Coimisiún do Pheadar Ó Riada ó ionad Gaeltachta chun saothar nua ceoil a chumadh

Bronnadh an coimisiún, a bhfuil ciste suntasach maoinithe ag dul leis, ar Johnny Óg Connolly agus Máire Breathnach roimhe seo agus is é Ó Riada a roghnaíodh do 2023

Coimisiún do Pheadar Ó Riada ó ionad Gaeltachta chun saothar nua ceoil a chumadh

Tá sé fógartha gurb é an cumadóir aitheanta ó Mhúscraí, Peadar Ó Riada, a bheidh faoi choimisiún ag Stiúideo Cuan an bhliain seo chugainn chun saothar nua ceoil a chumadh.

Bronnann Stiúideo Cuan, ionad cultúrtha atá lonnaithe ar an Spidéal i gConamara, Coimisiún Stiúideo Cuan ar cheoltóir éagsúil gach bliain.

Bronnadh an coimisiún seo ar Johnny Óg Connolly agus ar Mháire Breathnach roimhe seo agus is é Ó Riada atá roghnaithe do 2023.

Rinneadh an scéal a fhógairt ar an Spidéal an tseachtain seo ag ócáid oscailte an tsaothair nua ceoil Cosán na Naomh le Máire Breatnach.

Dúirt Darach Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Cruthaitheach Stiúideo Cuan, go raibh sé ina chuid lárnach de pholasaí Stiúideo Cuan go mbeadh ealaíontóirí faoi choimisiún acu.

“Tá tábhacht ar leith ag baint le saothair nua a fhorbairt sa traidisiún agus tá muid mórtasach as an tacaíocht a chuireann Stiúideo Cuan ar fáil d’ealaíontóirí chun na bearta sin. Tá ríméad orainn gurb é Peadar Ó Riada, duine de mháistrí an traidisiúin, a bheas ag cruthú saothair nua dúinn as seo go ceann bliana — agus muid ag tnúth le toradh choimisiún nua Pheadair a chur i láthair an phobail in 2023.”

Dúirt Peadar Ó Riada go dtugann coimisiúin den chineál seo ugach d’ealaíontóirí agus go raibh sé ag súil le bheith ag obair le Stiúideo Cuan arís.

“Tá sé iontach an seans a fháil tabhairt faoi shaothar nua mar seo gan aon srian ná treoracha. Tá tábhacht thar na bearta le coimisiúin mar seo mar go dtugann siad ugach agus tacaíocht d’ealaíontóirí dul sa seans lena gcuid ealaíne. Bhaineas ana-thaitneamh as a bheith ag obair le Stiúideo Cuan ar Chuan an Cheoil le déanaí agus táim ag tnúth go mór le tabhairt faoin saothar nua seo ina dteannta.”

Tá saothar nua Mháire Breatnach, Cosán na Naomh á léiriú faoi láthair i Stiúideo Cuan go dtí amárach, Dé Sathairn, an 1 Deireadh Fómhair. Saothar ceoil é a thugann léargas uathúil ar leithinis Chorca Dhuibhne agus ar stair ársa an cheantair Ghaeltachta. Is féidir ticéid a fháil ó shuíomh Stiúideo Cuan.

Beidh saothar Johnny Óg Connolly, An Cosán Draíochta ag dul ar chamchuairt náisiúnta a thosóidh ar an 21 Deireadh Fómhair sa Triskel Arts Centre i gCorcaigh.

Fág freagra ar 'Coimisiún do Pheadar Ó Riada ó ionad Gaeltachta chun saothar nua ceoil a chumadh'