Patrick O’Donovan le ceapadh ina Aire Ardoideachais

Tá Peter Burke ainmnithe ina Aire Fiontar ach ní léir go fóill cé atá le teacht i gcomharbacht ar O’Donavan mar Aire Stáit na Gaeltachta nó an bhfuil aire stáit nua le ceapadh

Patrick O’Donovan le ceapadh ina Aire Ardoideachais

Peter Burke agus Patrick O'Donovan

Tá Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan ceaptha ina Aire Ardoideachais ag an Taoiseach nua Simon Harris.

Ceapadh O’Donovan ina Aire Stáit na Gaeltachta mí na Nollag 2022 ach bhí sé á lua go láidir le hardú céime agus ceannas faighte ag Harris ar Fhine Gael.

Ní léir go fóill cé atá le teacht i gcomharbacht ar O’Donovan mar Aire Stáit na Gaeltachta nó an bhfuil aire stáit nua le ceapadh.

Dúirt an Taoiseach Simon Harris go ndéanfaí cinntí maidir le ceapachán airí stáit eile ag cruinniú rialtais amárach ach níor luaigh sé cúraimí na Gaeltachta ná na Gaeilge go sonrach.

Tá Hildegarde Naughton, duine den bheagán Teachtaí Dála ag Fine Gael ar cainteoir líofa Gaeilge í, le fanacht mar Phríomh-Aoire an Rialtais agus í le ceapadh freisin mar Aire Stáit i Roinn an Taoisigh.

Bhí Naughton luaite go láidir mar aire stáit Gaeltachta sular tugadh an post do O’Donovan ag deireadh 2022.

Tá Jennifer Carroll MacNeill le ceapadh mar Aire Stáit le cúraimí speisialta do ghnóthaí an Aontais Eorpaigh.

Is é an Taoiseach nua, Simon Harris, a bhí ina Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta roimhe seo.

Tá Peter Burke roghnaithe ag an Taoiseach mar Aire sa Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta le teacht i gcomharbacht ar Simon Coveney a d’fhógair le déanaí go raibh sé ag éirí as an gcúram sin le deis a thabhairt don cheannaire nua an páirtí a athnuachan. Déanfaidh Coveney cinneadh i rith an tsamhraidh an seasfaidh sé arís sa gcéad olltoghchán eile.

Níl aon athrú eile le déanamh ar na cúraimí atá ag na hairí eile de chuid Fhine Gael – Paschal Donohue (Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe), Helen McEntee (Aire Dlí agus Cirt) agus Heather Humphreys (Aire Coimirce Sóisialaí & Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail).

Fág freagra ar 'Patrick O’Donovan le ceapadh ina Aire Ardoideachais'