Rabhadh le tabhairt ag an gCoimisinéir Teanga do RTÉ i dTithe an Oireachtais

Beidh an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán tráthnóna chun plé a dhéanamh ar a thuarascáil bhliantúil

Rabhadh le tabhairt ag an gCoimisinéir Teanga do RTÉ i dTithe an Oireachtais

Tabharfaidh an Coimisinéir Teanga rabhadh do RTÉ i dTithe an Oireachtais tráthnóna nach aon leithscéal a sholáthar clár do TG4 ná ábhar Gaeilge a bheith acu ar líne as a bheith ag sárú an dlí chraolacháin.

Beidh an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán tráthnóna chun plé a dhéanamh ar a thuarascáil bhliantúil a foilsíodh an mhí seo caite.

Dúirt an Coimisinéir Teanga sa tuarascáil sin go raibh 99.3% de sceideal teilifíse RTÉ i mBéarla amháin agus go raibh an craoltóir ag sárú an Achta Craolacháin dá bharr.

Thug an Coimisinéir sé mhí do RTÉ plean feidhmithe a chur faoina bhráid ina leagfaí amach conas a chinnteofaí go gcloífí feasta lena ndualgas i leith na Gaeilge.

Má bhíonn an Coimisinéir den tuairim nach bhfuil sé i gceist moltaí a imscrúdaithe a chur i bhfeidhm cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Thithe an Oireachtais. 

Déarfaidh an Coimisinéir leis an gcoiste inniu go bhfuil sé ag súil go gcuirfidh lucht RTÉ a chuid moltaí i bhfeidhm mar “a dhéanfadh aon chomhlacht poiblí freagrach”. Má dhéantar sin beidh “tionchar mór” aige “ar sholáthar na gclár teilifíse Gaeilge san am atá le teacht”, a déarfaidh sé.

Déarfaidh sé ag cruinniú an lae inniu go bhfuil “craoladh clár teilifíse Gaeilge beagnach caite i dtraipisí ar fad ag an gcraoltóir náisiúnta” faoin tráth seo.

“Cibé céard faoi aon sárú reachtaíochta is bocht an scéal é sin d’aon chraoltóir náisiúnta; is é sin go mbeadh céadteanga oifigiúil na tíre fágtha ar lár ar fad beagnach ó chraoladh teilifíse an chraoltóra chéanna.”

Mar fhreagra ar chinneadh an Choimisinéara, luaigh RTÉ an soláthar reachtúil clár a dhéanann siad do TG4 agus an t-ábhar Gaeilge a bhíonn acu ar líne.

Ach déarfaidh an Coimisinéir le baill an choiste Oireachtais tráthnóna nach mbaineann dualgas reachtúil RTÉ i leith TG4 ná soláthar digiteach RTÉ beag ná mór lena ndualgas maidir le craoladh réimse cuimsitheach clár teilifíse agus raidió i nGaeilge.

Déarfaidh sé gur léir gurbh é toil an Oireachtais nuair a achtaíodh an reachtaíocht chraolacháin go mbeadh an Ghaeilge le feiceáil agus le cloisteáil ar sheirbhís teilifíse agus raidió an chraoltóra náisiúnta.

“Socraíodh an dualgas sin agus lánfheasacht [ann] ar ról TG4. Gan dabht tá breithiúnas i gceist le céard is brí le ‘réimse cuimsitheach’ ach nuair ba leibhéal íosta ar fad an méid clár a bhí á chraoladh ar an tseirbhís teilifíse b’éasca a aithint nach raibh an dualgas á chomhlíonadh.” 

“Sna míonna beaga amach romhainn beidh mé ag súil le tuarascáil agus plean ó RTÉ ar an mbealach a dtabharfar faoi chomhlíonadh na ndualgas reachtúil teanga seo.  Is é comhlíonadh na ndualgas sin an t-aon slat tomhais a bheidh in úsáid agamsa agus mé ag tabhairt mo bhreithiúnais an leor na moltaí a dhéantar in aon phlean a thagann ó RTÉ.”

Déarfaidh an Coimisinéir Teanga i dTithe an Oireachtais chomh maith tráthnóna go dteastaíonn “athmhachnamh ar chur chuige an Stáit i leith na Gaeilge”. 

Déarfaidh sé go bhfuil géarghá leis an reachtaíocht teanga nua atá geallta le fada ach nach leor í aisti féin.

“Níl aon amhras ach go dteastaíonn athrú ón mbun aníos ar chur chuige an Státchórais chomh maith.  Níor cheart go mbeadh eagraíochtaí stáit ag féachaint ar an nGaeilge mar ualach nó mar dhualgas atá le comhlíonadh go drogallach nó le seachaint nuair is féidir. 

“Ba cheart go bhféachfaí i gcónaí le stádas a thabhairt don teanga agus a húsáid a chur chun cinn in chuile bheartas agus gníomhaíocht de chuid an Stáit más ann go bhfuiltear chun caitheamh léi mar theanga oifigiúil atá ar comhchéim leis an mBéarla.”

Fág freagra ar 'Rabhadh le tabhairt ag an gCoimisinéir Teanga do RTÉ i dTithe an Oireachtais'

  • Éamonn Ó Gribín

    Maidir le “Ba cheart go bhféachfaí i gcónaí le stádas a thabhairt don teanga agus a húsáid a chur chun cinn in chuile bheartas agus gníomhaíocht de chuid an Stáit más ann go bhfuiltear chun caitheamh léi mar theanga oifigiúil atá ar comhchéim leis an mBéarla.”

    Ach, sa bhliain 2001 thug an breitheamh Hardiman (RIP) le fios;”.. ní féidir caitheamh léi (an Ghaeilge) sna comhthéacsanna seo ar shlí ar bith nach bhfuil chomh fabhrach leis an tslí a, tgcaitear leis an dara teanga oifigiúil (an Béarla) “.

    Sa bhliain 2003, thug an tAire a bhí ann ag an am, an tUasal Éamon Ó Cuív, an méid seo a leanas le fios; “Tá áthas orm bheith ar ais sa Seanad leis an mBille seo (‘Bille na dTeangacha Oifigiúla (Comhionannas) 2002’ (Céim an Choiste. Cuid 1)) . Mar chúlra do na leasuithe atá á moladh, bhí plé fada ar roinnt ceisteanna a ardaíodh liom ó foilsíodh an Bille agus óna bhí an Dara Chéim den mBille an t-earrach seo caite. Tháinig an cheist aníos ó thaobh seasamh bunreachtúil na Gaeilge agus go raibh dóchar a dhéanamh don seasamh sin trína rá go raibh comhionannas ann agus mar sin ag iarraidh athphlé a bhí ar bun leis an bhPríomh-Aturnae Stáit atá socraithe an focal “comhionannas” a bhaint amach as an mBille ar fhaitíos na míthuisceana gur céim síos don nGaeilge a bheadh i gceist mar deir an Bunreacht “Os í an Ghaeilge an teanga náisiúnta, is í an príomhtheanga oifigiúil í”. Cé go dtugann an Bunreacht an seasamh sin don nGaeilge, caithfimid a admháil nach mar sin atá cúrsaí agus mar sin níl i gceist sa mBille aon chosaint don Bhéarla mar ní léir go bhfuil aon bhagairt nó aon bhrú ar an mBéarla mar theanga taobh istigh den Stát seo. ”

    Ar an drochuair is cosúil go bhfuil an Coimisinéir ag fógairt go bhfuil “comhionannas” ann sa chomhthéacs seo…cén fáth?