Dé!!!
    Tá madaí an bhaile in ann a fheiceáil gur in íochtar íochtar bhuicéad an chuma liom atá aon cheo a bhaineas leis na treoirlínte céanna agus cuireann an easpa spéise an easpa suime úd fearg an diabhail orm.