Tá Rialtas na Spáinne, faoi stiúir Pedro Sanchez, ag iarraidh go mbronnfaí stádas oifigiúil san Aontas Eorpach (AE) ar an Chatalóinis, an Ghailísis agus an Bhascais le roinnt blianta anuas, ach níl ag éirí rómhaith leo go dtí seo.
I mBealtaine 2025, chuir an Spáinn ceist ar bhallstáit an AE tacú lena n-iarratas, ach theip orthu. Rinne siad iarracht eile roinnt seachtainí ó shin ach theip arís orthu.
Deir an Spáinn go gcoinneofar leis na hiarrachtaí stádas oifigiúil a fháil do na teangacha agus an scéal anois ceangáilte le todhchaí rialtas Sanchez.
Tá Sanchez ag snámh in aghaidh easa le tamall mar gheall ar dhuine de na comhairleoirí is gaire dó, Santos Cerdán, a bheith luaite le scannal caimiléireachta agus tá bua mór ag teastáil uaidh. Bua go dtiocfaidh leis a fháil san Eoraip, b’fhéidir.
Tá rialtas mionlaigh Sanchez ag brath go mór ar pháirtithe beaga ón Chatalóin agus ceantair eile chun fanacht i gcumhacht agus caithfidh Sanchez iarracht a dhéanamh stádas oifigiúil a fháil don Chatalóinis, an Ghailísis agus an Bhascais san AE, chun go mbeadh tacaíocht leanúnach aige.
In 2023, chuir Rialtas na Spáinne an t-iarratas faoi bhráid an AE don chéad uair ach fáilte an doichill a cuireadh roimhe ar chúiseanna áirithe.
Deir Cathal Ó Cuaig, iriseoir sa Spáinn, go bhfuil tíortha áirithe san AE, amhail Éire, an Phortaingéil, an Bheilg, an Rómáin agus an tSlóivéin ag “tacú go hoscailte le hiarracht na Spáinne”.
Tá ballstáit eile nach bhfuil ag tacú leis an Spáinn mar gur drochshampla a bheadh anseo agus “go n-éileodh teangacha mionlaigh eile an rud céanna”. Chomh maith leis sin, níl tacaíocht fhorleathan ag an éileamh seo sa Spáinn agus an páirtí caomhach, Partido Popular “go láidir ina aghaidh seo”, a dúirt sé.
Cé go bhfuil stádas oifigiúil ag na trí theanga sna réigiúin sa Spáinn, dúirt Ó Cuaig, nach teangacha “náisiúnta” iad agus go bhfuil ballstáit áirithe “amhrasach faoin deacracht dlí a bhaineann leis sin agus faoin gcostas a bheadh leis, é sin a chur i bhfeidhm amach anseo”.
Deir Ó Cuaig go bhfuil an Spáinn sásta an costas bliantúil, “tuairim is €132 milliún in aghaidh na bliana, a íoc ar fad iad féin,” agus go bhfuil sé molta fosta ag an Spáinn go dtabharfaí “stádas páirteach isteach ar dtús mar a tharla i gcás na Gaeilge in 2007″.
“Bheadh an Chatalóinis ar an tríú teanga dhéag is mó a labhartar san Aontas Eorpach, chun tosaigh, go deimhin, ar theangacha oifigiúla amhail an Danmhairgis, an Fhionlainnis agus fiú amháin an Ghaeilge,” a dúirt sé.
Fág freagra ar 'Príomh-aire na Spáinne faoi bhrú stádas oifigiúil san AE a fháil don Chatalóinis, an Ghailísis agus an Bhascais'