Pobalscoil Chorca Dhuibhne ag iarraidh Craobh na Mumhan a thabhairt leo arís

Is in aghaidh Scoil na mBráithre Críostaí Thrá Lí, faoi cheannas Mharc Uí Shé, atá buachaillí Chorca Dhuibhne inniu i gcluiche ceannais Chorn Uí Mhuirí

Pobalscoil Chorca Dhuibhne ag iarraidh Craobh na Mumhan a thabhairt leo arís

Pobalscoil Chorca Dhuibhne, 2017

Beidh deireadh seachtaine gnóthach ag Éamonn Fitzmaurice. Amárach, beidh foireann shinsir Chiarraí ag dul chun páirce i gcoinne Bhaile Átha Cliath i Roinn 1 na sraithe náisiúnta i bPáirc an Chrócaigh, ach tá cluiche tábhachtach eile aige roimhe sin.

Tráthnóna, beidh sé ar an taobhlíne i bPáirc an Ghearaltaigh mar bhainisteoir ar fhoireann Phobalscoil Chorca Dhuibhne atá ag iarraidh Corn Uí Mhuirí, craobh shinsir na Mumhan, a thabhairt leo den chúigiú huair.

Is in aghaidh Scoil na mBráithre Críostaí Thrá Lí atá buachaillí Chorca Dhuibhne agus beidh aithne mhaith ag Fitzmaurice ar a chéile comhraic tráthnóna mar is é Marc Ó Sé atá i gceannas ar fhoireann Thrá Lí.

Agus é ina bhainisteoir ar fhoireann shinsir na Gaeltachta chomh maith, beidh cur amach ag Ó Sé ar chuid d’imreoirí na Pobalscoile, go háirithe Ruaidhrí Ó Beaglaoich agus Franz Sauerland ach, murab ionann agus foirne buacacha na scoile in 2014 agus 2015, tá an-tionchar ag cumann Abhainn an Scáil ar fhoireann seo na Pobalscoile chomh maith.

Ba iad buachaillí Abhainn an Scáil, Gearóid Ó Leidhinn, Séamus Ághas, Cillian Ó Fáilbhe agus Cathal Firtéar, cnámh droma na foirne a bhuaigh in aghaidh Choláiste Bhréanainn Chill Airne i gcluiche leathcheannais Chorn Uí Mhuirí i mbliana agus má chuirtear dream an Daingin san áireamh freisin, Deividas Uosis, muintir Uí Ghéibheannaigh agus tuilleadh nach iad, is maith láidir an fhoireann iad.

Níl aon easpa imreoirí cumasacha ar fhoireann Thrá Lí ach an oiread. Beidh ar Fitzmaurice agus a chuid imreoirí súil ghéar a choinneáil ar Seán Quilter i lár na páirce agus ar Michael Kelliher agus Jason Mortimer i measc na dtosaithe, go háirithe.

Agus iad faoi cheannas Fitzmaurice ó bhí siad sa chéad bhliain, chaill foireann seo na Pobalscoile cúpla cluiche ceannais le roinnt blianta anuas ach thug siad céim mhór chun cinn in 2017 nuair a bhuadar Corn Paul McGirr, Craobh Faoi-16.5 na hÉireann.

Bhuadar ar Scoil na mBráithre Críostaí i gcluiche leathcheannais na Mumhan le linn an fheachtais sin anuraidh agus tá súil acu an rud céanna a dhéanamh arís tráthnóna.

Ar ndóigh, bhí an cluiche seo ceaptha a bheith ann coicís ó shin ach cuireadh siar é mar gheall ar bhás tragóideach Aodháin Uí Chonchúir, gaiscíoch óg de chuid na Pobalscoile.

Fág freagra ar 'Pobalscoil Chorca Dhuibhne ag iarraidh Craobh na Mumhan a thabhairt leo arís'