Pléifear cúiteamh do Joanne Hayes agus leithscéal gafa léi ag an Taoiseach thar ceann an Stáit

Ag labhairt dó i bParlaimint na hEorpa i Strasbourg ar maidin, dúirt an Taoiseach gur “oscailt súl” dó féin ab ea é nuair a d’fhoghlaim sé faoin gcás

Pléifear cúiteamh do Joanne Hayes agus leithscéal gafa léi ag an Taoiseach thar ceann an Stáit

Tá leithscéal gafa thar ceann an Stáit ag an Taoiseach Leo Varadkar le Joanne Hayes, an bhean ar deineadh éagóir uirthi i gcás na ‘Kerry Babies’

Ag labhairt dó i bParlaimint na hEorpa in Strasbourg ar maidin, dúirt an Taoiseach gur “oscailt súl” dó féin ab ea é nuair a d’fhoghlaim sé faoin gcás.

Gabhadh Joanne Hayes mar chuid den fhiosrúchán i 1984 faoi aimsiú corp linbh ar thrá i gContae Chiarraí.

Ghabh na Gardaí leithscéal inné le Joanne Hayes as í a chúiseamh san éagóir agus as praiseach a dhéanamh den fhiosrúchán.

Le linn an fhiosrúcháin sin, mhaígh na Gardaí gur le Joanne Hayes, a bhí 24 bliain d’aois ag an am, an leanbh a aimsíodh ar an Trá Bhán, 75 ciliméadar ó bhaile na mná óig i Mainistir Ó dTorna, agus gurb í a dhúnmharigh ‘Baby John’, mar a tugadh ar an leanbh.

Caitheadh amach an chúis dúnmharaithe ina dhiaidh sin agus bunaíodh binse fiosrúcháin chun iompar na nGardaí sa chás a fhiosrú.

Ag labhairt dó faoin gcás inniu, dúirt an Taoiseach gur chaith an Stát agus an tsochaí araon go dona le Joanne Hayes agus gur caitheadh léi ar an mbealach céanna a caitheadh le “go leor mná eile san am atá caite”.

Chaithfí an méid sin “a athrú”, a dúirt sé, agus thug sé le fios go raibh sé i gceist cúiteamh do Joanne Hayes a phlé amach anseo.

An Taoiseach Leo Varadker. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

“Ní féidir liomsa cúiteamh a thairiscint anois anseo, ach is rud é sin a d’fhéadfaimis a phlé lena hionadaithe sa tréimhse amach romhainn, ach is cinnte gur mhaith liom tacú leis an leithscéal a rinne na Gardaí agus leithscéal thar ceann an Stáit a dhéanamh den leithscéal sin chomh maith,” a dúirt Leo Varadkar.

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil Michéal Martin gur cheart Joanne Hayes a chúiteamh “go cuí agus go cóir” agus gur cheart sin a dhéanamh gan cur lena buairt.

Dúirt an Tánaiste Simon Coveney go ndéileálfaí le ceist an chúitimh “bhealach chomh tuisceanach agus a d’fhéadfaí”.

Tá sé deimhnithe anois, a bhuíochas leis an dul chun cinn i gcúrsaí DNA, nárbh í Joanne Hayes máthair ‘Baby John’, mar a dúirt sí féin i gcónaí.

Saolaíodh páiste di ar fheirm an teaghlaigh ag an tráth céanna ach cailleadh an páiste agus fuarthas corp an pháiste ar an bhfeirm ina dhiaidh sin.

Nuair a gabhadh agus a cúisíodh í i ndúnmharú i 1984, maíodh gur thug sí beirt pháistí le beirt fhear éagsúil ar an saol.

Fág freagra ar 'Pléifear cúiteamh do Joanne Hayes agus leithscéal gafa léi ag an Taoiseach thar ceann an Stáit'