Os cionn 1,100 duine marbh sa choimhlint idir Hamas agus Iosrael

Tuairiscíodh aréir go raibh ar a laghad 700 Iosraelach agus os cionn 400 Palaistíneach marbh sa choimhlint is géire idir an dá thaobh le fada an lá

Os cionn 1,100 duine marbh sa choimhlint idir Hamas agus Iosrael

Tá os cionn 1,100 duine marbh sa choimhlint is déanaí idir Hamas agus Iosrael ar cuireadh tús léi Dé Sathairn nuair a thrasnaigh míleataigh as Gaza an teorainn chun ionsaí gan choinne a dhéanamh ar Iosraelaigh.

Maraíodh na céadta Iosraelach in ionsaí Hamas, ionsaí a spreag ionsaithe ón aer ar Gaza.

Thug lucht tarrthála le fios gur thángthas ar 250 corp ag láthair fhéile cheoil in Iosrael a ndearna Hamas ionsaí uirthi Dé Sathairn.

Tuairiscíodh aréir go raibh ar a laghad 700 Iosraelach agus os cionn 410 Palaistíneach marbh sa choimhlint is géire idir an dá thaobh le fada an lá. Os cionn 2,000 duine a bhí gortaithe in Iosrael agus dúradh go raibh os cionn 2,000 gortaithe chomh maith i stráice Gaza.

D’fhógair Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu inné go raibh sé ina chogadh agus dúirt sé gur “cogadh crua agus fada” a bheadh ann. Bhí fórsaí Iosrael ag dul ar an ionsaí, a dúirt sé, agus leanfadh an t-ionsaí sin ar aghaidh “gan srian ná sos” nó go mbainfí a aidhmeanna amach.

D’fhógair Stáit Aontaithe Mheiriceá a thuilleadh tacaíochta míleata d’Iosrael agus chuir siad le líon na saighdiúirí atá acu sa cheantar.

 

Fág freagra ar 'Os cionn 1,100 duine marbh sa choimhlint idir Hamas agus Iosrael'