Plean digiteach le foilsiú atá ‘ríthábhachtach’ chun ‘go mairfidh’ an Ghaeilge

Os cionn 100 moladh a bheidh sa Phlean Digiteach don Ghaeilge a bhfuil sé mar aidhm aige deiseanna nua oideachais, fiontraíochta agus fostaíochta a chur ar fáil i saol na teanga

Plean digiteach le foilsiú atá ‘ríthábhachtach’ chun ‘go mairfidh’ an Ghaeilge

Foilseofar go luath plean digiteach nua a deir an Rialtas atá “ríthábhachtach” chun “go mairfidh an teanga i bhfad na haimsire”.

Ag iarraidh an Ghaeilge a shábháil ón ‘bás digiteach’ atá an plean a chuirfear faoi bhráid an Rialtais roimh dheireadh na bliana.

Is é aidhm an Plean Digiteach don Ghaeilge “bonneagar fadtéarmach taighde agus forbartha” a chur faoin nGaeilge i saol na teicneolaíochta.

Tuigtear go mbeidh os cionn 100 moladh sa phlean nua a bhfuil sé mar aidhm aige deiseanna nua oideachais, fiontraíochta agus fostaíochta a chur ar fáil i saol na teanga.

Beidh béim mhór ann ar mholtaí maidir le conas an teicneolaíocht a chur ag obair ar leas mhúineadh agus foghlaim na Gaeilge.

€1 milliún atá á chur ar leataobh chun tús a chur leis an bplean ach meastar go mbeidh infheistíocht mhór ag teastáil má táthar chun feidhm a thabhairt dó.

Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath a d’ullmhaigh an plean i gcomhar le Roinn na Gaeltachta.

Moltar forbairtí sa phlean sna réimsí seo: an ghlórshintéis; an ghlóraithint; an meaisínaistriúchán; an ríomhoideachas; an teicneolaíocht do dhaoine faoi mhíchumas; agus na meáin shóisialta.

Luaitear chomh maith sa phlean “tacaíocht” a fháil “ó ghnólachtaí móra teicneolaíochta” don Ghaeilge agus do phobal na Gaeilge.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers le déanaí go raibh forbairt an phlean “ríthábhachtach ionas go mairfidh an teanga i bhfad na haimsire”.

“Mura ndéanfar a leithéid de bheart, tá baol ann go bhfágfar an teanga taobh thiar ó thaobh na teicneolaíochta de,” a deir sé.

Deich mbliana ó shin, foilsíodh an tuarascáil taighde An Ghaeilge sa Ré Dhigiteach inar maíodh go raibh an baol ann gurb é an ‘bás digiteach’ a bheadh i ndán don Ghaeilge mura gcuirfí dóthain acmhainní digiteacha ar fáil di.

Cé go bhfuil forbairtí áirithe déanta i leith chás na Gaeilge sa saol digiteach ó shin meastar go bhfuil gá le forbairtí móra eile ionas go bhfanfaidh an Ghaeilge “gob ar ghob le teangacha eile na linne”.

Fág freagra ar 'Plean digiteach le foilsiú atá ‘ríthábhachtach’ chun ‘go mairfidh’ an Ghaeilge'