‘Poblacht na Catalóine’ níos giorra tar éis do pháirtithe ar son an neamhspleáchais móramh a bhaint amach

Bhí ár gcolúnaí ina shuí go déanach ag faire TV3, teilifís na Catalóine, agus na torthaí ag teacht isteach.

Screen Shot 2015-09-27 at 20.57.01
Beirt ar a slí go dtí na botháin vótála inné. Pictiúr: @JuntsPelSi2015 (Twitter)

D’éirigh leis na páirtithe polaitiúla Catalónacha atá ar son an neamhspleáchais móramh na suíochán a bhuachtaint i bparlaimint na Catalóine i dtoghcháin chinniúnacha réigiúnacha a reáchtáladh inné. Chaith timpeall 70% den toghlach 5.5 milliún daoine vóta, an líon ba mhó daoine riamh in aon toghchán réigiúnach sa Chatalóin. Fuair an chomhghuaillíocht ar son an neamhspleáchais Junts Pel Sí (‘Le chéile ar son Tá’) agus páirtí beag i bhfad amach ar an eite chlé Candidatura d’Unitat Popular (‘Feachtas ar son Aontas an Phobail’) móramh na suíochán eatarthu, cé nár éirigh leo mórámh na vótaí a fháil.

Tháinig sean-naimhde polaitiúla ón eite dheis agus ón eite chlé le chéile cúpla mí ó shin chun Junts Pel Sí a bhunú, céilí comhraic nach nós leo a bheith ar aon intinn. Dá mbuafaidís móramh sna toghcháin réigiúnacha, ghealladar go gcuirfidís tús le próiseas chun bunreacht Chatalónach a scríobh agus poblacht neamhspleách Chatalónach a fhógairt laistigh de bhliain go leith.

Cé go bhfuil CUP ar son an neamhspleáchais chomh maith, dhiúltaíodar páirt a ghlacadh in Junts Pel Sí de dheasca na líomhaintí caimiléireachta a deineadh i gcoinne pháirtí Artur Mas, uachtarán an Generalitat (rialtas na Catalóine). Ní gá go dtacóidís le Mas mar uachtarán ar an rialtas eatramhach a d’fhógródh neamhspleáchas agus d’fhéadfaidís an lasair a chur sa bharrach fós.

Ó mhaidin inné nuair a osclaíodh na bothanna vótála, bhí Twitter lán go barra le grianghrafanna de ghnáth-Chatalónaigh ag caitheamh a vóta go bródúil, na haischlibeanna #GuanyemJunts (‘buaimid le chéile’) agus #SomLaHistòria (‘is sinne an stair’) in úsáid acu. Ba chosúil iad na híomhánna lena bhfacamar le linn reifreann an phósta in Éirinn cúpla mí ó shin: ualach daoine óga gealgháireacha, cuid acu tagtha abhaile ón gcoigríoch chun a vóta a chaitheamh, sceitimíní orthu faoin toghchán agus iad ag caint ar thír nua a chruthú dóibh féin trí vóta a chaitheamh.

176f56b8233ecc7fb352c35cc3c35932
An 9 Samhain 2014 – nuair a reáchtáladh reifreann neamhoifigiúil

Ní inniu ná inné a thosnaigh an feachtas toghchánaíochta seo. Le trí bliana anuas táthar ag géarú ar an dteannas idir Barcelona agus Maidrid mar gheall ar neamhspleáchas na Catalóine. Cuireadh an lasair sa bharrach nach mór bliain ó shin ar ‘9N’ – an 9ú lá de Shamhain – nuair a reáchtáil an Generalitat reifreann neamhoifigiúil neamhspleáchais. In ainneoin nach raibh stádas dlíthiúil ag an reifreann – b’éigean do Artur Mas jornada de participació (‘lá na rannpháirtíochta’) a thabhairt air ar deireadh – vótáil sa bhreis ar dhá mhilliún daoine go siombalach ar son an neamhspleáchais, níos mó ná caoga faoin gcéad de na daoine a bhí i dteideal vóta a chaitheamh. Thug rialtas na Spáinne ‘gníomh mídhleathach’ ar an reifreann neamhoifigiúil agus dúirt gur sháraigh sé bunreacht na tíre ina dtagraítear do la indisoluble unidad de España (‘aontas doscaoilte na Spáinne’). Ach dá mhéad an cáineadh a dhein rialtas Mariano Rajoy ar an ngluaiseacht ar son an neamhspleáchais, is ea is mó a d’éirigh na hagóidí ar a shon. Ar Lá Náisiúnta na Catalóine i mbliana, 11 Meán Fómhair, mháirseáil tuairim is 1.5 milliún daoine trí shráideanna Barcelona mar chuid den Via Lliure (‘Slí na Saoirse’) ar son an neamhspleáchais. Mar sin, cé gurb é ‘27S’ an t-aonú toghchán déag réigiúnach sa Chatalóin ó cuireadh an daonlathas i réim an athuair, tá i bhfad níos mó i gceist ná sin. Seo reifreann neamhoifigiúil eile mar gheall ar an neamhspleáchas.

