Pádraic Ó Ciardha ó Tuairisc i measc na mbuaiteoirí ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2024

Bronnadh gradam ‘Iriseoir na Bliana’ ar Phádraic Ó Ciardha ag an ócáid bhronnta i gCill Airne, an oíche chéanna ar bronnadh Gradam Speisialta an Oireachtais ar Tuairisc, atá ag ceiliúradh 10 mbliana ar an bhfód

Pádraic Ó Ciardha ó Tuairisc i measc na mbuaiteoirí ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2024

Bhí cúis mhór cheiliúrtha ag Tuairisc ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais a bhí ar siúl i gCill Airne aréir agus gradam speisialta an Oireachtais bronnta ar an tseirbhís nuachta ar líne.

Roghnaíodh Pádraic Ó Ciardha ó Tuairisc mar ‘Iriseoir na Bliana’.

Pádraic Ó Ciardha, Iriseoir na Bliana

Tugadh Rónán Mac Aodha Bhuí, an sárchraoltóir a bhásaigh anuraidh, chun cuimhne ag tús na hócáide agus dorn ‘ómóis’ san aer ag Páidí Ó Lionáird, fear a’ tí na hoíche, agus ag an slua, do Rónán.

Ceithre cinn déag de ghradaim a bronnadh ag an searmanas a bhí ar siúl in Ionad an INEC.

Bronnadh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais ar Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4 a bheas ag dul ar scor an bhliain seo chugainn. Dúirt ardstiúrthóir TG4 gur deis “stairiúil” a bhí san athbhreithniú atá á dhéanamh ag Coimisiún na Meán ar na meáin Ghaeilge TG4 agus na meáin eile a chur ar bhóthar a leasa.

Alan Esslemont, TG4, buaiteoir ‘Buaicghradam an Oireachtais’

An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra, clár cúrsaí reatha a chraoltar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, a thug leis an gradam don tSraith Raidió is Fearr.

An gradam do ‘Sraith raidió na bliana’ buaite ag ‘An tSeachtain’ le Máirín Ní Ghadhra’ RTÉ Raidió na Gaeltachta

Thug Mícheál Ó Tuathail, craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, leis an duais do ‘Phearsa Raidió na Bliana’ agus bhuaigh Aoife Ní Thuairisg, láithreoir de chuid TG4, an gradam sa rannóg Pearsa Teilifíse na Bliana.

Aoife Ní Thuairisg, Pearsa Teilifíse na Bliana

An craoltóir Conallach Michelle Nic Grianna, a chuireann Barrscéalta i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, a bhuaigh an gradam do ‘Craoltóir Solabhartha na Bliana’.

Midas Productions a thug leo an chreach as ‘Ag Triall ar an Tobar’ sa rannóg ‘Sraith Teilifíse na Bliana’.

Viva Mary, clár faisnéise faoi stiúir Chathail Uí Chuaig a léirigh Rúnda Productions, a bhuaigh Clár Teilifíse na Bliana.

Cathal Ó Cuaig, a stiúir ‘Viva Mary’, clár faisnéise de chuid Rúnda Productions, buaiteoir ‘Clár Teilifíse na Bliana’.

Bronnadh an gradam do Scannán na Bliana ar Kneecap, scannán faoi na rapairí óga Gaelacha as Béal Feirste a bhfuil rath air ar fud na cruinne.

M’ainm mo scéal, a léirigh Ronin Productions do TG4, a thug leis an gradam sa rannóg ‘Sraith Teilifíse do Dhaoine Óga’.

Bhuaigh Aiteall, a chraoltar ar Raidió Pobail Chonamara, an duais sa rannóg ‘Clár Gaeilge na Bliana ar Raidió Pobail’.

Is ag Splanc le Cuán Ó Flatharta ar Newstalk a bhí an bua sa rannóg ‘Clár Gaeilge na Bliana ar Raidió Tráchtála’.

Ar Aisling Ní Dhonnabháin, craoltóir le Raidió RíRá, a bhíonn le feiceáil ar chláracha do pháistí ar TG4, a bronnadh Gradam Réalta Óg na Bliana, gradam ar vótáil an pobal dó.

Aisling Ní Dhonnabháin, buaiteoir Réalta Óg na Bliana

Seo thíos liosta iomlán na mbuaiteoirí ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2024.

SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA DO DHAOINE ÓGA
M’Ainm Mo Scéal – Ronin Films

COLÚNAÍ NA BLIANA
Siún Ní Dhuinn – RTÉ Gaeilge

SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA

An tSeachtain le Máirín Ni Ghadhra – RTÉ Raidió na Gaeltachta

CLÁR TEILIFÍSE / SCANNÁN NA BLIANA
Viva Mary – Rúnda Productions

IRISEOIR NA BLIANA
Pádraic Ó Ciardha – Tuairisc.ie

PEARSA RAIDIÓ NA BLIANA
Micheál Ó Tuathail – RTÉ Raidió na Gaeltachta

PEARSA TEILIFÍSE NA BLIANA
Aoife Ní Thuairisg – TG4

CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ POBAIL
Aiteall – Raidió Pobail Chonamara

CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ TRÁCHTÁLA
Splanc – Newstalk

SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA
Ag Triall ar an Tobar – Midas Productions

CRAOLTÓIR SOLABHARTHA NA BLIANA
Michelle Nic Grianna – RTÉ Raidió na Gaeltachta

SCANNÁN NA BLIANA 
Kneecap – Fine Pint Films, Mother Tongues Films, TG4, Wildcard

RÉALTA ÓG NA BLIANA
Aisling Ní Dhonnabháin – Raidió Rí-Rá

Fág freagra ar 'Pádraic Ó Ciardha ó Tuairisc i measc na mbuaiteoirí ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2024'

  • Kevin Hickey

    Comhghairdeachas leat, a Phádraic!