Tá post nua á bhunú chun cabhrú le tithe folamh sa Ghaeltacht a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge.
Deirtear go mbeidh sé mar chúram ar an té a cheapfar ina Chomhordaitheoir Ar Thithe Folmha sa Ghaeltacht cabhrú le “tithíocht fhadtéarmach a chur ar fáil” agus “beocht nua” a chur faoi cheantair Ghaeltachta “ina bhfuil an daonra ag dul i léig”.
Beidh an Comhordaitheoir Ar Thithe Folmha sa Ghaeltacht fostaithe ag Comhairle Contae Mhaigh Eo ach beidh an Ghaeltacht go léir faoina chúram.
Conradh trí bliana a bheidh i gceist leis an bpost nua agus tuarastal idir €59,417-€77,243 sa bhliain ag dul leis.
Deirtear go gcaithfidh an té a cheapfar a bheith ina chainteoir “ábalta” Gaeilge agus cuirfear scrúdú scríofa Gaeilge ar iarratasóirí mar chuid den phróiseas agallaimh. D’fhéadfadh leath den agallamh féin a bheith i nGaeilge.
Deirtear go mbeidh an té a cheapfar ag obair go dlúth le pobal na Gaeltachta agus leis na hOifigigh Tithe Folmha sna seacht n-údarás áitiúla ina bhfuil ceantar Gaeltachta, Dún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, Ciarraí, Corcaigh, Port Láirge agus an Mhí.
“Beidh ról tábhachtach ag an gComhordaitheoir maidir le tithe folmha agus tearc-úsáide a chur ar ais in úsáid sa Ghaeltacht agus tacaíocht a thabhairt le haghaidh tograí athchóirithe agus athfhorbartha a chuirfidh leis an soláthar tithíochta,” a deirtear.
Beidh ar an té a cheapfar tithe folmha sa Ghaeltacht “a shainaithint” agus a n-oiriúnacht mar áiteanna cónaithe fadtéarmacha “a mheas”. Beidh orthu caidrimh a chothú le húinéirí tithe agus scéimeanna deontais a chur chun cinn. Ar an meán, tá níos mó tithe folmha sa Ghaeltacht ná mar atá go náisiúnta. De réir staidéar amháin a rinneadh d’Údarás na Gaeltachta, 11% de thithe sa Ghaeltacht a bhí folamh i gcomparáid le 8% go náisiúnta.
Deirtear go dtacóidh an Comhordaitheoir Ar Thithe Folmha sa Ghaeltacht “le hathfhorbairt tithe le haghaidh cainteoirí Gaeilge ar bhealach a léiríonn tuiscint ar an gcultúr áitiúil” agus a fhreastalaíonn “ar riachtanais an phobail”.
Tá feachtas ar bun le tamall ag an mbrúghrúpa Bánú agus grúpaí eile atá ag iarraidh ar na húdaráis dul i ngleic leis an ngéarchéim thithíochta sa Ghaeltacht.
Chuir Bánú aighneacht an tseachtain seo caite chuig grúpa oibre atá curtha ar bun ag an gCoimisiún Eorpach le plean a réiteach faoi chúrsaí tithíochta. Deirtear san aighneacht go bhfuil an ghéarchéim thithíochta sna ceantair Ghaeltachta is láidre ina bhfuil an Ghaeilge á úsáid “ag cur todhchaí na Gaeilge i mbaol mar theanga phobail”.
Tá Bánú ag iarraidh go dtabharfaí aitheantas mar cheantar speisialta caomhnaithe teanga do na ceantair Ghaeltachta.
Táthar fós ag fanacht ar threoirlínte pleanála speisialta don Ghaeltacht a gheall an rialtas ceithre bliana ó shin.
Cordelia Nic Fhearraigh
An mbeidh na ‘cainteoirí gaeilge’ seo atá ag cuardú tithe sa ghaeltacht a mheas? An mbeidh orthu ‘ábaltacht’ úsáid na gaeilge a léiriú? An mbeidh siad curtha in aithne don phobal áitiúl gaeltachta nó tá a fhios againn uilig go bhfuil sé de nós ag muintir na gaeltachta béarla a labhairt le strainséirí. An mbeidh gaeilg ag a gcuid páistí? Arís, páistí gan gaeilg = achan duine sa phobal gaeltachta ag labhairt béarla leo. An mbeidh an dá thuismitheoir ina ‘chainteoirí gaeilge’? An mbeidh an Ghaeilg ina theanga teaghlaigh acu? Nó an leor gur daoine de bhunú na háite iad agus is cuma fan ghaeilg?
Ba mhaith liom na treoirlínta plwanála speisialta don ghaeltacht a fheiceáil.
Mícheál Ó Flaithearta
D’íocfadh an tuarastal atá luaite leis an bpost seo (Sár na dtithe folmha sa Ghaeltacht) cíos bliana ar roinnt mhaith tithe!