Feisirí Eorpacha le vótáil faoin dara téarma a thabhairt d’Ursula von der Leyen

361 vóta ón 720 feisire Eorpach a theastaíonn ó von der Leyen agus ní féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh an tacaíocht sin aici

Feisirí Eorpacha le vótáil faoin dara téarma a thabhairt d’Ursula von der Leyen

Inniu a shocrófar an mbeidh an dara téarma ag Ursula von der Leyen mar uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh.

D’ainmnigh ceannairí bhallstáit an AE von der Leyen don dara téarma ach ní foláir di beannacht Pharlaimint na hEorpa a fháil chun go n-éireodh léi an dara téarma cúig bliana a fháil.

361 vóta ón 720 feisire Eorpach a theastaíonn ó von der Leyen ach ní féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh an tacaíocht sin aici.

Tá tacaíocht aici ó thrí ghrúpa sa pharlaimint, a grúpa féin, Páirtí an Phobail Eorpaigh (EPP), na Sóisialaigh & Daonlathaithe (S&D) agus Athnuachan Eorpach.

Mar sin féin, ní gá go vótálfadh baill uile na bpáirtithe sin do von der Leyen. Tá sé ráite, mar shampla, ag ceathrar feisirí Fhianna Fáil, atá sa ghrúpa Athnuachan Eorpach – Brian Cowen, Barry Andrews, Cynthia Ní Mhurchú agus Billy Kelleher – nach mbeidh siad ag tacú léi sa vóta rúnda.

Dúirt Billy Kelleher gurb é dearcadh Ursula von der Leyen i leith an chogaidh in Gaza ba chúis lena chinneadh. Dúirt sé gur theip ar von der Leyen seasamh le muintir na Palaistíne agus cáineadh a dhéanamh ar iompar Iosrael. Ina áit sin, dúirt Kelleher go raibh an chuma ar chúrsaí gur thacaigh uachtarán na Parlaiminte “gan cheist” le Príomh-Aire Iosrael Binyamin Netanyahu, “fear a bhfuil barántas gabhála á lorg ina leith [ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta]”

Ar an dtaobh eile den scéal, dúirt an Feisire Eorpach de chuid Fhine Gael Seán Kelly gur “mífhreagrach” an beart é ag lucht Fianna Fáil gan vótáil ar son an dara téarma do von der Leyen. Mura n-éireodh léi bheadh cúrsaí ina gcíor thuathail san AE, a mhaígh Kelly. Mhaígh sé chomh maith go mbeadh sé níos deacra ag Michael McGrath, ainmniúchán na hÉireann don Choimisiún Eorpach, post tábhachtach a fháil de bharr chinneadh fheisirí Fhianna Fáil.

D’fhéadfadh go mbeadh tacaíocht ag von der Leyen chomh maith ó Ghlasaigh na Parlaiminte agus í i mbun cainteanna leo le tamall.

Cé gur fágadh príomh-aire na hIodáile Giorgia Meloni amach as an margadh a rinne ceannairí liobrálacha na hEorpa ar chúla téarmaí, ráineodh fós go mbeadh tábhacht le 78 vóta an ghrúpa ar an eite fhíordheis a bhfuil Meloni ina ceann feadhna air. Tá scoilt sa ghrúpa sin faoi cé acu ar chóir tacú le von der Leyen nó nár chóir.

Meastar gur tréimhse an-ghuagach ó thaobh na polaitíochta a bheidh i ndán don Aontas Eorpach mura n-éireoidh inniu le Ursula von der Leyen an dara téarma a bhaint amach.

Fág freagra ar 'Feisirí Eorpacha le vótáil faoin dara téarma a thabhairt d’Ursula von der Leyen'