Scoileanna le dúnadh i 12 contae de dheasca Stoirm Barra agus rabhadh dearg do Chiarraí is Corcaigh

Drochmhaidin cheart a bheidh ann amárach le gálaí gaoithe anoir aneas, clagarnach bháistí agus sneachta in áiteanna

Scoileanna le dúnadh i 12 contae de dheasca Stoirm Barra agus rabhadh dearg do Chiarraí is Corcaigh

Deir an Roinn Oideachais nár chóir do scoileanna oscailt amárach má tá siad i gcontaetha a bhfuil stádas oráiste nó dearg aimsire i bhfeidhm iontu.

Beidh Gaillimh, Ciarraí agus Corcaigh i measc na gcontaetha is measa a bheidh buailte ag Stoirm Barra amárach agus beidh foláireamh dearg stoirme i bhfeidhm i gCiarraí, i gCorcaigh agus i gcontae an Chláir ó 6am amárach.

Is iad na contaetha a mbeidh rabhadh oráiste i bhfeidhm iontu agus ina mbeidh na scoileanna dúnta chomh maith ná an Ghaillimh, Maigh Eo, Port Láirge, an Mhí, Luimneach, Baile Átha Cliath, Loch Garman, an Lú agus Cill Mhantáin.

D’fhéadfadh síobadh sneachta a bheith ann i nDún na nGall ar feadh cúpla uair an chloig.

Dúirt Evelyn Cusack, Ceannasaí na Réamhaisnéise i Met Éireann, go bhfágfadh teacht Stoirm Barra go mbeadh beatha daoine i mbaol as seo go ceann dhá lá agus go bhféadfadh tuilte agus sneachta a bheith ann.

Drochmhaidin cheart a bheidh ann amárach le gálaí gaoithe anoir aneas, clagarnach bháistí agus sneachta in áiteanna.

Beidh an rabhadh dearg aimsire i bhfeidhm i gCiarraí ó 6am maidin amárach go dtí 9pm oíche amárach, agus beidh sé i bhfeidhm i gcontae an Chláir ó 4pm amárach go dtí 1pm Dé Céadaoin.

Meastar gur timpeall 6am maidin amárach a bhuailfidh Stoirm Barra cósta an iarthair agus déanfaidh sí a bealach trasna na tíre ansin.

Táthar ag tuar go bhféadfadh 130 ciliméadar san uair a bheith leis an stoirm an uair is measa a bheidh sí.

Ní nach ionadh, le cósta is déine a bheidh an ghaoth agus tá rabhadh dearg i bhfeidhm ar an gcósta, ó Chuan na Gaillimhe go dtí Bá Bheanntraí, ó 3am ar go dtí 11pm amárach, agus fórsa stoirme 10 á thuar le farraige.

Tá Met Éireann ag moladh do dhaoine a bheith an-chúramach agus deir siad gur cheart rudaí a cheangal síos agus troscán a bhíonn taobh amuigh a thabhairt isteach.

Beidh báisteach an-trom ann agus idir 50mm agus 70mm á thuar.

Fág freagra ar 'Scoileanna le dúnadh i 12 contae de dheasca Stoirm Barra agus rabhadh dearg do Chiarraí is Corcaigh'