Pluidín teolaí de scannán é Fidil Ghorm, an saothar is déanaí ó Cine4

Insíonn an fadscannán Gaeilge is déanaí scéal Molly, cailín deich mbliana d’aois, a chreideann go mbeidh sí in ann a hathair a dhúiseacht ó chóma má fhoghlaimíonn sí conas an fhidil a sheinm

Pluidín teolaí de scannán é Fidil Ghorm, an saothar is déanaí ó Cine4
Fidil Ghorm

Scannán Cine4
Stiúrthóir: Anne McCabe
Scríbhneoir: Patricia Forde
Léiritheoirí: Abú Media
Cliar: Aindrias de Staic, Barry McGovern, Edith Lawlor, Siobhán O’Kelly, Ruadhán Flatharta

Pluidín teolaí de scannán é Fidil Ghorm a chuirfidh dea-ghiúmar ort. Tugtar ómós ann don cheol, don chairdeas, agus do dhraíocht an tsaoil trí shúile páistí.

Ní haon iontas é tuiscint ar dhearcadh na n-óg a bheith go láidir sa scannán agus é scríofa ag Patricia Forde, Laureate na nÓg. Tugann sí an spraoi agus an spórt léi ó na leabhair go dtí an scáileán mór.

Is iad Abú Media a léirigh an scannán faoi scéim Cine4 agus taispeánadh é den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe an tseachtain seo caite. Is é a bhuaigh an duais do ‘Best Irish First Feature’ ag an bhFleadh i mbliana.

Ag labhairt di leis an lucht féachana roimh an taispeántas, leag an stiúrthóir Anne McCabe béim ar leith ar an bhfocal ‘draíocht’ agus í ag cur síos ar an scannán.  Tá géarghá, a dúirt sí, leis an draíocht a fheiceáil sa saol sa lá atá inniu ann.

Is cinnte go bhfuil téama na draíochta go láidir i scéal Fidil Ghorm. Suite sa lá atá inniu ann, caochann sé súil ar an mbéaloideas, ar mhíorúiltí agus ar an saol eile.

Tagraítear do chláirseach Dagda ón mbéaloideas agus don chumhacht a bhí ag ceol na cláirsí chun áthas, brón nó codladh a chur ar dhaoine. Tá an suantraí tráthúil sa scéal seo, mar go bhfuil an t-athair (Aindrias de Staic atá sa ról) i gcóma tar éis timpiste a bhain dhó.

Díríonn an scéal ar a iníon, Molly, cailín deich mbliana d’aois, a chreideann go mbeidh sí in ann a hathair a dhúiseacht má fhoghlaimíonn sí conas an fhidil a sheinm mar a dhéanadh seisean agus Craobh na hÉireann a bhuachan.

Tá Edith Lawlor thar cionn i ról ‘Molly’ agus tugann sí taispeántas ciúin muiníneach uaithi atá lán le soineantacht an duine óig. Is é a deartháirín óg Jack a leathbhádóir agus é lena taobh i gcónaí agus a leabhairín sceitseála ina láimh aige. Ruadhán Flatharta atá i bpáirt Jack, níl mórán le rá aige ach ní bhaineann sé sin tada óna chur i láthair agus tá an carachtar léirithe go gealgháireach, tarraingteach aige.

Fágtar an mháthair ag seasamh an fhóid do na páistí fad is atá sí féin ag déileáil leis an mbrón agus an imní. Tugann Siobhán O’Kelly taispeántas an-nádúrtha sa ról agus cuireann sí idir leochaileacht agus teacht aniar na máthar i láthair go cumasach.

Níl ó Mholly ach múinteoir cuí agus castar uirthi é nuair a bhogtar a hathair go hionad téarnaimh agus buaileann Molly le Malachy. Fidléir den scoth é a bhfuil ‘draíocht ina lámha’ aige. Tugann Barry McGovern taispeántas croíúil i bpáirt ‘Malachy’, seanleaid atá cantalach ach macánta ina dhiaidh sin féin.

Feicimid taispeántais mhaithe freisin ó Sarah Jane Scott, an altra cineálta; Marcus Lamb, mac Mhalachy; agus Ann Marie Horan, bean chineálta san ionad téarnaimh a bhíonn ag peataireacht ar na páistí.

Tá an scannán suite thart ar cheantar Loch Súilí agus tá radharcanna áille den tírdhreach fite fuaite tríd ag Ronan Fox a bhí mbun cineamatagrafaíochta. Cuireann an ceol go mór leis an scannán freisin agus ceolrian álainn nua-chumtha curtha leis ag Odhrán Ó Casaide.

Téann an scannán seo go bruach aille ar an rómhaoithneachas in amanna, ach stopann sé díreach in am agus is scannán teaghlaigh é a chuirfidh ardú meanman ort. Tá meascán den ghreann, den bhrón agus den ghliondar ann. Ceann é le suí isteach go teolaí ag breathnú air, sásamh a bhaint as agus dearmad a dhéanamh ar thrioblóidí an tsaoil.

Fág freagra ar 'Pluidín teolaí de scannán é Fidil Ghorm, an saothar is déanaí ó Cine4'