Rabhadh buí gála leis an gcósta thiar agus drochaimsir geallta an dá lá seo

Tiocfaidh an foláireamh gála seo i bhfeidhm i gCiarraí agus i gcontae an Chláir óna 7.00 pm anocht

Rabhadh buí gála leis an gcósta thiar agus drochaimsir geallta an dá lá seo

Tá fógra buí gála eisithe ag Met Éireann do shé chontae leis an gcósta thiar.

Tiocfaidh an foláireamh seo i bhfeidhm i gCiarraí agus i gcontae an Chláir óna 7.00 pm anocht. Táthar ag tuar go mbeidh neart idir 50 agus 65 km san uair leis an ngaoth ach go bhféadfadh siotaí a bheith léi le cósta agus ar thalamh rite a bheadh idir 90 agus 110 km san uair.

Dhá uair an chloig ina dhiaidh sin, 9.00 pm, a thiocfaidh an rabhadh gála i bhfeidhm i nGaillimh agus i Maigh Eo agus beidh sé ina mhaidin, 6.00 am, sula sroichfidh an gála Sligeach agus Dún na nGall.

Anoir aneas a bheidh an gála gaoithe fórsa a 8 sin ar dtús ach í ag athrú siar ó dheas amach san oíche agus fórsa 8 agus a 9 léi ó Rinn an Róistigh go Ceann Léime agus níos déanaí ó thuaidh go Cnoc Fola.

Táthar ag tuar go mbeidh an oíche ag titim – 9.00 pm – amárach sula dtiocfaidh aon lagan ar an ngála ar an gcósta thiar.

Cé go bhfuil an lá inniu go breá agus an teocht idir 16 agus 20 céim Celsius, athróidh sé béasa sna iarnóin agus scaipfidh báisteach throm thoirní ón oirthuaisceart ar fud na tíre.

Oíche fhliuch ghaofar atá romhainn anocht agus cé go mbeidh corrthamall gréine agus corrmhúr againn amárach, beidh sé gaofar.

Ar ndóigh sa leath thiar den tír is mó a bheidh na ceathanna agus triomóidh sé san oirdheisceart amach sa lá. Beidh sé ruainne beag níos fuaire idir 12 to 16 céim Celsius.

Grian, múraíl agus siotaí gaoithe atá á ngealladh dúinn ar an Satharn agus na ceathanna sin níos flaithiúla sa tuaisceart agus an baol ann gur tréimhsí fada fearthainne a bheidh ansin níos déanaí sa lá.

Sa deisceart agus san oirthear is fearr a bheidh an ghrian mar a mbeidh an teocht idir 13 agus 16 d céim Celsius.

Tá fainic curtha ag Met Éireann ar lucht farraige faoin ngála fórsa a 8 agus a 9 ó Rinn an Róistigh go Cionn Mhálanna ó thráthnóna anocht go dtí maidin amárach.

An té a bhfuil cúilín fataí, preátaí nó prátaí curtha aige, tá comhairle á cur air ag Met Éireann scuaid sprae a chur amach as seo go tráthnóna mar gur an-aimisr dúchana a bheidh againn as seo go ceann cúpla lá. 

Ach faoina bheith beo dúinn, beidh an dea-aimsir ar ais againn ar an Domhnach agus paistí breátha gréine á dtuar sa gcuid is mó den tír agus an teocht idir 15 agus 19 céim Celsius.

Sibhse a bhfuil boirdíní is parasóil amuigh agaibh cuirigí bail shábháilte orthu ar fhaitíos na timpiste nó tharlódh gur cuardach a bheidh romhaibh amárach.

Fág freagra ar 'Rabhadh buí gála leis an gcósta thiar agus drochaimsir geallta an dá lá seo'