Pléadáilte neamhchiontach ag Jeffrey Donaldson in 18 cúis ghnéasach 

Bhí bean Jeffrey Donaldson, Eleanor Donaldson os comhair Chúirt Chorónach an Iúir inniu chomh maith agus trí chúis curtha ina leith 

Pléadáilte neamhchiontach ag Jeffrey Donaldson in 18 cúis ghnéasach 

Phléadáil iarcheannaire an DUP Jeffrey Donaldson neamhchiontach in 18 cúis  ghnéasach, a bhain leis an am atá caite, cúis éignithe ina measc.  

Baineann ceithre cinn de na cúiseanna le ró-mhígheanas le páiste agus baineann 13 cúis le hionsaí mígheanasach a dhéanamh ar bhaineann.  

Bhí bean Donaldson, Eleanor Donaldson, atá 58 bliain, os comhair Chúirt Chorónach an Iúir inniu chomh maith agus trí chúis curtha ina leith. Ar na cúiseanna sin bhí cúis maidir le cuidiú agus neartú le duine, cúis a raibh baint aige leis na heachtraí a líomhnaítear a raibh baint ag a fear céile leo. 

Phléadáil Eleanor Donaldson neamhchiontach sna cúiseanna go léir a cuireadh ina leith. 

Rinne a foireann iarratas go gcaithfí amach dhá cheann de na cúiseanna in aghaidh Eleanor Donaldson. 

Socraíodh dáta inniu do thriail na beirte, an 24 Márta, 2025.   

Baineann na cúiseanna seo le líomhaintí atá déanta ag beirt bhan agus líomhnaítear gur tharla na heachtraí sa tréimhse 21 bliain idir mí Eanáir 1985 agus mí Eanáir 2008. 

Bhain Jeffrey agus Eleanor Donaldson teach na cúirte amach díreach roimh a 10.00am. Cuireadh tús leis an éisteacht ag a 10.35am agus mhair sí thart ar naoi nóiméad. 

Ní dhearna an breitheamh Paul Ramsey aon athrú ar choinníollacha a gcuid bannaí. 

Beidh éisteacht athbhreithnithe eile ar siúl ar an 25 Deireadh Fómhair, ach ní gá do Jeffrey agus Eleanor Donaldson a bheith i láthair. Déanfaidh lucht dlí cur síos ag an éisteacht sin ar na hargóintí a bheidh in úsáid acu sa triail.  

Nuair a ghabhadh Jeffrey Donaldson ar dtús cuireadh 11 cúis ina leith. Ach tá seacht gcúis eile curtha ag an tSeirbhís Ionchúisimh Phoiblí leis sin i ndiaidh dóibh breathnú ar an bhfianaise ar fad a bhí ag na póilíní.  

Tá an PSNI ag impí ar dhaoine gan a bheith ag tuairimíocht faoin gcás ar na meáin shóisialta ar eagla go gcuirfeadh sin isteach ar an bpróiseas cúirte.

Fág freagra ar 'Pléadáilte neamhchiontach ag Jeffrey Donaldson in 18 cúis ghnéasach '