Próiseas athbhreithnithe le bunú faoi thodhchaí Tuairisc.ie agus irisí eile

Tá athbhreithniú eile le déanamh ag Foras na Gaeilge ar ‘mhianta agus riachtanais an phobail i dtaca leis na meáin Ghaeilge chlóite agus ar líne’ sula bhfógrófar aon phróiseas tairisceana do na seirbhísí meáin a fhaigheann maoiniú uathu

Próiseas athbhreithnithe le bunú faoi thodhchaí Tuairisc.ie agus irisí eile

Cuirfidh Foras na Gaeilge tús an bhliain seo chugainn le taighde nua agus le próiseas comhairliúcháin phoiblí a shocróidh cad atá i ndán do Tuairisc.ie, do Nós.ie agus don iris Comhar.

Tuairiscíodh ar Nuacht TG4 aréir gur in 2020 a bheidh toradh ar an gcéad phróiseas tairisceana eile i gcás na scéimeanna nuachtán agus irisí a ndéanann Foras na Gaeilge maoiniú orthu, toisc, a dúradh, go bhfuil athbhreithniú eile le déanamh ar an earnáil idir an dá linn.

Ag an gcruinniú de Bhord Fhoras na Gaeilge a bhí ar siúl i gCill Airne ag Oireachtas na Samhna i dtús na míosa seo, cinneadh go gceadófaí síneadh ama eile, go dtí an 31 Nollaig 2019, do na trí fhoilseacháin atá i gceist, Tuairisc.ieNós agus Comhar.

Seo an dara síneadh ama i gcás na dtrí fhoilseachán. Tháinig deireadh le conradh ceithre bliana Tuairisc.ie i mí Iúil na bliana seo, ach aontaíodh go leanfaí le foilsiú na seirbhíse nuachta ar líne go dtí deireadh na bliana seo, fad is a bhí athbhreithniú neamhspleách á dhéanamh ar na meáin a fhaigheann maoiniú ón bhForas.

Cuireadh an t-athbhreithniú sin i gcrích ó shin, ach tá athbhreithniú eile le déanamh ar an earnáil ag Foras na Gaeilge an bhliain seo chugainn, ina mbeidh taighde breise agus próiseas comhairliúcháin phoiblí mar chuid de. Tuairiscíodh ar Nuacht TG4 aréir nár cuireadh an tuarascáil athbhreithnithe a rinneadh ar na foilseacháin i mbliana faoi bhráid bhord an Fhorais sular glacadh an cinneadh síneadh ama a thabhairt dóibh agus próiseas athbhreithnithe eile a chur ar bun,

Níl aon chinneadh déanta fós ag stiúrthóirí Tuairisc.ie maidir le glacadh le síneadh ama eile go dtí deireadh na bliana seo chugainn ar an gconradh atá acu, ach tá sé i gceist acu bualadh go luath le Foras na Gaeilge chun an scéal a phlé.

Tháinig deireadh le bunchonradh na hirise Comhar ag deireadh na bliana seo caite agus i mí Lúnasa 2017 a tháinig deireadh leis an mbunchonradh a bhí ag an iris stíl mhaireachtála, Nós

I ráiteas a chuir Foras na Gaeilge ar fáil do Nuacht TG4 inné, dúradh go raibh “tús maith” curtha acu le taighde “ar ghnéithe áirithe” dá scéimeanna ‘Iris Ghaeilge Chlóite’, ‘Iris Stílmhaireachtála’ agus ‘Nuachtán ar líne’, ach go mbeadh an taighde sin “á leathnú…sna míonna amach romhainn le léargas níos cuimsithí a fháil ar na meáin Ghaeilge chlóite agus ar líne”. 

Dúradh go raibh seacht mbliana ann ó foilsíodh Tuairisc Uí Chollatáin ar straitéis Fhoras na Gaeilge i leith earnáil na meán Gaeilge clóite agus gur “earnáil í seo atá ag forbairt ar bhonn leanúnach ó thaobh nósanna léitheoireachta agus forbairtí teicneolaíochta”. 

