‘Crashing isteach sa Chonaic le scaoileadh CEARTA, Kneecap’ – cáineadh déanta ar Ghaeilge Fhéile Ealaíon na Gaillimhe

Dúirt an Teachta Dála Catherine Connolly gur baineadh ‘stangadh’ aisti mar gheall ar a laghad Gaeilge a bhí sa chlár agus an fíorbheagán imeachtaí Gaeilge atá ann

‘Crashing isteach sa Chonaic le scaoileadh CEARTA, Kneecap’ – cáineadh déanta ar Ghaeilge Fhéile Ealaíon na Gaillimhe

Tá cáineadh géar déanta ar chur chuige Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe i leith na Gaeilge.

Tá leagan Gaeilge de shuíomh na féile dothuigthe agus fíorbheagán sa chlár ó thaobh imeachtaí Gaeilge de.

Dúirt Catherine Connolly, an Teachta Dála neamhspleách as Gaillimh, gur baineadh ‘stangadh’ aisti nuair a chonaic sí a laghad Gaeilge a bhí i gclár na féile agus an fíorbheagán imeachtaí Gaeilge atá ar siúl le linn na féile.

“Tá díomá orm faoi. Níl focal Gaeilge sa gclár. Tá réimse leathan imeachtaí sa gclár agus tá sé iontach dearfach an méid imeachtaí sin a fheiceáil ach cá bhfuil an Ghaeilge. Níl sí le feiceáil.”

Idir an dá linn, bíodh is go bhfuil cáil na Gaeilge ar an ghrúpa rap Kneecap atá ag seinm in Ollphuball na Féile i nGaillimh anocht, b’fhearr duit léamh faoin cheolchoirm i mBéarla.

Tá an leagan Gaeilge de shuíomh na féile gan chiall agus an chuma ar an scéal gur baineadh leas as uirlis dhigiteach aistriúcháin, ar nós Google Translate nó Chat GPT chun an Béarla a aistriú go Gaeilge.

GAEILGE –

Kneecap is gluaiseacht í, a bhaineann le réamhthuiscintí teanga agus áite atá ag teacht chun cinn, agus ag athshamhlú conas a fheidhmíonn rap agus raving mar fhórsaí cruthaitheacha agus cultúrtha, fréamhaithe i bpobal, i gcraic, agus i ndán.

Béarla

Kneecap is a movement, one about upending preconceptions of language and place, and reimagining how rap and raving act as creative and cultural forces, rooted in community, craic, and defiance.

De réir suíomh Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe “Kneecap is gluaiseacht í, a bhaineann le réamhthuiscintí teanga agus áite atá ag teacht chun cinn, agus ag athshamhlú conas a fheidhmíonn rap agus raving mar fhórsaí cruthaitheacha agus cultúrtha, fréamhaithe i bpobal, i gcraic, agus i ndán.”

‘Crashing isteach sa Chonaic le scaoileadh, CEARTA, Kneecap ag ullmhú faoi láthair le haghaidh eisiúint a gcéad albam in 2024,” a deirtear ar shuíomh na Féile faoin ghrúpa rap as Béal Feirste.

“Crashing into the consciousness with the release of, C.E.A.R.T.A., Kneecap is currently preparing for the release of their debut album in 2024…,” atá sa leagan Béarla den abairt chéanna.

Cé gur lorg Tuairisc ráiteas ó Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe, ní raibh siad sásta ceisteanna a a fhreagairt faoina gcur chuige i leith na Gaeilge ná a dheimhniú ar baineadh úsáid as áis amhail ‘Google Translate’ chun Gaeilge a chur ar shuíomh idirlín na Féile.

Dúirt an Chomhairle Ealaíon, a chuireann maoiniú ar fáil d’Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe, nach ndéanann siad ráitis faoi eagraíochtaí a bhíonn á maoiniú acu.

Dúirt Catherine Connolly, atá ina Teachta Dála neamhspleách do Ghaillimh Thiar, gur “mór an trua” nach bhfuil an Ghaeilge á cur chun cinn ag Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe.

“Cathair dhátheangach í Gaillimh ach d’fhéadfaí an Ghaeilge a chur ar an ardán ar bhealach dearfach ach níl sé sin le brath ar chor ar bith. Is deis chaillte atá ann i ndáiríre.”

“Níl sé sásúil ar aon bhealach,” a dúirt sí.

Fág freagra ar '‘Crashing isteach sa Chonaic le scaoileadh CEARTA, Kneecap’ – cáineadh déanta ar Ghaeilge Fhéile Ealaíon na Gaillimhe'

  • Billy an Ghoirt

    Ceart go leor a Ghailleamh,
    in ionad bhur gcathrach, rachfaidh mé chuig Féile an Phobail i mBéal Feirste chun mo euro/punt Gaelach a caitheamh ann mar sin! :P

    Seans go mbeidh níos mó imeachtaí Gaeilge ar fáil ag an bhFleadh i Loch Garman fiú ná i nGailleamh i mbliana!

  • Eoin

    Meaisínaistriúchán atá sa leagan Fraincise freisin, agus codanna de chomh dothuigte céanna: “Scie 2023 Kneecap il s’est produit devant 10,000 XNUMX fans (lors d’un immense concert en plein air dans sa ville natale à Belfast…)”

  • WTF

    Agus é de dhánaíocht acu teideal chomh huaibhreach seo a thabhairt uirthi: Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillinhe. In ionad ‘Ealaíon’ b’fhéidir gurbh fhearr an focal ‘Filistíneach’.

  • Proinsias

    An cathair dhátheangach í Gaillimh?

    Seachas Roinn na Gaeilge san ollscoil, Gaillimh le Gaeilge agus Áras na nGael níl gnónna ná eagrais phoiblí ar bith eile a fheidhmíonn tré mheán na Gaeilge nó go dátheangach fiú.