Tá ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta nach raibh sé sách maith gur i mBéarla amháin a bhí nóta eolais a fuair polaiteoirí óna Roinn faoi bhille Údarás na Gaeltachta agus go bhfuil sé chun an scéal a fhiosrú.
Agus An Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024, foilsithe ag an Rialtas an tseachtain seo caite, tugadh cuireadh do pholaiteoirí i dTeach Laighean freastal ar sheisiún eolais le hoifigigh ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán chun an reachtaíocht a phlé agus scaipeadh nóta eolais faoin mbille orthu freisin. Is i mBéarla amháin a bhí an t-eolas sa nóta a scaipeadh ar na polaiteoirí, áfach.
Thug an tAire Stáit Thomas Byrne le fios gurb é an brú a bhí ann an bille a fhoilsiú agus a phlé roimh shos samhraidh na Dála ba chúis leis an teip an t-eolas a chur ar fáil i nGaeilge.
“Tá brón orm go raibh deifir an tseachtain seo, ach bhí deifir toisc go raibh mé ag iarraidh go mbeadh an Bille os comhair na Dála. Mo bhuíochas leo siúd a d’fhreastail ar an briefing a bhí ar siúl ar an Luan.
“Ní raibh a fhios agam nach raibh leagan Gaeilge den briefing note. Tá mé chun ceisteanna a chur maidir leis sin. Ba cheart go mbeadh gach rud ag teacht amach trí Ghaeilge agus trí Bhéarla, ní amháin as Roinn na Gaeltachta ach ón Rialtas leis. Tarlaíonn sé sin san Aontas Eorpach gan aon deacracht ar chor ar bith.”
Rinneadh plé ar bhille an Údaráis Déardaoin seo caite, an 11 Iúil, an lá go ndeachaigh an Dáil ar scor don samhradh.
Tá ráite ag an tAire Stáit Byrne go minic go mbíodh sé níos éasca aige leagan Gaeilge de cháipéisí a fháil sa Bhruiséil nuair a bhí sé ag obair san Aontas Eorpach ná mar atá aistriúchán a fháil ó ranna rialtais.
Dúirt an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le Tuairisc gur cuireadh leagan Gaeilge den nóta eolais ar fáil ar líne ina dhiaidh sin.
“Cheadaigh an Rialtas Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2024 a fhoilsiú ar 2 Iúil 2024. Foilsíodh leagan Gaeilge agus leagan Béarla den Bhille, mar aon le leagan Gaeilge agus Béarla den Mheamram Míníucháin, go luath ina dhiaidh sin ar shuíomh na Roinne agus ar shuíomh an Oireachtais. Glacadh an cinneadh an Bille a chur ar aghaidh chuig an Dara Céim sa Dáil an tseachtain dár gcionn roimh shos an tsamhraidh agus chuaigh an Bille go dtí an Dara Céim sa Dáil ar an 11 Iúil.”
Agus í ag tagairt don scéal le linn na díospóireachta an tseachtain seo caite, dúirt an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly gur scríobh sí chuig Roinn na Gaeltachta faoin scéal agus cé go bhfuair sí admháil gur i mBéarla a bhí an nóta eolais, dúirt sí nár cuireadh aon leagan Gaeilge ar fáil.
Dúirt Connolly go raibh “dea-thoil i ngach áit” i dTeach Laighean don teanga agus mhol sí na Teachtaí a bhí ag glacadh páirt i ndíospóireacht i nGaeilge den chéad uair. Ach dúirt sí go raibh ag teip ar an Teach seirbhísí dátheangacha a chinntiú.
Cháin sí go háirithe an easpa dul chun cinn atá déanta i dtaobh tuarascáil a réitigh coiste a raibh Connolly féin ina cathaoirleach air faoi conas go bhféadfaí méadú a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge sa Dáil.
“Is iontach an rud é go bhfuil Teachtaí Dála ag baint úsáid as an nGaeilge ach tá gá le cabhair. Bhí sé de phribhléid agam a bheith mar chathaoirleach ar fhochoiste um chur chun cinn na Gaeilge sa Dáil.
“Bhí moltaí praiticiúla againn a bhí feiliúnach do mo chomhghleacaithe agus do na maoir ar an talamh ach níl a fhios agam cá bhfuil an fecking tuarascáil sin. Gabh mo leithscéal as sin ach níl a fhios agam. Tá sé áit éigin ach níl a fhios agam cén áit.”
Bhí an tuarascáil le cur faoi bhráid Cheann Comhairle na Dála ach nuair a chuir Tuairisc ceist ar a oifig faoi chur i bhfeidhm na moltaí atá inti, níor cuireadh aon fhreagra ar fáil.
Mábla Mífhoighneach
Teastaíonn réiteach thar a bheith indéanta ar an gceist seo a Aire.
Bogfaimid seirbhísi rúnaíochta Pharlaimint na hÉireann go dtí an Bhruiséil ar feadh bliana le go mbeadh taithí acu ar an ilteangachas agus ar “l’efficacité logique majestueuse et courtoise de l’Union européenne.”