Rabhadh oráiste báistí fógartha do Chiarraí agus do Chorcaigh agus stoirm Agnes ar a bealach

Tá rabhadh buí gaoithe fógartha do chúige Laighean agus do chúige Mumhan go léir amárach

Rabhadh oráiste báistí fógartha do Chiarraí agus do Chorcaigh agus stoirm Agnes ar a bealach

Tá rabhadh oráiste báistí fógartha ag Met Éireann do Chiarraí agus do Chorcaigh amárach agus stoirm Agnes ar a bealach chun na hÉireann.

Beidh báisteach throm agus gaoth láidir scuabach le linn tréimhse an rabhaidh oráiste, a mhairfidh ó 9am go dtí 3pm.

Tá rabhadh buí gaoithe fógartha do chúige Laighean agus do chúige Mumhan go léir agus beidh rabhadh buí báistí i bhfeidhm chomh maith i gCeatharlach, Baile Átha Cliath, Cill Chainnigh, Loch Garman, Cill Mhantáin agus Port Láirge.

Tiocfaidh an dá rabhadh sin i bhfeidhm ag 7am amárach agus mairfidh siad go dtí meán oíche.

Deir Met Éireann go bhfuil gach seans ann go gcuirfidh Stoirm Agnes isteach ar chúrsaí amárach agus í ag déanamh a slí ó thuaidh.

Beidh baol tuilte cois cósta agus tá rabhadh tugtha chomh maith ag Met Éireann faoi bhristeacha cumhachta agus crainn a bheith á leagadh ag an stoirm.

Deir Met Éireann go bhféadfadh go mbeadh fuarlaigh ar bhóithre agus an léargas go dona mar gheall ar an mbáisteach throm gan stad.

Iarrtar ar thiománaithe a bheith san airdeall ar na bóithre mar go mbeidh siad contúirteach go maith in áiteanna.

Tá rabhadh buí mara i bhfeidhm chomh maith i gceantair cois cósta an oirthir agus an deiscirt.

Sa Tuaisceart tá rabhadh buí gaoithe fógartha d’Aontroim, Ard Mhacha, an Dún, Fear Manach, Tír Eoghain agus Doire.

Fág freagra ar 'Rabhadh oráiste báistí fógartha do Chiarraí agus do Chorcaigh agus stoirm Agnes ar a bealach'