Má éiríonn le hiománaithe Chorcaí craobh na hÉireann a bhuachan Dé Domhnaigh, d’fhéadfadh gur ag triall ar Ghaeltacht Chorca Dhuibhne seachas ar an Algarve a bheidh foirne móra CLG dá gcampaí traenála an t-earrach seo chugainn.
Is go dtí áiteanna san Eoraip a mbíonn aimsir the ann a théann mórán foirne dá gcampaí traenála réamhshéasúir ach níorbh amhlaidh i gcás iománaithe Chorcaí i mbliana.
Go dtí an Algarve sa Phortaingéil a chuaigh peileadóirí an chontae dá gcampa diantraenála mí an Mhárta seo caite ach siar go dtí Gaeltacht Chorca Dhuibhne a chuaigh foireann iománaíochta Pat Ryan.
In Óstán na Sceilge sa Daingean a d’fhan an fhoireann agus an lucht bainistíochta don deireadh seachtaine ach thiar ar ghort Chumann Caide an Gaeltachta a bhí a ndianseisiún traenála acu go moch maidin Dé Sathairn.
Bhí sé go deas fáilte a chur go Gallaros cois cnoic inniu roimis iománaithe Chorcaí. Seisiún maith déanta acu. pic.twitter.com/u1t9NK8QX1
— Cumann Caide na Gaeltachta (@AnGhaeltacht) March 2, 2024
Iománaithe Chorcaí ag traenáil i gCorca Dhuibhne mí an Mhárta. Pictiúr: @AnGhaeltacht/X
Ar Ghallaros cois Cnoic, an dara páirc ag an gcumann, a bhí an seisiún sin.
An t-aon fhainic a chuir lucht Chumann Caide na Gaeltachta ar iománaithe Chorcaí roimh theacht go dtí Gallaros dóibh ná go raibh an-seans go gcaillfí ualach sliotar ar ar an ngort.
An chúis leis an imní sin ná gur déanta ar mhaithe le liathróidí peile amháin a stopadh atá na líonta arda taobh thiar de na cúil i nGallaros.
Bhí daoine a chonaic an seisiún an-tógtha leis an gcaighdeán, an éagsúlacht agus an déine a bhain leis.
Léiriú ar a dhéine is a bhí an seisiún traenála, b’fhéidir, gur bhris an cosantóir Mark Coleman a ghiall lena linn.
Bhí Coleman, a chaill séasúr 2023 le gortú, i measc na laochra a bhí ag Corcaigh nuair a fuaireadar an ceann is fearr ar churaidh na hÉireann Luimneach sna babhtaí leathcheannais coicís ó shin.
Cé gur chuir Corcaigh drochthús ceart le craobh na bliana seo nuair a chailleadar a gcéad dhá chluiche i gCúige Mumhan tá teacht aniar iontach déanta ó shin acu agus tabharfaidh siad aghaidh ar chontae an Chláir i gcluiche ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh an Domhnach beag seo.
In 2005 a bhuaigh foireann iománaíochta Chorcaí craobh na hÉireann go deireanach.
Craobh 2013 an ceann deireanach a bhuaigh contae an Chláir nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Chorcaigh sa bhabhta ceannais i ndiaidh cluiche athimeartha.
JP
An mó sliotar a cuireadh ar bóiléagar trís na mogaill mhóra sin agus cén chrích a cuireadh orthu?
An mbeidh toradh maith fónta orthu? Sé an rud a chuireann tú a bhaineann tú, deirtear.