Artur_Mas_(abril_de_2010)
Artur Mas

Ba léir nimh sa bhfeoil a bheith ag Junts Pel Sí agus ag na páirtithe aontachtacha dála an Partido Popular agus an PSC (na Sóisialaigh) dá chéile le roinnt seachtainí anuas. Cúpla lá ó shin in Barcelona, tharla aighneas polaitiúil maidir le bratacha a mheabhródh séasúr na máirseála sa Tuaisceart do dhuine. Nuair a chroch polaiteoir ón PP bratach na Spáinne ar halla na cathrach, dhein ionadaí ón eite chlé áitúil iarracht í a tharrac anuas agus an senyera, bratach na Catalóine, a chur ina háit. Inné thuairisc La Vanguardia gur thriail lucht tacaíochta Vox España, páirtí atá go mór amach ar an eite dheis, cur isteach ar Artur Mas agus é ag vótáil. Bhí póstaeirí ar crochadh acu ag éileamh go dtabharfaí feidhm d’airteagal 155 de Bhunreacht na Spáinne a cheadaíonn an fhéinriail réigiúnach a chur ar ceal. Tá polaitíocht na Catalóine deighilte ar fad ag na toghcháin agus gnáthchúrsaí an lae báite ag an allagar faoin neamhspleáchas. D’fhoilsigh seirbhís nuachta Spáinnise an BBC alt ríshuimiúil faoi ‘dhílleachtaithe polaitiúla’ na Catalóine, na gnáthdhaoine sin nach bhfuil go hiomlán ar son nó i gcoinne an neamhspleáchais ach atá bréan bailithe den aighneas síoraí idir an dá thaobh. ‘Cuireann an cheist seo go léir an-bhrón agus an-imní orm’, a dúirt Gemma Ventura, déantóir scannán 38 bliain d’aois leis an BBC. ‘I ndáiríre tá leibhéal teannais i measc an phobail nach bhfacathas riamh cheana’.

Felipe_González_(2012)
Iar-Phríomh-Aire na Spáinne, Felipe Gonzalez

Las dos caras de Cataluña (dhá aghaidh na Catalóine) a thug an nuachtán Spáinneach El País ar an bhfeachtas i bhfíseán a chuir óráidí Artur Mas agus Mariano Rajoy i gcomparáid le chéile. ‘Tabharfaidh na toghcháin seo fás eacnamaíoch agus ceartas sóisialta dúinn’, arsa Mas sa bhfíseán. ‘Spreagfaidh siad dlúthpháirtíocht, na deiseanna céanna do chách, dóchas, tionscadal coiteann, dínit agus saoirse. An Chatalóin abú!’. A mhalairt ar fad de theachtaireacht a bhí ag Rajoy: ‘Impím oraibh vótáil dúinne mar creideann daoine áirithe gur leo féin an Chatalóin amháin agus gurb iad sin an t-aon dream a dhéanfaidh cinneadh faoi thodhchaí na Spáinne. Caithfidh mé a rá leo: ní sibhse an Chatalóin, is sinne go léir an Chatalóin agus tá gach duine againn comhionann’. Cuireann caint mar sin – gurb ionann an Chatalóin agus an Spáinn – an conach dearg ar lucht tacaíochta an neamhspleáchais. Bhí an port céanna ag iar-phríomh-aire na Spáinne Felipe Gonzalez i litir oscailte chuig pobal na Catalóine a foilsíodh ar El País. Thug sé ‘Spáinnigh’ ar na Catalónaigh, ráiteas a léadh mar mhasla do na milliúin daoine a bhfuil féiniúlacht náisiúnta eile acu.

Is cuma cén taobh den gclaí ar a bhfuil tú, ar son aontas na Spáinne nó ag tacú le Poblacht na Catalóine, léiríonn na toghcháin seo go bhfuil teipthe glan ar an Spáinn dul i ngleic go sásúil leis an éagsúlacht inmheánach atá de dhlúth agus d’inneach inti. Dá aontachtaí é rialtas David Cameron, ar a laghad bhí sé sásta cead a thabhairt do mhuintir na hAlban páirt a ghlacadh i reifreann daonlathach faoina gcinniúint féin. Go dtí go dtabharfar an deis chéanna do phobal na Catalóine, cuirfear an t-im tríd an mbrúitín arís agus arís eile agus meallfar níos mó daoine fós i dtreo an neamhspleáchais. Dar ndóigh, tionólfar olltoghchán cinniúnach sa Spáinn mí na Nollag a fhágfaidh a rian féin ar an gCatalóin. Níl ceachtar den dá pháirtí nua a bhfuil an oiread dul chun cinn déanta acu le cúpla bliain anuas – Podemos agus Ciudadanos – ar son an neamhspleáchais ach má ráiníonn siad a bheith páirteach sa chéad rialtas Spáinneach eile, ní fhéadfaidh siad an chluas bhodhar a thabhairt don dráma polaitiúil atá ag titim amach in Barcelona.

Fág freagra ar '‘Poblacht na Catalóine’ níos giorra tar éis do pháirtithe ar son an neamhspleáchais móramh a bhaint amach'