Dúradh go mbeifí ag tógáil ar “an buntaighde” a rinneadh mar chuid den tuarascáil athbhreithnithe ar an earnáil ar cuireadh críoch i mbliana léi, agus go mbeifí “ag dul i mbun comhairliúcháin maidir le mianta agus riachtanais an phobail i dtaca leis na meáin Ghaeilge chlóite agus ar líne” an bhliain seo chugainn.

“Beidh an taighde agus an comhairliúchán san áireamh againn nuair a bheidh critéir don chéad bhabhta eile de scéimeanna maoinithe á ndréachtú agus le cur i bhfeidhm in 2020. Foilseofar an tuairisc nuair a bheidh an t-athbhreithniú curtha i gcrích,” a dúradh.

Fág freagra ar 'Próiseas athbhreithnithe le bunú faoi thodhchaí Tuairisc.ie agus irisí eile'

  • Joe Ó Ceallaigh

    Bhéinn fíor-shásta síntiús a ghlacadh má tá easpa maoinithe i gceist. Fiú, dá mbeadh 90 faoin chéad saor in aisce agus cúpla alt taobh thiar de bhalla íocaíochta. Tá seirbhís iontach le hard-chaighdeán iriseoireachta curtha ar fáil dúinn achan lá. Bhí a lán díospóireachta faoi easpa scíthleitheoirthí Gaeilge cúpla mí ó shin agus beidh níos lú léitheoirí ann má chaillfear tuairisc.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Níl fhios agam céard is fiú taighde nua agus próiséas comhairliúcháin nua a chur ar bun. Níor tugadh aon aird ar an dtaighde ná an próiséas comhairliúcháin nuair a shocraigh fochoiste de chuid Foras na Gaeilge nach mbeadh nuachtán ar fáil le ceannacht sna siopaí, in ainneoin gur léirigh an taighde agus an comhairliúchán a mhalairt: gur theastaigh ó formhór mhór na ndaoine go mbeadh seirbhís nuachta ar líne AGUS go mbeadh nuachtán le ceannacht sna siopaí chomh maith. Tá súil agam go dtabharfar aird an uair seo ar an dtaighde agus an comhairliúchán.

  • Léitheoir

    Aontaím go hiomlán le Joe. Cuireann Tuairisc.ie seirbhís den scoth ar ardchaighdeán ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Bheimis caillte gan sibh! Bheinn féin sásta síntiús beag a íoc freisin ar chuid den ábhar. Ceist eile (atá conspóideach b’fhéidir): an fiú Nós.ie a bheith ann? Nárbh fhearr acmhainní a roinnt agus Tuairisc.ie agus Nós.ie a chomhcheangal? Ní bhím féin á léamh mórán cé go bhfuil mise ar dhuine de ‘spriocphobal léitheoireachta’ na hirise! Feictear dom go bhfuil Tuairisc.ie ag freastal cheana féin ar gach gné ar a mbíonn Nós,ie ag díriú!

  • Éamonn Ó Gribín

    Mholainn don dá rialtas, gur b’fhiú athbhreithniú neamhspleách ar éifeachtacht Fhoras na Gaeilge a chur ar bun.

  • Antoin Daltún

    Breathnaím ar Tuairisc gach lá mar go mbíonn eolas and tráchtaireacht fiúntach le fáil ann nach bhfuil sna nuachtáin. Ní fiú liom an dara nuachtán a cheannach más athchló Gaeilge ar chuid den stuif sna nuachtáin Bhéarla atá ann.

  • alan titley

    Molaim go ndéanfaí athbhreithniú ar an athbhreithniú ar an athbhreithniú, é sin, nó ligean do dhaoine a bhfuil obair den scoth ar siúl acu dul ar aghaidh gan gardaí coimhdeachta a bheith ag bagairt gach lá dorcha…

  • Niall Gòrdan

    Táimse ag léamh Tuairisc.ie gach lá dá bhfuil ann agus mé ag foghlaim na Gaeilge – b’fhéidir é go bhfuil mo leithéid líonmhar ins gach ball den tír, thall agus abhus! Ní ceart cur as do fhoinse nuachta atá chomh húsáideach agus chomh ionraic.